Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide

Faoi réir Acht na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) (2021), tá ceanglas dlí anois ar Éirinn astaíochtaí glan-Nialais a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain2050 chomh maith le hastuithe 51% níos lú faoi dheireadh na deich mbliana seo.

Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na ceisteanna is contúirtí roimh gach pobal, roimh an mbonneagar fisiciúil, roimh an mbithéagsúlacht agus roimh an gcreatlach shóisialta a fhágann gur áit ar leith í Cathair na Gaillimhe le cónaí inti. Tá an brú orainn beart uaillmhianach a dhéanamh trí mhaolú (laghdú astuithe is cúis le hathrú na haeráide) agus trí oiriúnú (feabhas a chur ar an athléimneacht i leith na dtionchar agus na gcontúirtí a mbaineann le hathrú na haeráide).

Cén fáth go bhfuil orainn Plean ar Son na hAeráide a fhorbairt?

Faoi réir Acht na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) (2021), tá ceanglas dlí anois ar Éirinn astaíochtaí glan-Nialais a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain2050 chomh maith le hastuithe 51% níos lú  faoi dheireadh na deich mbliana seo. Ceanglaíonn an tAcht ar na húdaráis áitiúla Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid an Údaráis Áitiúil (PGAÚÁ) a ullmhú a ritheann ar feadh 5 bhliain chun spriocanna náisiúnta laghdú na n-astuithe a bhaint amach agus chun an athléimneacht a fhorbairt i leith na dtionchar a dtagann as athrú na haeráide..

Cén spriocdháta na feidhmíochta atá i gceist?

Ar an 24 Feabhra 2023 thug an tAire treoir do na húdaráis áitiúla pleananna gníomhaíochta ar son na haeráide a ullmhú agus, faoina leithéid reachtaíochta,  ní mór do na húdaráis plean a ghlacadh laistigh de 12 mhí. Ní mór bearta oiriúnaithe chomh maith le beartaithe maolaithe a chur isteach san PGAÚÁ.

Cad a bheidh mar chuid den Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide?

GBainfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe úsáid as an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide (PGA) aici agus í ag pleanáil conas a laghdóidh sí astuithe na ngás ceaptha teasa óna cuid réadmhainní agus óna cuid bhonneagair féin agus, ag an am céanna ról, níos fairsnge a ghlacadh chun tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí na bpobal`agus na ngeallshealbhóirí eile ar son na haeráide  a éascú agus a chomhordú agus an méid a dhéanfaidh sí chun tacú le gníomhaíocht ar son ha h aeráide i gCathair na Gaillimhe..

Cáipéisíocht ghaolmhar

Tá Tuarascáil Bhunlíne Fardal na n-Astuithe foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a léiríonn na hastuithe reatha sa chathair agus a scrúdaíonn an chaoi ar tháinig athrú ar aeráid na cathrach le blianta beaga anuas. Foilsíodh tuarascáil ar Mheasúnú an Riosca freisin, a thaispeánann na rioscaí a d’fhéadfadh an tionchar a bheith acu ar athrú na haeráide sa chathair amach anseo. Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnú Tionchair Natura a dhéanann measúnú ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gComhshaol agus ar aon láithreán ainmnithe Eorpach. D'fhonn gach ceann de na cáipéisí seo a fheiceáil, déan na naisc thíos chliceáil:

Comhairle Cathrach na Gaillimhe An Plean Údaráis Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024-2029

Measúnú Straitéiseach Timpeallachta Chathair na Gaillimhe

Ráiteas deiridh maidir leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)

Ráiteas Tionchair Natura

Achoimre Neamhtheicniúil ar Measúnú Straitéiseach Timpeallachta Chathair na Gaillimhe

Tuarascáil Scagthástála Measúnaithe Cuí

Fardal Bunlíne na n-Astuithe de chuid Chathair na Gaillimhe (PDF)

Tuarascáil Chathair na Gaillimhe um Mheasúnú Riosca na hAeráide (PDF)

Pléiscóir Béarlagair na hAeráide (PDF)

Tuarascáil CE ar Dhréachtphlean Gníomhaíochta Aeráide na nÚdarás Áitiúil 2024 – 2029 Comhairliúchán Poiblí