Is eagraíocht é Aoisbhá Éireann atá freagrach as an gClár Náisiúnta Aoisbhá, atá cleamhnaithe le Líonra Domhanda na gCathracha agus na bPobal Aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte [EDS].
Féadfaidh Coistí Forbartha Pobail Áitiúla tacú le grúpaí pobail agus le tionscadail phobail a laghdaíonn an bhochtaineacht agus a chuireann cuimsiú sóisialta chun cinn.
Forbraíonn údaráis áitiúla cláir chun úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn chun seachadadh seirbhíse, beartas agus teagmháil le pobail a fheabhsú.
Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le comhpháirtithe Eorpacha eile, páirt a ghlacadh i gcláir ar athrú aeráide, ídiú fuinnimh, forbairt eacnamaíoch agus turasóireachta agus cáilíocht na beatha.
De réir mar a fhásann Cathair na Gaillimhe, is amhlaidh atá an gá atá againn le spásanna caitheamh aimsire, scíthe, súgartha agus dúlra. Ar an ábhar sin, tá Straitéis um Spáis Ghlas á forbairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi láthair.