Ní hamháin go bhfuil Dumpáil Mhídhleathach gránna, ach déanann sí an-dochar do thimpeallacht agus d’fhiadhúlra na cathrach freisin. Guais fhéideartha tine agus baol don tsláinte phoiblí atá inti freisin.
I rith na bliana, cabhraíonn grúpaí an phobail, grúpaí gnó, cumainn áitritheoirí, coláistí agus scoileanna lenár gCathair álainn a choinneáil slachtmhar trí pháirt a ghlacadh i nglanacháin an phobail.
Is ionann Feithicil a bhfuil a Ré Caite agus seancharr nó seanveain nach bhfuil níos troime ná 3,500kg nó mótarfheithicil trírothach a bhraitear nach bhfuil sábháilte le tiomáint níos mó agus ar mian leat a chur de láimh. D'fhéadfadh sé freisin gur carr nó veain a bheadh i gceist atá díscríofa ag comhlacht árachais mar gheall ar thimpiste.