
Tá €3.8 milliún bronnta ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin Scéim THRIVE (Athbheochan Oidhreachta Lár Bailte ar dTús) le hAmharclann Oileán Altanach a athchóiriú agus le hathchóiriú iomlán a dhéanamh ar Theach an Teampaill i gcúl na láithreach, atá folamh. Tá an tionscadal á mhaoiniú faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, tionscadal ina ndéanfar an dá fhoirgneamh a nascadh le hionad nua ilchuspóireach a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon in Oileán Altanach i gCathair na Gaillimhe. CreativeSpace a thabharfar air.
Thug Urban Lab Galway, thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Ollscoil na Gaillimhe, faoi Chomhairliúchán Poiblí in 2021 agus 2022 ar ról agus feidhmeanna na láithreach in Oileán Altanach agus ar an áit féin i dtírdhreach na cathrach ó thaobh na cruthaitheachta agus an chultúir de. As na freagraí ón gcomhairliúchán sin, fuarthas amach go raibh daoine ag iarraidh go mbeadh spás ilfheidhmeach ann lena úsáid do chleachtaí, stiúideonna, cruinnithe, imeachtaí agus riarachán.
Cuirfear spás cleachta agus léirithe ar fáil do phobal na n-ealaíon i nGaillimh san ionad CreativeSpace agus cuirfear an t-ionad chun cinn mar an spás is fearr ag cuideachtaí úra, ealaíontóirí agus pobail mhionlaigh i nGaillimh le tabhairt faoi shaothar nuálach ceannródaíoch.
Tá ráite ag ionadaí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimh ‘gurb é an cuspóir fadtéarmach atá taobh thiar den choincheap CreativeSpace ról Ionad Ealaíon na Gaillimhe a láidriú mar acmhainn luachmhar ag ealaíontóirí. Leis seo a bhaint amach, cuirfear amharclann Oileán Altanach chun cinn mar an rogha ionad do chuideachtaí amharclannaíochta agus taibhithe úra. Cuirfear spás ar fáil ar rátaí inacmhainne le go mbeidh ealaíontóirí i nGaillimh in ann a dtionscadail a chur ar an stáitse agus déanfar scileanna ealaíontóirí amaitéaracha a chothú inár gclár cuimsitheach treoraithe don óige’.
Agus é ag fáiltiú roimh bhronnadh an mhaoinithe, seo an méid a dúirt Alan Dillon TD, an tAire Stáit um Rialtas Áitiúil agus Pleanáil sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:
“Leis seo, an chéad fhógra de mhaoiniú oibreacha caipitiúla faoi THRIVE CFRE, beifear in ann foirgnimh thábhachtacha oidhreachta áirithe atá folamh nó dearóil a chaomhnú, a athchóiriú agus a chur i mbun úsáide arís. Cuirfear brí úr i lár bailte móra de thairbhe na dtionscadal seo i gcomhréir leis an gcur chuige sa phlean Lár Bailte ar dTús agus forbrófar áiseanna úra pobail agus cultúrtha do na glúnta atá le teacht. Táim ag tnúth chomh maith leis an gcéad sciar eile den mhaoiniú agus leis na buntáistí a thiocfaidh as an scéim iontach seo an athnuachan a spreagadh i mbailte móra ar fud na tíre sna blianta atá romhainn.”
Seo mar a labhair Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:
Na tionscadail cheannródaíocha don oiriúnú athúsáide, tá an-deiseanna ag baint leo athbheochan lár bailte móra a spreagadh. Táthar tar éis iad a chur le chéile i gcomhar le saoránaigh na háite agus páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na prionsabail faoi Bauhaus Eorpach Nua agus leis an bpolasaí Lár Bailte ar dTús. Na tionscadail cheannródaíocha don oiriúnú athúsáide, tá an-deiseanna ag baint leo athbheochan lár bailte móra a spreagadh. Táthar tar éis iad a chur le chéile i gcomhar le saoránaigh na háite agus páirtithe leasmhara i gcomhréir leis na prionsabail faoi Bauhaus Eorpach Nua agus leis an bpolasaí Lár Bailte ar dTús. Táim féin ag tnúth leis an gcéad sciar eile den mhaoiniú chun tacú le tionscadail athnuachana oidhreachta á dtreorú ag THRIVE ar fud na tíre.”
