Is eagraíocht é Aoisbhá Éireann atá freagrach as an gClár Náisiúnta Aoisbhá, atá cleamhnaithe le Líonra Domhanda na gCathracha agus na bPobal Aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte [EDS].
Féadfaidh Coistí Forbartha Pobail Áitiúla tacú le grúpaí pobail agus le tionscadail phobail a laghdaíonn an bhochtaineacht agus a chuireann cuimsiú sóisialta chun cinn.
Níl cead ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ach feithiclí a bhaint ó mhaoin phoiblí go hiondúil. Ní rachaidh an Chomhairle Cathrach isteach ar mhaoin phríobháideach chun feithicil a thógáil, mura bhfuil cás eisceachtúil i gceist.
Aibhsíonn an Plean Rialtais maidir le Maireachtáil le COVID-19: Teacht Aniar agus Téarnamh 2020-2021 an ról tábhachtach a bheas ag teacht aniar an duine aonair agus an phobail maidir leis an bhfreagra leanúnach atá againn ar COVID-19.
Tá sainmhíniú leathan ar bhruscar agus tá níos mó i gceist leis ná píosaí páipéir nó butaí toitíní a chaitheamh thart, is féidir leis a bheith beag nó mór, agus tá sé nó is féidir leis a bheith, mímhaiseach.