Pobail an Fhuinnimh Inmharthana

Séard atá i bPobal an Fhuinnimh Inmharthana (PFI) ná grúpa daoine a tháinig le chéile chun feabhas a chur ar an gcaoi a baintear úsáid as fuinneamh agus chun córas an fuinnimh inbhuanaithe a fhorbairt ar leas a bpobal.

Cad is Pobal an Fhuinnimh Inmharthana ann?

Séard atá i bPobal an Fhuinnimh Inmharthana (PFI) ná grúpa daoine a tháinig le chéile chun feabhas a chur ar an gcaoi a baintear úsáid as fuinneamh agus chun córas an fuinnimh inbhuanaithe a fhorbairt ar leas a bpobal.

Is minic a scrúdaíonn pobail an fhuinnimh tionscadail sa tithíocht, san iompar agus sa ghnó áitiúil. Scrúdaíonn siad foirgnimh an phobail mar scoileanna, ionaid phobail agus áiseanna spóirt chomh maith.

Tugtar Fuinneamh na Gaillimhe ag Athrú ar Phobal an Fhuinnimh Inmharthana de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá sé mar aidhm aige ná iarracht a dhéanamh go mbeidh Gaillimh ina cathair carbón-neodrach faoin mbliain 2050.

Cad iad na comhspriocanna atá ag Pobal an Fhuinnimh Inmharthana?

Bain úsáid as níos lú fuinnimh

Sí éifeachtúlacht an fhuinnimh ná an bealach is saoire agus is simplí chun an pobal a chothú.

 

Bain úsáid as fuinneamh glan

Sí an chéad chéim eile ó bhreoslaí iontaise go dtí an fuinneamh in-athnuaite ná aistriú ó na breoslaí iontaise. Is féidir á dhéanamh trí chórais téimh in-athnuaite, soláthraithe an fhuinnimh a athrú nó an fuinneamh a ghiniúint.

 

Bain úsáid as fuinneamh cliste

Tugann an teicneolaíocht tuilleadh smachta dúinn ar an gcaoi a théitear tithe, a thiomáintear gluaisteáin, nó a lastar foirgnimh. Más cuí, is féidir le pobail úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí seo chun cur lena gcuid gníomhartha.

Cad iad na buntáistí a bhaineann le páirt a ghlacadh i bPobal an Fhuinnimh Inmharthana?

  • Nuair a bhunaíonn tú an líonra tugtar meantóir duit saor in aisce, atá maoinithe ag an Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ/SEAI). Is féidir le do mheantóir cabhrú le an bpobal tionscadail fuinnimh oiriúnacha a aithint agus pleananna a dhéanamh ina leith.
  • Beidh do phobal in ann foghlaim faoi theicneolaíochtaí agus réitigh an fhuinnimh.
  • Beidh an deis agat foghlaim ó PFIanna eile a bhfuil na leasanna céanna acu nó a rinne tionscadail fuinnimh áitiúla cheana.
  • Faigheann baill nuachtlitir ráithiúil ina mbíonn huasdátuithe, cás-staidéir agus liosta na n-imeachtaí agus na seimineáir ghréasáin atá le teacht.
  • Bíonn an deis agat freastail ar imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta
  • Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú suas le €25K do do Mháistirphlean an Fhuinnimh (MPF) a thugann breac-chuntas ar chlár deiseanna na dtionscadal agus na moltaí maidir le spáráil an fhuinnimh.
  • Tá maoiniú breise ar fáil duit tríd an ÚFIÉ agus na hÚdaráis Áitiúla le haghaidh tionscadal agus moltaí aitheanta i gcomhar le do Mháistirphlean Fuinnimh.

Cén fáth go bhfuil Pobail an Fhuinnimh Inmharthana ag teastáil ó Chathair na Gaillimhe?

Meastar gur chuid riachtanach iad na PFIanna chun spriocanna Aeráid na hÉireann a bhaint amach. Oibríonn na PFIanna le chéile chun úsáid níos inmharthana a bhaint as an bhfuinneamh trí:

  • á hathrú chun ceann de na tionchair is mó ar chothú an chomhshaoil a chruthú. Cabhraíonn an comhghníomhú chun go rachaidh an tionchar seo níos doimhne fós. 
  • bhillí fuinneamh an phobail a laghdú mar thoradh ar thionscadail fuinnimh áitiúla a chur le chéile. 
  • thithe agus fhoirgnimh an phobail a dhéanamh níos teo agus níos sláintiúla. Cuirtear feabhas ar chaighdeán na beatha, go háirithe i gcás iad siúd sa phobal atá ar lagchuidiú.
  • an pobal a thabhairt le chéile chun cur le gníomhaíochtaí eile mar Na Bailte Slachtmhara, an turasóireacht ghlas, agus gníomhaíochtaí éicea-phobail.

An bhfuil Pobail an Fhuinnimh Inmharthana ag feidhmiú faoi láthair i gCathair na Gaillimhe?

Tá liosta na bPobal ar fáil ar https://www.seai.ie/community-energy/sustainable-energy-communities/sec-map/index.xml

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe go mbunófar tuilleadh PFIanna ionas go mbeadh iomlán na cathrach clúdaithe agus chun an chomhobair eatarthu a chur chun cinn trí na líonraí iomchuí.

Na céimeanna le haghaidh Pobal an Fhuinnimh Inmharthana a bhunú

Tá na treoir de chuid an ÚFIÉ maidir le Conair an Phobail i dtreo an Fhuinnimh Inmharthana ar fáil ag: https://www.seai.ie/community-energy/sustainable-energy-communities/

 

Siad na bunchéimeanna ná:

  • Cuir an meitheal le chéile & cuir coiste stiúrtha ar bun
  • Cláraigh leis an ÚFIÉ
  • Labhair le do mheantóir
    • Cuirfear meantóir ar fáil chun treoir agus tacaíocht a thabhairt duit. Is féidir le do mheantóir cabhrú le do pobal chun tionscadail fuinnimh oiriúnacha a aithint agus a phleanáil. Ansin beidh do ghrúpa in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú tiomnaithe an ÚFIÉ.

Clár Phobal an Fhuinnimh Inmharthana

Is turas trí chéim é clár an PFI - Foghlaim-Plean-Déan.

 

Foghlaim: Téann an pobal isteach i Líonra an PFI, áit ar féidir leo foghlaim faoi fhuinneamh an phobail agus smaoineamh a thosú ar an méid is féidir leo a dhéanamh i ndáiríre.

 

Plean: Má chinneann an pobal leanúint ar aghaidh, tacóimid leo Máistirphlean an Fhuinnimh a chur le chéile.

 

Déan: Déanann an pobal cinneadh ar thionscadail an fhuinnimh is fearr leo tabhairt faoi. Ansin is féidir leo deontais nó tacaíochtaí a aithint chun cabhrú lena bplean a sheachadadh.

Roghanna maoinithe do Phobal an Fhuinnimh Inmharthana

Cuireann clár an PFI tacaíochtaí mar mheantóir, rochtain ar phainéal teicniúil, agus creat chun úsáid an fhuinnimh ag an pobal a scóip agus a fheabhsú. Is féidir leis an PFI rochtain a fháil ar thacaíochtaí teicniúla de chuid an SEAI chun cabhrú le plean a aithint, clár gníomhaíochtaí oiriúnaithe a chur i bhfeidhm don phobal, monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an chláir, agus athbhreithniú a dhéanamh dá réir.

Is féidir leis an PFI iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú tiomnaithe de chuid an ÚFIÍ, mar mhaoiniú Pobail ar Scoth-Fuinneamh (PSF), chun cabhrú le do ghrúpa a chuid aidhmeanna PFI a bhaint amach.

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht leis an ÚFIÉ chun maoiniú idirlinne a chur ar fáil d’uasghrádú fuinneamh an phobail de luach suas le €25,000 a íocfar láithreach leis an PIF agus gheobhaidh an tÚdarás Áitiúil costais tosaigh an mhaoinithe ar ais ón ÚFIÉ. Ligeann an Maoiniú seo do phobal tabhairt faoi mheasúnú bunlíne ar a gcuid úsáid an fhuinnimh, iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh ar a dtithe, ar fhoirgnimh an phobail agus ar ghnólachtaí áitiúla, agus cabhraíonn sé leo réitigh athnuaite an fhuinnimh is oiriúnaí dóibh a aithint.

Cuirfidh an chomhpháirtíocht seo an maoiniú idirlinne ríthábhachtach ar fáil chun cabhrú le pobail a gcuid aidhmeanna fuinnimh inmharthana a bhaint amach. Trí dheireadh a chur le bacainní an airgeadais a bhaineann le maoiniú tosaigh a fháil, is féidir leis an bpobal i gceist díriú ar a gcuid tionscadal a threorú agus ar phlean  inmharthana an fhuinnimh a fhorbairt dá gceantar.

Nuair atá Máistirphlean an Fhuinnimh curtha le chéile, oibreoidh an pobal  ansin lena meantóir chun na chéad chéimeanna eile a aithint maidir le ídiú an fhuinnimh agus an charbón a laghdú agus le aon deontais/cistí a chabhróidh lena leithéid a aithint.

Tá tuilleadh faisnéise agus liosta iomlán na ndeontas ar fáil ag https://www.seai.ie/grants/