Is é seo an méid a bhí le rá ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD:
“Tá méid suntasach, €32m, á dháileadh inniu ar na cúig cheantar lárnacha uirbeacha le go mbeifear in ann foirgnimh oidhreachta fholmha agus thréigthe atá faoi úinéireacht an phobail a athchóiriú. Táim tar éis dul chomh fada le cuid mhaith de na bailte móra seo agus breathnú ar na foirgnimh atá ainmnithe don athnuachan seo agus is cinnte go mbainfear difear mór amach leis an maoiniú seo. Molaim na pobail agus, go deimhin, gach leibhéal den rialtas atá páirteach ann, ar leibhéal Eorpach, Réigiúnach agus Áitiúil, as na tionscadail seo a thabhairt chun cinn. Faoi chiste THRIVE, tá an chumhacht á tabhairt do phobail an chuma a bheidh ar lár na gceantar uirbeach a mhúnlú toisc go n-aithnítear deiseanna le bheith cinnte go mairfidh siad beo bríomhar go fadtéarmach. Táim ag súil go mór leis na torthaí ón obair mhór athnuachana a thiocfaidh as an maoiniú seo a fheiceáil, obair trína ndéanfar fuinneamh geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha bailte móra ar fud na hÉireann a láidriú.”
Is é seo an méid a dúirt an Comhairleoir Jarlath Munnelly, an Cathaoirleach ar Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair:
‘‘Cúis áthais dom go bhfuil maoiniú bronnta ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin scéim THRIVE don tionscadal CreativeSpace inar glacadh cur chuige pleanála agus deartha á threorú ag saoránaigh agus ag an bpobal ón tús. Creidim gur áis fhiúntach do Ghaillimh agus don réigiún a bheidh sa tionscadal seo do na glúnta atá le teacht. Táim ag dúil le tuilleadh tionscadail chaipitiúla i ngach áit sa réigiún seo againne maoiniú a fháil faoin dara gairm ar mhaoiniú faoi THRIVE, Sraith 2, in 2025.
Arsa Denis Kelly, Stiúrthóir ar Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair:
“Dúshlán mór i lár ceantar uirbeach is ea Foirgnimh Fholmha agus Thréigthe, dúshlán atá i ndiaidh cur leis an meath ar bhailte móra, sráidbhailte agus cathracha. Eiseamláir is ea an scéim THRIVE de shocrú ceannródaíoch maoinithe chun maoiniú 100% a bhronnadh ar Údaráis Áitiúla chun tacú leis an athbheochan i lár na gceantar uirbeach agus le hiad a chur chun cinn go dearfach mar áiteanna a mbeadh daoine ag iarraidh cónaí iontu, dul ag obair iontu agus cuairt a thabhairt orthu. Cuirfear beocht arís i bhfoirgnimh fholmha agus thréigthe faoi na tionscadail seo agus, ar a bharr sin, spreagfar athbheochan i lár bailte móra, ar polasaí tábhachtach é sin sna Straitéisí Spáis agus Geilleagracha atá glactha ag na Tionóil Réigiúnacha. “
Sa tionscadal CreativeSpace, cuirfear chun cinn na luachanna agus prionsabail oibre a bhaineann le Bauhaus Eorpach Nua, tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh, rud a fhágfaidh gur tionscadal inbhuanaithe a bheidh ann, go mbeidh cuma mhaith air, go mbeidh sé inbhuanaithe agus teacht ag cách air.
Beidh na hocht gcinn eile d’Údaráis Áitiúla i Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair i dteideal iarratas a dhéanamh ar an dara gairm, an ghairm dheireanach, ar thionscadail chaipitiúla faoi Shraith 2 de THRIVE go luath in 2025, is iad sin Contae na Gaillimhe, Ros Comáin, Liatroim, Sligeach, Dún na nGall, Muineachán, Maigh Eo agus an Cabhán.
Tá THRIVE á cómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann (40%) agus ag an Aontas Eorpach (60%) faoi Chlár 2021-2027 Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair www.nwra.ie
Tuilleadh eolais ar Amharclann Oileán Altanach agus Teach an Teampaill:
Dhá fhoirgneamh stairiúla atá ar an láthair atá ar an taobh thiar d’Abhainn na Gaillimhe. Teampall Preispitéireach ab ea Amharclann Oileán Altanach i dtús ama, ar tógadh i dtrátha na bliana 1835 é. Ba i dTeach an Teampaill, i gcúl na hAmharclainne agus a tógadh idir 1855 agus 1872, a mbíodh cónaí ar mhinistrí an teampaill. Ainm eile a thugtaí air ná ‘An Mansa’ (teach an mhinistir).
CreativeSpace: Amharclann Oileán Altanach agus Teach an Teampaill ar a cúl. Grianghraf le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.


Amharc ón aer ar Theach an Teampaill in Oileán Altanach