Paráid na Féilte Pádraig

Beidh Paráid na Féilte Pádraig ar siúl Dé Máirt an 17 Márta 2026. Tá sé beartaithe go dtosóidh an pharáid ag 11.00rn agus críochnaíonn sé ag 1.00in de ghnáth. Is in Ollscoil na Gaillimhe a bheidh an ionad tosaithe agus sé Carrchlós an Bhosca Dhuibh an ionad bailiúcháin.

Léiriú Spéise i bParáid na bliana 2026

Beidh Paráid na Féilte Pádraig ar siúl Dé Máirt an 17 Márta 2026. Tá sé beartaithe go dtosóidh an pharáid ag 11.00rn agus críochnaíonn sé ag 1.00in de ghnáth. Is in Ollscoil na Gaillimhe a bheidh an ionad tosaithe agus sé Carrchlós an Bhosca Dhuibh an ionad bailiúcháin.

Is foirm iarratais atá san fhoirm thíos le bheith páirteach sa bparáid. Fógrófar na dreamanna ar fad a bheidh páirteach sa bparáid agus an t-eolas ar fad fúithi sna laethanta roimh an bparáid ach beidh siad faoi réir athraithe.

Comhairle Cathrach na Gaillimhe a eagraíonn agus a mhaoiníonn an pharáid agus tá sé saor in aisce a bheith páirteach inti. ‘Laochra agus Daoine atá ag Teacht Chun Cinn’ téama pharáid 2026.

Eolas faoin bParáid: 

  1. Is os comhair na Cearnóige, in Ollscoil na Gaillimhe, Bóthar na hOllscoile a bheifear ag socrú suas agus scaipfidh lucht na paráide ag an Dubhlann ar Bhóthar na Díge.  
  2. Is é seo a leanas bealach na paráide: 
    Bóthar na hOllscoile > An Ardeaglais > Droichead na mBradán > Cearnóg Theach na Cúirte > Sráid San Proinsias > Sráid Eglinton > Sráid Gheata Liam > An Fhaiche Mhór > Cnoc na Radharc.
  3. Clár Ama:
    a.    09:00 - Oscailt an Limistéir don Socrú Suas. 
    b.    10:00 - Gach rannpháirtí le bheith ar an suíomh. 
    c.    11:00 - Caithfidh gach grúpa a bheith faoi réir. 
    d.    11:30 - Tosóidh an Pharáid: Thart ar 45 nóiméad ar fad a cheart a thógfaidh sé bealach iomlán na paráide a shiúl.  
  4. Beidh leithris sa limistéar socrú suas agus arís ag an Dubhlann.
  5. Má tá do ghrúpasa ag teacht ar bhus, scaoil an grúpa amach ar Bhóthar na hOllscoile roimh 10:00.
  6. Molaimid páirceáil i gCarrchlós Bhóthar na Díge.  
  7. Beidh veain seomra cótaí páirceáilte sa limistéar socrú suas agus beidh grúpaí in ann cótaí, scáthanna fearthainne etc. a fhágáil inti. Beidh an veain seo ag an Dubhlann chun na cótaí a bhailiú aisti i ndiaidh na Paráide.
  8. Má tá flóta mar chuid de do thaispeántas, is féidir é a bhailiú ón gclós ar chúl na Dubhlainne tar éis na Paráide.
  9. Chun bruscar a laghdú, ná sín amach fógráin agus ná húsáid coinfití/sraoilleáin.
  10. Is féidir leis an aimsir a bheith athraitheach, mar sin bíodh éadaí te oraibh faoi bhur gcuid cultacha/éide. Cinntigh go bhfuil dóthain uisce ag bhur rannpháirtithe a dhéanfaidh iad go dtí deireadh na Paráide.
  11. Déanfar athbhreithniú ar na hiarratais bunaithe ar cháilíocht amhairc agus ar oiriúnacht. Molaimid d'iarratasóirí smaoineamh roimh ré ar an mbealach is fearr is féidir lena n-iontráil ionadaíocht a dhéanamh ar a bpobal nó ar a n-eagraíocht. Tabhair faoi deara go mb'fhéidir go mbeadh orainn diúltú d'iarratais má mheastar nach bhfuil siad oiriúnach le bheith páirteach.
  12. Níor cheart an pharáid a úsáid chun ráitis pholaitiúla a dhéanamh ná chun aon ghrúpa stocaireachta nó feachtas a chur chun cinn.
  13. Ní mór do na rannpháirtithe cloí le treoracha mhaoir na paráide agus na mbainisteoirí limistéir i gcónaí chun a chinntiú go gcuirfear an t-imeacht i gcrích go héasca agus go sábháilte.
  14. Ó thosóidh an pharáid, ní stopfaidh sí arís go dtí go mbainfidh sí a ceann scríbe amach, níl aon stadanna pleanáilte ar bhealach na paráide: ní mór aon taispeántas a bheidh le déanamh i rith na paráide a dhéanamh ar an mbealach.
  15. Fógrófar Limistéir Inrochtana níos gaire don am.
  16. Ní cheadaítear aon tinte gan chosaint ná piriteicnic de chineál ar bith.
  17. Ní mór aon fheithiclí atá le húsáid mar chuid den taispeántas a aontú roimh ré leis an lucht eagraithe. Ní cheadófar feithiclí neamhúdaraithe.

D’fhéadfadh na sonraí seo go léir athrú.

Is féidir leat léiriú spéise a chur isteach ar líne chun páirt a ghlacadh sa pharáid ar an nasc seo:

Ríomhphost chuig events@galwaycity.ie 

Íoslódáil an fhoirm iarratais 2026 anseo: