Truailliú & Cáilíocht an Aeir

Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an t-údarás atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh in Éirinn. Tomhaiseann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil leibhéal roinnt truailleáin atmaisféaracha. Tá níos mó eolais faoin monatóireacht a dhéantar ar cháilíocht an aeir agus ar thruailleáin aeir le fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar https://www.epa.ie/irelandsenvironment/air/.

  • Déantar monatóireacht ar cháilíocht an aeir i gCathair na Gaillimhe ag na Stáisiúin Monatóireachta Aeir seo a leanas:

    Bóthar Rathúin
    An Fhaiche Mhór
    Cnoc Mhaoil Drise

    Tá tuilleadh eolais faoi na stáisiúin seo agus na taifid ar cháilíocht an aeir a thomhaistear ag na stáisiúin seo ar fáil ag http://www.epa.ie/air/quality/data/rr/.

    Tá ról ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i bhforfheidhmiú agus ceadúnú astaíocht na dtruailleán aeir tríd an Acht um Thruailliú Aeir, 1987. 

    Top...

  • Truailliú Aeir agus Athrú Aeráide

    Is gáis cheaptha teasa iad go leor de na truailleáin aeir a liostaítear san Acht um Thruailliú Aeir, 1987, agus cuireann a n-astaíocht le leibhéil mhéadaithe gás ceaptha teasa san atmaisféar. Eascraíonn téamh domhanda agus athrú aeráide as sin, chomh maith le tionchar ar an tsláinte agus folláine. Tá níos mó eolais faoi astaíocht gás ceaptha teasa in Éirinn le fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar https://www.epa.ie/ghg/

    Top...

  • Ceadúnú um Thruailliú Aeir

    Is í Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an t-údarás ceadúnaithe reachtúil faoi na Rialacháin fán Acht um Thruailliú Aeir, 1987 (Gléasra Tionscail a Cheadúnú), 1988–2001 do limistéar riaracháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Leagtar amach sa chéad sceideal de na rialacháin sin an cineál gléasra tionscail atá faoi réir Ceadúnas um Thruailliú Aeir. Leagtar amach na nósanna imeachta maidir le ceadúnú, achomhairc, athbhreithnithe, etc., sna rialacháin. Tá Rannóg Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as measúnú na n-iarratas agus as forfheidhmiú coinníollacha a ghabhann le haon cheadúnais a bhronntar. 

    An Reachtaíocht Ábhartha:

    • An tAcht um Thruailliú Aeir, 1987
    • Na Rialacháin fán Acht um Thruailliú Aeir, 1987 (Gléasra Tionscail a Cheadúnú), 1988
    • Na Rialacháin fán Acht um Thruailliú Aeir, 1987 (Gléasra Tionscail a Cheadúnú) (Leasú Táillí), 2001 

    Top...

  • Toirmeasc ar Ghual Toiteach

    Faoi na Rialacháin fán Acht um Thruailliú Aeir, 1987 (Breoslaí Sonraithe a Mhargú, a Dhíol, a Dháileadh agus a Dhó), 2012, ainmnítear na ceantair seo a leanas de Chathair na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe mar ‘Chrios Saor ó Thoit’: Baile an Teampaill, Bearna, Ceathrú an Bhrúnaigh agus Gaillimh (Tuath). Thug an reachtaíocht sin toirmeasc isteach ar dhó, margaíocht, díol agus dáileadh guail bhiotúmanaigh sna ceantair sin i gCathair na Gaillimhe. Tá sé in aghaidh an dlí breoslaí faoi thoirmeasc a dhó, a dhíol, a mhargú nó a dháileadh sa cheantar srianta, agus níl cead anois ach gual saor ó thoit a dhó nó a dhíol agus a dháileadh. Tá sé de dhualgas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe na rialacháin a chur i bhfeidhm, agus mura gcloítear leo gearrfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fíneáil ar an gciontóir nó d’fhéadfaí an ciontóir a ionchúiseamh faoin Acht um Thruailliú Aeir, 1987.

