Tránna

Measann Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil ár dtránna ar cheann de na háiseanna caitheamh aimsire is luachmhaire atá ar fáil d’áitritheoirí agus do chuairteoirí Chathair na Gaillimhe. Tá ceithre thrá ainmnithe i limistéar Chathair na Gaillimhe.

Cá bhfuil na tránna i gCathair na Gaillimhe?

Measann Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil ár dtránna ar cheann de na háiseanna caitheamh aimsire is luachmhaire atá ar fáil d’áitritheoirí agus do chuairteoirí Chathair na Gaillimhe.

Tá ceithre thrá ainmnithe i limistéar Chathair na Gaillimhe:

  • Bóthar na Trá
  • Trá na gCeann
  • Baile an Locháin
  • Grattan

Breathnaigh ar léarscáil de láthair na dtránna

Trá Bhóthar na Trá
Tá cúpla trá beag i gceist leis trá i mBóthar na Trá agus iad scartha ag lomáin. Tá idir thránna gainimh agus tránna duirlinge i gceist. Tá siad suite i gCathair na Gaillimhe agus ar Chuan na Gaillimhe, Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta.

Beidh Seirbhís Garda Tarrthála ann gach deireadh seachtaine i rith mhí Mheithimh agus gach lá i rith mhíonn a Iúil agus Lúnasa.

Tá brat gorm ag trá Bhóthar na Trá ó 2006 i leith agus déantar monatóireacht ar chaighdeán an uisce snámha go rialta ar feadh an tséasúir snámha.

Breathnaigh ar thorthaí chaighdeán an uisce snámha.

Breathnaigh ar léarscáil de láthair na dtránna

Trá na gCeann
Tá trá shábháilte, éadomhain, gainimh atá thart ar 0.25km ar fad ag Trá na gCeann. Tá aill ar thaobh amháin den trá agus carraigeacha ar an taobh eile. Tá an-tóir ag teaghlaigh óga go háirithe ar an trá seo agus tá sí an-oiriúnach dóibh. Tá sí suite díreach os comhair Chuan na Gaillimhe agus radharc breá uaithi.

Tá promanáid ansin agus is féidir le thart ar 60 feithicil páirceáil ann. Tá an trá oiriúnach le dul ag snámh ann nuair a bhíonn an taoide íseal ach bíonn an trá clúdaithe den chuid is mó nuair a bhíonn sé ina lán mara.

Beidh Seirbhís Garda Tarrthála ann gach deireadh seachtaine i rith mhí Mheithimh agus gach lá i rith mhíonn a Iúil agus Lúnasa.

Tá brat gorm ag Trá na gCeann ó 2006 i leith agus déantar monatóireacht ar chaighdeán an uisce snámha go rialta ar feadh an tséasúir snámha.

Breathnaigh ar thorthaí chaighdeán an uisce snámha.

Breathnaigh ar léarscáil de láthair na dtránna

Trá Bhaile an Locháin
Tá Baile an Locháin ar cheann de na tránna is spleodraí i nGaillimh le breathnú ar shaol an chladaigh ann. Nuair a bhíonn an taoide tráite bíonn go leor den chladach nochta agus is féidir é a shiúl gan stró. Feiceann cuairteoirí ainmhithe a bhíonn ag cur fúthu i limistéir ghainimh, charraigeach agus thaoide agus iad ar fad ar stráice cladaigh amháin. Is limistéar tábhachtach iasclainne é d’éisc leathógacha óga ar nós leathóige agus leith, agus faightear séaclaí, dreancaidí trá, feamainn agus portáin ann freisin.

Déantar monatóireacht ar chaighdeán an uisce snámha go rialta ar feadh an tséasúir snámha.

Breathnaigh ar thorthaí chaighdeán an uisce snámha.

Breathnaigh ar léarscáil de láthair na dtránna

Trá Grattan

'Saotharlann Beo' Tionscadal Píolótach Fálú Dumhcha le tosú i mí an Mheithimh 2023

Is trá gainimh í Trá Grattan atá suite díreach roimh Bhóthar na Trá. Sna limistéir idirthaoideacha idir an trá agus Inis Caorach agus Cé Nimmo in aice láimhe tá an dlús is airde d’éin gheimhrithe i limistéar Chathair na Gaillimhe. Ina theannta sin, tá raon beatha mhuirí ar an trá agus is áit iontach í le haghaidh lá súgartha don teaghlach ar fad agus iad ar thóir portán faoi charraigeacha agus ag baint an-taitneamh as an radharc ar Chuan na Gaillimhe.

Déantar monatóireacht ar chaighdeán an uisce snámha go rialta ar feadh an tséasúir snámha.

Breathnaigh ar thorthaí chaighdeán an uisce snámha.

Breathnaigh ar léarscáil de láthair na dtránna

Cá bhfuil na Tránna Brait Ghoirm i gCathair na Gaillimhe?

