Draenáil

Tá mo leithreas blocáilte / ní féidir é a shruthlú – céard a dhéanfaidh mé?

  • Mura bhfuil tú in ann an t-uisce a shruthlú i do leithreas – i.e. nuair a tharraingíonn tú é, ní thagann aon uisce isteach sa leithreas – tá sé ag tarlú toisc nach bhfuil dóthain uisce i d’umar stórála uisce thuas san áiléar (níl sé ag líonadh isteach le huisce).

    Seiceáil sconna an uisce fhuair sa doirteal sa chistin; mura bhfuil aon uisce ann, b’fhéidir go bhfuil an soláthar uisce casta as.
    Cliceáil anseo go bhfeicfidh tú an bhfuil aon eolas faoi aon bhriseadh ar an soláthar uisce i do cheantar.

    Má tá uisce i do sconna uisce fhuair sa chistin, ansin níl aon fhadhb leis an bpríomhsholáthar uisce. Is dóigh go mbaineann an fhadhb le cúrsaí pluiméireachta i do theach agus ba cheart duit dul i dteagmháil le do phluiméir.

    Má tá do leithreas blocáilte ba cheart duit labhairt le do phluiméir a bheidh in ann an scéal a chur ina cheart. Má cheapann an pluiméir go bhfuil an fhadhb taobh amuigh den teach agat, ba cheart duit glaoch ar Uisce Éireann ar an bpríomhlíne phoiblí ar 1850 278 278 chun tuairisc a thabhairt faoin bhfadhb.

    Barr...

  • Cá bhfuil na leithris phoiblí i gCathair na Gaillimhe?

    Breathnaigh ar léarscáil de na háiteanna a bhfuil na leithris phoiblí sa chathair.

    Barr...

  • Tabhair tuairisc faoi fhadhb le leithreas poiblí

    Tabhair tuairisc faoi fhadhb le leithreas poiblí.

    Sin nó téigh i dteagmháil leis an bhfoireann seirbhísí do chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400.

    Barr...

  • Tabhair tuairisc faoi shéarachas atá ag cur thar maoil as dúnpholl ar an tsráid

    Má fheiceann tú séarachas ag cur thar maoil amach ar an tsráid, nó má thugann tú drochbholadh séarachais faoi deara, tabhair tuairisc d’Uisce Éireann ar 1850 278 278 faoi chomh luath agus is féidir.

    Barr...

  • Tabhair tuairisc faoi bholadh séarachais ar an tsráid

    Má fheiceann tú séarachas ag cur thar maoil amach ar an tsráid, nó má thugann tú drochbholadh séarachais faoi deara, tabhair tuairisc d’Uisce Éireann ar 1850 278 278 faoi chomh luath agus is féidir.

    Barr...

  • Tabhair tuairisc faoi Chumhdach Dúnphoill a bhfuil Torann ag teacht as

    Tabhair tuairisc faoi Chumhdach Dúnphoill a bhfuil Torann ag teacht as.

    Barr...

  • Tá dabhach shéarachais agam ar mo thalamh, cén sórt freagrachtaí atá orm?

    Má tá dabhach shéarachais agat nó córas cosúil leis, ní mór duit na sonraí a chlárú ar an suíomh gréasáin Cosain ár nUisce nó le d’údarás áitiúil agus táille chlárúcháin a íoc.
    Beidh ort clárú arís tar éis 5 bliana ach ní bheidh ort táille a íoc as an dara clárú ná as clárúcháin ina dhiaidh sin.

    Ba é an spriocdháta ginearálta i gcomhair clárúcháin an 1 Feabhra 2013, ach táthar ag glacadh le clárúcháin dheireanacha a i gcónaí.

    Má chláraíonn tú tar éis an spriocdháta, ní bheidh tú i dteideal deontas a fháil má theastaíonn obair athchóirithe ar do chóras.

    Ní mór córais nua a cuireadh isteach nó a tógadh tar éis an 1 Feabhra 2013 a chlárú taobh istigh de 90 lá ón lá a gceanglaítear leis an gcóras iad. Ní gá córais nua a chuirtear isteach in ionad córais a bhí cláraithe roimhe sin a chlárú astu féin.

    Cothabháil

    Ní mór d’úinéirí córais chóireála fuíolluisce tí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

    • Fios a bheith acu cá bhfuil a ndabhach shéarachais suite.
    • An córas a oibriú agus a chothabháil ionas go mbeidh sé ag obair i gceart agus mar is cóir dó.
    • A chinntiú nach féidir leis an gcóras an comhshaol a thruailliú trí dhramhaíl a scaoileadh amach nó a sceitheadh aon áit nach bhfuil sé ceaptha sin a dhéanamh, is é sin, síos sa talamh nó isteach in aon fhoinse uisce.
    • A chinntiú nach féidir le huisce ón díon nó rith uisce dromchla dul isteach i gcóras cóireála fuíolluisce tí.
    • An córas a ghlanadh amach de réir mar a bheidh oiriúnach do chumas an umair agus líon na ndaoine atá ina gcónaí san áit atá nasctha leis, nó mar a mholann déantúsóir an chórais. Ba cheart do chonraitheoir údaraithe an dí-shlodú a dhéanamh. Ba cheart duit an admháil ón gconraitheoir a choinneáil ar feadh 5 bliana.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Dhabhcha Séarachais, faoi Chlárú agus faoi cheisteanna coitianta eile, cliceáil anseo.

    Barr...

  • An ndéanfar cigireacht ar mo dhabhach shéarachais?

    Tá Plean Cigireachta Náisiúnta curtha i dtoll a chéile ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

    D’úsáid an Ghníomhaireacht cur chuige riosca agus an plean á fhorbairt.

    Tá cigireachtaí á ndéanamh faoi láthair faoin reachtaíocht nua. Ba cheart duit a bheith cúramach gan daoine gan chuireadh, nó daoine a bhíonn ag rá gur cigirí dabhach shéarachais iad, a scaoileadh isteach ar do thalamh.

    Tabharfaidh d’údarás seirbhísí uisce fógra foirmiúil duit má tá cigireacht le déanamh ar do chóras cóireála fuíolluisce tí. Beidh ar chigirí aitheantas a bheith ar iompar acu agus ba cheart duit é sin a iarraidh sula dtéann aon duine isteach ar do chuid talún.

    Chun tuilleadh eolais a fháil breathnaigh ar https://www.protectourwater.ie

    Barr...