Dírítear leis an gCiste ar thionscadail atá suite i gcathracha, i mbailte móra agus i sráidbhailte ina bhfuil cóir á dhéanamh do Dhaoine atá faoi Chosaint Shealadach nó do Dhaoine is Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, ina measc na bailte móra sin a roghnaíodh maidir le clár tithíochta mear-thógála. Is é atá de chuspóir leis an gCiste maoiniú a dhéanamh ar fhorbairt áiseanna a mbíonn leas astu go fadtéarmach ag an bpobal go hiomlán. Is Ciste seo atá ar leithligh ó chláracha cistíochta poiblí eile atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais seirbhíse poiblí a bhfuil gá láithreach leo mar gheall ar theacht isteach na ndaoine nua.
Tá €1,702,897 á chur ar fáil do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i leith na bliana 2024 faoin gCiste Aitheantais Pobail. Tá an chistíocht dírithe go sonrach ar chomharsanachtaí, ar shráidbhailte agus ar bhailte móra ina bhfuil dlús mór de dhaoine a tháinig le gairid agus ina bhfuil gá soiléir le hinfheistíocht i ngnéithe den bhonneagar. Ní féidir maoiniú a chur ar fáil do thionscadail i limistéir inar lú líon na ndaoine nua atá tagtha isteach.
Tionscadail chaipitil an cineál a bheidh inghlactha agus ní mór buntáiste go meántéarmach agus go fadtéarmach astu ag an bpobal agus iad a thabhairt chun críche i rith na mblianta 2025 agus 2026. Ní mór ar a laghad 50% den chiste leithroinnte a chaitheamh i rith na bliana 2025. Costas caipitil a íocfar as an gCiste agus ní bhainfear leas as maidir le costas leanúnach oibriúcháin ná costas reatha. €50,000 an ciste is lú is féidir a cheadú maidir le haon tionscadal faoi leith agus tá uasmhéid cistíochta €500,000 i bhfeidhm. Ní féidir tionscadail níos lú a ghrúpáil le chéile leis an íosmhéid €50,000 a shárú.
Áirítear ar na Tionscadail Chaipitil a bheadh Inghlactha:
- Forbairt, forfheabhsú nó athchóiriú ar áiseanna pobail nó cultúir, mar shampla ionaid súgartha, cosáin siúlóide, páirceanna, gairdíní pobail/céadfaí, cuibhrinn agus limistéir caitheamh aimsire.
- Forbairt, forfheabhsú nó athchóiriú ar áiseanna áitiúla cumainn agus spóirt, lena n-áirítear linn snámha pobail, seomraí feistis, leithris, agus áiseanna digiteacha (e.g. clár scóir, nó clár eolais).
- Forfheabhsú ar áiseanna scoile nó paróiste a bhíonn oscailte le húsáid ag an bpobal tar éis uaireanta scoile.
- Trealamh a cheannach do chumainn áitiúla, d’fhéilte, d’imeachtaí pobail nó d’eagraíochtaí (e.g. trealamh ceoil, ealaíne nó spóirt).
- Gnéithe den bhonneagar iompair a fhorbairt, lena n-áirítear feithiclí pobail a cheannach, scáthláin bus agus cláir eolais a ghabhann leo. (Ní mór gach feithicil a cheannaítear a bheith i gcaoi mhaith agus níos lú ná 5 bhliana d’aois.)
- Tionscadail trína dtugtar faoi thréigean áitribh agus/nó trína ndéantar maith maidir le haidhmeanna áitiúla don fhorbairt eacnamaíochta agus pobail.
- Foirgneamh atá folamh nó bánaithe a cheannach agus a athchóiriú d’úsáid an phobail, sa chás go bhfuil riachtanas soiléir sonraithe ina leith.
- Talamh a cheannach agus an obair a ghabhann le háiseanna pobail a fhorbairt, mar shampla, ionad spraoi, ionad cluichí ilúsáide, páirceanna i mbaile mór, gairdín pobail nó limistéar caitheamh aimsire. (Ní mór ceannach na talún a theacht faoi bhainistíocht an údaráis áitiúil.)
Tá d’aidhm le Ciste Aitheantais Pobail 2024 tairbhe leanúnach a chruthú don phobal agus cur leis an mbonneagar áitiúil an tráth céanna a ndéantar fónamh ó thaobh lánpháirtíocht agus maidir le dea-bhail ar na daoine nua atá tagtha isteach.
Deis Cistíochta 3
Tionscadail ar an Taobh Thoir de Chathair na Gaillimhe amháin a fhéadann cur isteach ar an gCistíocht seo.
€50,000 deontas i gcabhair is lú is féidir a cheadú maidir le haon tionscadal faoi leith agus tá uasmhéid deontais €300,000 i bhfeidhm.
Más mian leat iarratas a chur isteach, cliceáil ar an nasc: www.galwaycity.ie/crf
Is é an 4 i.n., Dé hAoine an 29 Samhain 2024 an tráth deireanach a nglacfar le hiarratas faoi Dheis 3.