Tá an Feachtas Brait Ghoirm ar cheann de na héicilipéid is fearr aithne, is luachmhaire agus is mó meas ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Bronntar é ar thránna agus ar mhuiríní a bhfuil sárbhainistiú comhshaoil á dhéanamh orthu.

Chun Brat Gorm a bhaint amach, caitheann tránna 32 critéar dian a chomhlíonadh ina gcumhdaítear caighdeán an uisce, bainistiú trá/muiríne, sábháilteacht, seirbhísí agus áiseanna, oideachas agus faisnéis maidir leis an gcomhshaol.

Tá dhá thrá Brait Ghoirm ag Cathair na Gaillimhe i láthair na huaire – Trá Bhóthar na Trá agus Trá na gCeann.

Breathnaigh ar léarscáil de láthair na dtránna

Tá Gradam Cósta Ghlais freisin ag Bóthar na Trá agus ag Trá na gCeann agus tá ról tábhachtach ag an dá áit mar limistéir áineasa, caitheamh aimsire agus conláiste cois cósta le haghaidh chathair na Gaillimhe.

Is iontach an t-éacht don chathair na brait ghorma agus gradaim chósta ghlais a bhronnadh ar a cuid tránna agus is sócmhainn mhór iad do na daoine a chónaíonn sa chathair agus ar ndóigh do dhaoine a thugann cuairt ar an gcathair.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin mBrat Glas, téigh chuig www.blueflag.org

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Gradaim Chósta Ghlais, téigh chuig www.beachawards.ie/green-coast/  

An mbíonn gardaí tarrthála ar na tránna i gCathair na Gaillimhe?

Oibríonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe, seirbhís garda tarrthála ar tránna i rith an tséasúr snámha. Beidh Seirbhís Garda Tarrthála ann gach deireadh seachtaine i rith mhí Mheithimh agus gach lá i rith mhíonn a Iúil agus Lúnasa.

Earcaítear gardai tarrthála san earrach de ghnáth gach bliain and cuirtear are uainchlár iad idir na tránna in aice láimhe sa chontae.

Cuirtear sonraí maidir le folúntais in airde sa rannóg Acmhainní Daonna de shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe – http://www.galwaycoco.ie/ agus sna nuachtáin áitiúla.

An gceadaítear madraí ar na tránna i gCathair na Gaillimhe?

Ní cheadaítear madraí ar thránna ná in uiscí thránna Chathair na Gaillimhe idir 9am agus 8pm i rith mhíonna na Bealtaine, an Mheithimh, Iúil, Lúnasa agus Mheán Fómhair.

Roimh 9am agus tar éis 8pm idir mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair, ceadaítear madraí ar an trá ach iad a bheith ar éill agus nach bhfuil siad contúirteach ná ag cur isteach ar dhaoine.

Is cuid de na fodhlíthe maidir le smacht ar mhadraí iad na coinníollacha sin le haghaidh Chathair na Gaillimhe agus baineann siad le tránna Bhóthar na Trá, Grattan, Bhaile an Locháin agus Thrá na gCeann agus lena gcuid uiscí.

Níl aon tionchar ag na fodhlíthe sin ar limistéir phromanáide.

Breathnaigh ar na Fodhlíthe um Rialú Madraí 2008.

Cé chomh minic is a ghlantar na tránna i gCathair na Gaillimhe?

Is féidir Glanadh Tránna a roinnt ina dhá chatagóir:

  • Piocadh Bruscair
  • Cruinniú Feamainne

Pioctar bruscar gach lá ar na tránna i gcathair na Gaillimhe i rith an tséasúir snámha.
Cruinnítear an fheamainn nuair is gá.

Cé chomh minic is a thástáiltear caighdeán an uisce?

Déantar monatóireacht ar chaighdeán an uisce i ngach trá i gCathair na Gaillimhe go rialta i rith an tséasúir snámha. Déantar monatóireacht ar pharaiméadair mhicribhitheolaíochta agus fhisiciceimiceacha an uisce snámha de réir Fhéilire an Uisce Snámha agus cuirtear isteach chuig an EPA iad lena chinntiú go gcloítear leis na caighdeáin riachtanacha le haghaidh uisce snámha.

Taispeántar na torthaí ar na cláir fógraí ag gach trá ar bhonn rialta.

Cliceáil anseo chun breathnú ar thorthaí chaighdeán an uisce snámha le haghaidh tránna i nGaillimh agus timpeall na tíre ar shuíomh gréasáin Beaches.ie (https://www.beaches.ie/).
Tugann suíomh gréasáin Beaches.ie eolas ar chaighdeán an uisce snámha, agus tarraingítear aird ar aon rabhadh nó fógraí reatha le haghaidh limistéir áirithe uisce.

