Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail

Is é príomhaidhm an Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) na cuspóirí agus na gníomhartha is gá a leagan amach, ar feadh tréimhse sé bliana, chun forbairt eacnamaíoch agus forbairt áitiúil agus pobail Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn agus tacú léi go díreach, agus i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile forbartha eacnamaíochta agus pobail.

Is é príomhaidhm an Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) na cuspóirí agus na gníomhartha is gá a leagan amach, ar feadh tréimhse sé bliana, chun forbairt eacnamaíoch agus forbairt áitiúil agus pobail Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn agus tacú léi go díreach, agus i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile forbartha eacnamaíochta agus pobail.   Mar chreat d'fhorbairt eacnamaíoch agus d'fhorbairt pobail Chathair na Gaillimhe, is é an LECP an príomh-mheicníocht ag an leibhéal áitiúil chun gníomhartha ábhartha a eascraíonn as straitéisí agus beartais náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil sainchúram áitiúil orthu a thabhairt chun cinn.

 Is ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá an phríomhfhreagracht as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus phobail a stiúradh sa chathair. Forbraíodh an LECP chun an fhreagracht seo a léiriú faoi Alt 66 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 arna leasú le halt 44 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014.  Tá gnéithe eacnamaíocha agus pobail araon comhtháite san LECP agus bhí an próiseas foriomlán á threorú ag Grúpa Stiúrtha Comhairleach a bunaíodh in 2022 agus a tháinig le chéile in 2023 chun an próiseas pleanála a threorú.

Sonraítear i gCreat LECP 2024 – 2029 5 Sprioc Ardleibhéil agus 17 gCuspóir Pobail agus Eacnamaíochta Inbhuanaithe. 

Tá Plean Forfheidhmithe LECP 2024-2025 bunaithe ar na Cuspóirí Ardleibhéil a leagtar amach i gCreat LECP 2024 – 2029.   Tá 63 gníomh i bPlean Forfheidhmithe 2024 - 2025 chomh maith le príomhthorthaí ábhartha chun meastóireacht a éascú.  Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe c.75% de na gníomhartha a sheachadadh go díreach agus seachadfar 25% i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí eile / go díreach ag gníomhaireachtaí eile.

Ghlac comhaltaí tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Creatphlean LECP 2024 – 2029 agus Plean Forfheidhmithe LECP 2024 – 2025 ag a gcruinniú i mí Eanáir 2024 tar éis an phróisis chuimsithigh ar tugadh faoi i gcomhréir le treoirlínte agus reachtaíocht náisiúnta agus faoi réir na measúnuithe, na dtoilithe agus na gceaduithe riachtanacha go léir a chur i gcrích go sásúil. 

 

LECP 2024 - 2029 Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail

LECP Plean Chur Chun Feidhme 2024–2025

LECP Issues Paper 2022 Irish Version

 

Tuarascálacha ar dhul chun cinn