Straitéis um Spáis Ghlas na Gaillimhe

De réir mar a fhásann Cathair na Gaillimhe, is amhlaidh atá an gá atá againn le spásanna caitheamh aimsire, scíthe, súgartha agus dúlra. Ar an ábhar sin, tá Straitéis um Spáis Ghlas á forbairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi láthair.

De réir mar a fhásann Cathair na Gaillimhe, is amhlaidh atá an gá atá againn le spásanna caitheamh aimsire, scíthe, súgartha agus dúlra. Ar an ábhar sin, tá Straitéis um Spáis Ghlas á forbairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi láthair.

Bainfidh an chomhairle úsáid as an straitéis seo chun cinntí a mbaineann lena leithéid ar nós clóis súgartha agus áiseanna faoin aer nua a thógáil, agus ag an am céanna ag feabhsú oidhreacht nádúrtha agus thógtha Cathair na Gaillimhe.

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ARUP le tacaíocht ó Connect the Dots cuireadh a thabhairt do gach duine i bpobal Chathair na Gaillimhe a dtuairimí a thabhairt maidir le conas is féidir páirceanna, coillearnacha agus tránna Chathair na Gaillimhe a chosaint agus a fheabhsú.

Tá eolas áitiúil agus aiseolas faoi pháirceanna, choillearnacha agus thránna na cathrach agus conas is féidir iad a fheabhsú ríthábhachtach i bhforbairt na Straitéise seo. Nuair is indéanta agus tairbheach, déanfar moltaí a gheofar le linn an chomhairliúcháin phoiblí a ionchorprú sa Straitéis um Spáis Ghlas.

Conas is féidir liom a bheith páirteach?

Céim 1:  
Suirbhé: Is féidir leat suirbhé gairid a chomhlánú, atá ar fáil ar líne agus i gcóip chrua i leabharlanna na cathrach. Seo deis duit insint dúinn faoin gcaoi a n-úsáideann tú páirceanna, coillearnacha agus tránna na cathrach agus conas is féidir iad a fheabhsú. Tá fáilte roimh aiseolas roimh 04.06.2023.  Is féidir an leagan ar líne a fháil anseo chomh luath agus atá sé ar fáil.

Suirbhé ginearalta (le comhlánu ag daoine fásta)

Suirbhé don Óige (le comhlánu ag daoine óga)

Céim 2: 
Ceardlanna: Bígí linn ag ceann dár gceardlanna. Beidh 3 cinn san iomlán ar siúl ar fud Chathair na Gaillimhe. Deis a bheidh anseo do mhuintir na Gaillimhe aiseolas níos mionsonraithe a thabhairt ar a dtaithí pearsanta féin agus moltaí a thabhairt maidir le conas a d’fhéadfaí páirceanna, tránna agus coillearnacha na cathrach a fheabhsú nó cur leo (Tabhair faoi deara go mbeidh na 3 cheardlann mar a chéile ach athdhéanta chun solúbthacht a sholáthar - mar sin ní gá duit ach freastal ar sheisiún amháin!

Cláraigh le haghaidh ceardlann in aice leat: Clárú Ceardlann

Céim 3: 
Cruinniú Poiblí: Tar chuig ár gcruinniú poiblí. Deis a bheidh anseo le cloisteáil faoi na príomhthorthaí ó na ceardlanna agus faoin gcaoi ar cuireadh aiseolas ar fáil do dhearadh na straitéise go dtí seo. Beidh sé seo an deis dheireanach le haghaidh aon aiseolas deiridh ar an straitéis.

Céim 4:
Seimineár Gréasáin: Éist lenár seimineár gréasáin, áit a gcuirfear an straitéis agus an plean forfheidhmithe críochnaithe i láthair don phobail. Beidh an ócáid seo ar siúl ar líne. 

 

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn le haon cheist ag info@connectthedots.ie. Bain úsáid as ‘Straitéis um Spáis Ghlas na Gaillimhe’ mar chur síos ar an ábhar ar do ríomhphost.