Cén chaoi a bhfaighidh mé eochair le haghaidh na Seomraí Feistis ag Trá Bhóthar na Trá?

Tá áiseanna seomraí feistis ar Thrá Bhóthar na Trá. Is féidir eochracha le haghaidh na seomraí feistis a cheannach ag an Deasc Seirbhísí do Chustaiméirí i Halla na Cathrach ar tháille €10.

Cé dhó a dtabharfaidh mé tuairisc faoi bhaoi tarrthála atá imithe amú?

Coinníonn an Chomhairle Cathrach baoithe tarrthála feadh na dtránna agus na n-uiscebhealaí atá fud fad na cathrach.

Cuirtear na baoithe tarrthála sin sna háiteanna sin ionas go mbeifear in ann beatha duine a thabhairt slán i gcás go dtarlódh aon timpiste.

Gach bliain caitear líon mór díobh sin a athsholáthar, mar go ndéantar loitiméireacht orthu nó go ndéanann an pobal damáiste dóibh go hiondúil. Ba mhór an feall é dá gcuirfí saol duine i mbaol de bharr an chineáil sin iompair nach dtaitníonn le haon duine.

Moltar do gach duine a bheith freagrach agus labhairt amach má fheiceann siad iompar den sórt sin

Tabhair tuairisc faoi Bhaoi Tarrthála a bhfuil damáiste déanta dó nó atá imithe amú.

Nó, déan teagmháil leis an Rannán Comhshaoil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe

Cén chaoi a n-eagróidh mé Glantachán Trá?

Pioctar suas an bruscar ar na tránna i gCathair na Gaillimhe gach lá ar feadh an tséasúir snámha. Níl aon ghlantacháin ghinearálta beartaithe faoi láthair. Mar sin féin dá mba mhaith leat glantachán trá a eagrú, déan teagmháil leis an Rannán Comhshaoil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe; cuir ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie nó glaoigh ar 091 536960.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig Clár na gCóstaí Glana, atá á rith ag an Taisce.

An eagraítear aon Ghníomhaíochtaí Trá ar na tránna i gCathair na Gaillimhe?

Bíonn roinnt imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar bun ar thránna Chathair na Gaillimhe ar feadh na bliana ar fad.

  • Safari Tránna
    Eagraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le Atlantaquaria na Gaillimhe, Uisceadán Náisiúnta na hÉireann, safari tránna i rith an tsamhraidh a chuireann ar chumas daoine fásta agus leanaí fáil amach faoin mbeatha mhuirí iontach atá ar a gcuid tránna. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Atlantaquaria na Gaillimhe.
  • Tionscadail scoile
    Mar chuid den téama uisce i scoileanna glasa, cuireann go leor scoileanna tionscadail a bhaineann lenár dtránna i gcrích. Chun tuilleadh eolais a fháil ar scoileanna glasa, téigh chuig http://www.greenschoolsireland.org/. Ina theannta sin, cuireadh uisceadáin isteach i gceithre bhunscoil mar chuid de thionscadal oideachais tránna.
  • Ceardlanna eolaíochta
    Reáchtálann an Atlantaquaria i mBóthar na Trá sraith ceardlanna eolaíochta agus imeachtaí bunaithe ar an bhfarraige ó cheann ceann na bliana. Breathnaigh ar www.nationalaquarium.ie chun tuilleadh sonraí a fháil.

An féidir veain champála a pháirceáil sna limistéir pháirceála ag na tránna i gCathair na Gaillimhe?

Ceadaítear gnáthúsáid na n-áiseanna páirceála Íoc & Taispeáin i rith gnáthuaireanta. Mar sin féin,luaitear i bhFodhlíthe um Rialú Páirceála 2009Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go gcuirtear cosc sna háiteanna seo a leanas ar pháirceáil Teaghaisí Sealadacha soghluaiste (veaineanna campála, carbháin, tithe soghluaiste nó feithiclí eile) a úsáidtear le haghaidh cóiríochta.

  • R336 Promanáid Rinn na Mara (Bóthar Grattan - timpeallán D’Arcy)
  • R336 Bóthar na Trá Uachtarach (timpeallán D’Arcy - 100m siar ó Bhóthar na Mine)
  • LT50187 Céide na gCúig Céad (Promanáid Rinn na Mara - 102m soir ó thuaidh ón Uisceadán Náisiúnta)
  • LS05015 Bóthar Charraig Bhartúin (Bóthar na Trá Uachtarach - An Bóthar Riabhach)
  • LP01002/010/011/012/013 Bóthar Dáileacháin an Iarthair (Timpeallán Bhóthar an Easpaig Uí Dhónaill - Timpeallán Bhóthar na Ceapaí)

Cuirtear cosc freisin ar Theaghaisí Sealadacha a pháirceáil thar oíche i gcarrchlóis phoiblí.