    Top...

  • Tuaslagóirí ­

    Féach an chuid ar an suíomh Gréasáin seo

    Top...

  • Ceanglais maidir le hAisghabháil Gaile Peitril

    Más úinéir/oibreoir Stáisiúin Peitril thú, tá sé de dhualgas ort a chinntiú gur dearadh agus go n-oibrítear do shaoráid de réir an Tríú Sceideal de na Rialacháin fán Acht um Thruailliú Aeir, 1987 (Astaíochtaí Gaile Peitriliam) agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le gal pheitril Chéim II a aisghabháil le linn mótarfheithiclí a athbhreoslú i stáisiúin pheitril, 2011.

    Is é cuspóir na rialachán sin go laghdófaí na hastaíochtaí de chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha (VOC) san atmaisféar de bharr gníomhaíochtaí athbhreoslaithe feithiclí ag stáisiúin seirbhíse, chun drochthionchar VOC ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a laghdú.

    Bíonn VOC i bpeitreal, is é sin ceimiceáin charbónbhunaithe a ghalaíonn go héasca san atmaisféar. Nuair a astaítear san aer iad, bíonn baint ag VOC le fadhbanna éagsúla sláinte agus comhshaoil

    • Cruthú ózóin ar leibhéal na talún agus toitcheo fhótaiceimicigh
    • Droch-cháilíocht aeir go háitiúil (beinséin san aer)
    • Téamh atmaisféarach agus athrú aeráide. 

    Faoi na rialacháin sin, caithfear córas Aisghabhála Gaile Peitril Chéim I a shuiteáil i ngach stáisiún seirbhíse peitril.

    Foráiltear freisin sna Rialacháin go gcaithfidh stáisiúin nua seirbhíse a chomhlíonann ceachtar den dá chritéar seo a leanas córais Aisghabhála Gaile Peitril Chéim II (PVRII) a shuiteáil chun comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (VOC) a aisghabháil nuair atá feithiclí á n-athbhreoslú:

    • tréchur >100m3 (nó 100,000 lítear) agus lonnaithe faoi bhun áitribh chónaithe nó oibre
    • tréchur >500m3 (nó 500,000 lítear) 

    Foráiltear freisin sna Rialacháin go gceanglaítear ar stáisiúin seirbhíse reatha córais PVRII a shuiteáil nuair atá an chéad athchóiriú mór eile ar bun acu i ndiaidh an 1 Eanáir 2012 má chomhlíonann siad ceachtar den dá chritéar seo a leanas:

    • tréchur >100m3 (nó 100,000 lítear) agus lonnaithe faoi bhun áitribh chónaithe nó oibre
    • tréchur >500m3 (nó 500,000 lítear)

    Anuas air sin, ceanglaítear leis an Treoir go gceanglófaí ar stáisiúin seirbhíse ag a bhfuil tréchur >3,000m3 (nó 3,000,000 lítear) teicneolaíocht PVRII a shuiteáil faoin 31 Nollaig 2018 ar a dheireanaí (nó roimhe sin má tá athchóiriú mór ar bun roimh an dáta sin).

    Chun ceanglais na rialachán a chomhlíonadh, tá sé de dhualgas ar úinéir/oibreoir Stáisiúin Seirbhíse measúnóir faofa a cheapadh chun tabhairt faoi thástálacha ar a stáisiún peitril agus tuarascáil agus táille a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Má tá an Chomhairle sásta leis an tuarascáil, eiseoidh sí teastas comhlíonta leis an acht thuasluaite. Maireann teastais comhlíonta trí bliana ar a mhéad, agus caithfear iad a athnuachan nuair a théann siad in éag. Caithfear cóip den teastas comhlíonta a choinneáil ag an stáisiún seirbhíse ábhartha agus é a chur ar fáil lena iniúchadh nuair is gá.