Ní hamháin go bhfuil Dumpáil Mhídhleathach gránna, ach déanann sí an-dochar do thimpeallacht agus d’fhiadhúlra na cathrach freisin. Guais fhéideartha tine agus baol don tsláinte phoiblí atá inti freisin.
Féadfaidh údaráis áitiúla, in éineacht le soláthraithe iompair phoiblí, saoráidí páirceála agus taistil a sholáthar ionas gur féidir le daoine a gcarr a pháirceáil i gcarrchlós ainmnithe agus aistriú chuig iompar poiblí.
Páirceáil Íoc agus Taispeáin an cineál páirceála is coitianta atá ar fáil i gCathair na Gaillimhe. Ceannaíonn tú ticéad ó mheaisín Íoc agus Taispeáin roimh ré a cheadaíonn duit páirceáil ar shráideanna cathrach sainithe nó i gcarrchlóis phoiblí, ar feadh tréimhse ama áirithe. Caithfear an ticéad Íoc agus Taispeáin a thaispeáint go soiléir ar dheais d’fheithicle.
Is ionann Feithicil a bhfuil a Ré Caite agus seancharr nó seanveain nach bhfuil níos troime ná 3,500kg nó mótarfheithicil trírothach a bhraitear nach bhfuil sábháilte le tiomáint níos mó agus ar mian leat a chur de láimh. D'fhéadfadh sé freisin gur carr nó veain a bheadh i gceist atá díscríofa ag comhlacht árachais mar gheall ar thimpiste.