An Ghaillimh Istoíche: Lainseáiltear Treoir Ar Líne 'Cad tá ar Siúl' ag Nochtadh Mhealltacht na Cathrach um Thráthnóna agus Istoíche 

An Ghaillimh Istoíche: Lainseáiltear Treoir Ar Líne 'Cad tá ar Siúl' ag Nochtadh Mhealltacht na Cathrach um Thráthnóna agus Istoíche 

urtha tugtha do Ghnólachtaí agus Eagraitheoirí Ócáidí bheith Liostaithe Saor in Aisce ar ThisisGalway.ie/NightTime

Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le This is Galway, tionscadal nua píolótach a fhógairt chun geilleagar oíche beoga na cathrach a chur i láthair agus a chur chun cinn. Fónfaidh treoir dhigiteach thiomnaithe "What's On" mar mhol lárnach i gcomhair gach ócáide agus gníomhaíochta atá ar siúl i gCathair na Gaillimhe tar éis 6pm, sa chaoi go mbeidh sé níos fusa ná ariamh do theaghlaigh, beadaithe, lucht tóra ar an gceol, saineolaithe ar an dráma nó siopadóirí déanacha fáil amach cad tá ar siúl i gcén áit ar fud na cathrach. Tugtar cuireadh do ghnólachtaí agus eagraitheoirí ócáidí sa chathair a gcuid ócáidí a chur leis an treoir saor in aisce. Féach ThisisGalway.ie/NightTime

Tá an treoir ‘Galway by Night’ le fáil ar an suíomh idirlín This is Galway, acmhainn a úsáideann breis is 1 mhilliún cuairteoir agus daoine de mhuintir na háite araon gach bliain, chun bia, siopadóireacht, nithe is maith le turasóirí, ócáidí teaghlaigh agus ócáidí eile sa chathair a aimsiú.  Cuirfear an treoir seo in iúl go rialta do bhreis is 220,000 leantóir meán sóisialta agus na milliúin eile a amharcann ar chainéil This is Galway gach mí.

Beidh páirt shuntasach ag Galway by Night ar This is Galway.ie, ag cur os comhair an phobail ócáidí agus gníomhaíochtaí a bheidh lena reáchtáil tar éis 6pm. Aistreoidh an suíomh idirlín féin go dinimiciúil go dtí téama "Galway by Night" ó 6pm ar aghaidh.  

Adúirt Kate Howard, Comhairleoir maidir le Geilleagar na hOíche ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe tábhacht agus suntasacht gheilleagar oíche na Gaillimhe, agus is céim bhunúsach é seo chun beogacht agus ilghnéitheacht an gheilleagair sin a chur i láthair ina n-iomláine." "Beidh an treoir dhigiteach 'What's On' mar acmhainn róluachmhar do mhuintir na háite agus cuairteoirí araon, sa chaoi go mbeidh sé níos fusa ná ariamh eispéiris ar leith na Gaillimhe um thráthnóna agus istoíche a aimsiú agus sult a bhaint astu." 

Freagairt dhíreach forbairt an tionscnaimh seo ar aiseolas a bailíodh le linn an phróisis chomhairliúcháin i gcomhair an phlean aicsin do gheilleagar na hoíche. Réimse bunúsach a sainaithníodh mar réimse a raibh feabhsú de dhíth air ná cur in iúl gníomhaíochtaí i gCathair na Gaillimhe istoíche.

Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh píolótach: 

  • Feasacht a ardú: Déan deimhin de go mbíonn gach duine ar an eolas maidir leis na heispéiris iontacha atá le fáil i nGaillimh istoíche. 
  • Cuir le tuairim an chuairteora: Cuir domhan ilghnéitheach, dinimiciúil na cathrach istoíche i láthair. 
  • Cruthaigh teachtaireachtaí comhsheasmhacha: Cuir guth aontaithe i láthair maidir le Geilleagar Oíche na Gaillimhe, ag aibhsiú na beogachta agus na sábháilteachta a bhaineann leis.    

Glaoch ar Ghníomh: Cuir an Ócáid nó an Ghníomhaíocht Agat Chun Cinn
Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh do ghnólachtaí, grúpaí cultúrtha, ealaíontóirí, ionaid, agus eagraíochtaí pobail atá ag óstáil ócáidí poiblí i gcroí-cheantar gnó lár na cathrach agus Bhóthar na Trá tar éis 6pm páirt a ghlacadh sa treoir "What's On" – saor in aisce. 

Chun bheith páirteach, níl le déanamh agat ach r-phost a chur chuig Kate Howard, Comhairleoir maidir le Geilleagar na hOíche ag Cathair na Gaillimhe, ag Kate.Howard@GalwayCity.ie agus achoimre ghearr ar an ócáid agat in éineacht leis. Gheobhaidh tú ansin cód speisialta chun rochtain ar an leathanach ócáidí, áit is féidir leat na mionsonraí go léir is gá a chur isteach agus a bhfuil le tairiscint agat a chur chun cinn. 

Adúirt freisin Ado Lyons, Feidhmeannach don Mhargaíocht Dhigiteach ag This is Galway, "Misnímid gach duine chun bheith páirteach agus cabhrú linn cruth a chur ar chultúr agus geilleagar oíche na cathrach. Cuirimis le chéile mealltachtaí na Gaillimhe Istoíche os comhair an phobail." 

Déan taiscéaladh digiteach ar Shaol Oíche na Gaillimhe 

I dteannta leis an treoir "What's On", is féidir cheana féin le cónaitheoirí agus cuairteoirí taiscéaladh a dhéanamh ar shaol oíche na Gaillimhe trí na 7 mboth idirghníomhacha "Léibheann Digiteach" atá le fáil ar fud na cathrach. Tá athearraíocht bainte as na bothanna fóin seo agus tairgtear leo scáileáin tadhallíogaire agus rochtain bheo acu ar leathanach "What's On" This is Galway, ag cur eolais ar fáil ar ócáidí agus eile.   

Bíodh taithí agat ar Ghaillimh Istoíche: ThisisGalway.ie/NightTime