Is Tionscnamh nua é Spásanna Glasa Sláintiúla a rinne an Roinn Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta in 2019 agus tar éis próiseas roghnóireachta tá sé ag obair anois le roinnt grúpaí pobail / cónaitheoirí sa chathair ar thionscadal a mheastar a mhairfidh cúig bliana.
De réir mar a fhásann Cathair na Gaillimhe, is amhlaidh atá an gá atá againn le spásanna caitheamh aimsire, scíthe, súgartha agus dúlra. Ar an ábhar sin, tá Straitéis um Spáis Ghlas á forbairt ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi láthair.
Measann Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil ár dtránna ar cheann de na háiseanna caitheamh aimsire is luachmhaire atá ar fáil d’áitritheoirí agus do chuairteoirí Chathair na Gaillimhe. Tá ceithre thrá ainmnithe i limistéar Chathair na Gaillimhe.