Tá sé mar aidhm ag Aonad Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gníomhaíocht eacnamaíoch a éascú agus a chur chun cinn ar fud na cathrach.
Aithníonn an Chomhairle a thábhachtaí atá an ról atá ag gnólachtaí sa gheilleagar agus tá sí tiomanta do phríomhghníomhaíochtaí a chur i gcrích a chabhraíonn le gnólachtaí ar bhonn laethúil. An tAonad Forbartha Eacnamaíochta ar tionscnamh de chuid na Roinne Pobail & Fiontar é:
Nuair a thugann an Chomhairle cóiríocht duit, bíonn tú i do chuid den phobal ina bhfuil cónaí ort. Ar an ábhar sin, molann an Chomhairle duit bheith rannpháirteach go gníomhach i saol an eastáit.
Local Property Tax (LPT) is an annual tax charged on all residential properties in the State and came into effect in 2013. A half-year payment was due in 2013, with a full-year payment due thereafter from 2014. The LPT is collected by the Revenue Commissioners.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do chaighdeán maireachtála a fheabhsú do thionóntaí atá ina gcónaí i tithíocht phríobháideach ar cíos. Baintear é sin amach le cigireachtaí ar réadmhaoin phríobháideach ar cíos, i gcomhréir le Rialacháin Rialtais.
Tá cíosanna tithíochta Comhairle bunaithe ar chóras ar a dtugtar 'cíosanna difreálacha'. Bíonn an méid cíosa a íocann tú ag brath ar ioncam iomlán do theaghlaigh. Má thagann ardú ar d'ioncam, ardófar do chíos. Má thagann laghdú ar d'ioncam, laghdófar do chíos dá réir.
Forbraíonn údaráis áitiúla cláir chun úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn chun seachadadh seirbhíse, beartas agus teagmháil le pobail a fheabhsú.
Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le comhpháirtithe Eorpacha eile, páirt a ghlacadh i gcláir ar athrú aeráide, ídiú fuinnimh, forbairt eacnamaíoch agus turasóireachta agus cáilíocht na beatha.
Nuair a dhearbhófar go bhfuil riachtanas tithíochta ann, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe iarracht freastal ar an riachtanas sin tríd an bPlean Cóiríochta don Lucht Siúil a sheachadadh agus de réir na Scéime Tosaíochtaí Ligin.
Ullmhaíonn údaráis áitiúla straitéisí chun geilleagair dhigiteacha, bonneagar digiteach, scileanna digiteacha, sochaithe digiteacha agus seirbhísí digiteacha a fhorbairt agus a chur chun cinn. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.