An bhfuil Bithéagsúlacht agus Oidhreacht Nádúrtha Tábhachtach duit? Ar Mhaith Leat an Nádúr a Chosaint? Bíodh do Chead Cainte Agat!

Are Biodiversity and Natural Heritage Important to you? Would you like to Protect Nature? Have your Say!

Tá ionchur á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ón bpobal ar Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil 2025-2030.

Tá aighneachtaí á lorg ón bpobal, ó ghrúpaí agus ó eagraíochtaí le linn na chéad chéime seo d'ullmhú an phlean. Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná deireadh gnó an 27 Méan Fomhair.

Is féidir an fhoirm a chomhlánú ar líne ag www.GalwayCity.ie/Biodiversity-Plan nó scríobh chugainn ag: Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste Gaillimh, H91 X4KB, nó: Parks.Department@GalwayCity.ie.

Tionólfar seisiúin i Leabharlann Chathair na Gaillimhe ar Shráid San Aibhistín, i Leabharlann an Haile Bháin agus i Leabharlann Westside, áit ar féidir leat na foirmeacha a líonadh isteach.

Seo a leanas na seisiúin:

Leabharlann Chathair na Gaillimhe Láir

  • Dé Máirt 17 Méan Fomhair 5:30 – 7:30in
  • Dé Máirt 24 Méan Fomhair 12:00 – 2:00in


Leabharlann an Bhaile Bháin

  • Dé Ceadaoin 19 Méan Fomhair 11am – 1:00in


Leabharlann Westside

  • Dé hAoine 27 Mean Fomhair 12:00 – 2:00in

 

Tá Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta an Údaráis Áitiúil deartha chun cur chuige struchtúrtha a sholáthar do chaomhnú na bithéagsúlachta ag leibhéal an údaráis áitiúil. Leagann sé amach na cuspóirí, na straitéisí agus na gníomhartha a theastaíonn chun bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú laistigh de limistéir údaráis áitiúil faoi seach.

Trí pháirt a ghlacadh sa chéim chomhairliúcháin réamhdhréachta, is féidir leat cabhrú le saincheisteanna agus riachtanais áitiúla a aithint agus cabhróidh tú le gníomhartha a chruthú agus a fhorbairt chun bithéagsúlacht i gCathair na Gaillimhe a chosaint agus a fheabhsú.

Bhí trí chuspóir ag an bplean gníomhaíochta roimhe seo, Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe 2014 – 2024:

  • Feasacht agus léirthuiscint ar bhithéagsúlacht a ardú
  • Bithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú laistigh den chathair
  • Ár n-eolas agus ár dtuiscint ar bhithéagsúlacht a mhéadú.


D'achtaigh sé roinnt gníomhaíochtaí le linn na ndeich mbliana chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear ról an Oifigigh Bithéagsúlachta a cheapadh, fóram bithéagsúlachta a bhunú, clár feasachta bithéagsúlachta, oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus go leor eile. I measc na dtionscnamh a rinneadh le déanaí tá Píolótach Caomhnaithe Dhún Gainimh Thrá Grattan, tionscadal féaraigh caomhnaithe Buaile Bó Bhaile an Locháin, Cúinne na nGiorria, Féile na mBeach Fiáine, scéim phíolótach Phlandálaí Ghairdín Báistí, Straitéis Speicis Ionracha agus Ceardlanna Óige Bithéagsúlachta chun cúpla ceann a lua.

 

Is é an t-athbhreithniú ar an bplean reatha do na cúig bliana amach romhainn ó 2025 go 2030 ná freagairt d'athruithe inár n-éiceachórais, reachtaíocht Eorpach agus náisiúnta, beartas agus Treoracha amach anseo.

Léigh tuilleadh ag www.GalwayCity.ie/Bitheagsulacht

Tacaíonn an Chomhairle Oidhreachta leis an bPlean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht.