Oiriúnú Aeráide

Is éard atá i gceist leis an Oiriúnú Aeráide athrú ar chórais nádúrtha nó dhaonna mar fhreagairt ar thionchair an athraithe aeráide.

Cad is Oiriúnú Aeráide ann?

Is éard atá i gceist leis an Oiriúnú Aeráide athrú ar chórais nádúrtha nó dhaonna mar fhreagairt ar thionchair an athraithe aeráide. Déanann na hathruithe seo dochar a mhaolú nó leas a bhaint as deiseanna tairbheacha agus d'fhéadfadh sé go mbeadh na hathruithe ann mar fhreagairt ar thionchair iarbhír nó ar thionchair a bhfuiltear ag súil leo.

Straitéis um Oiriúnú Aeráide 2019-2024

Is riachtanas í an Straitéis um Oiriúnú Aeráide do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe. Tá tuilleadh eolais faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe ar fáil ar an nasc seo.

Ar an Luan, an 9 Meán Fómhair 2019, ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe d'aon toil leis an Straitéis um Oiriúnú Aeráide 2019-2024.

 

Comhairliúchán Poiblí ar an Dréacht-Straitéis um Oiriúnú Aeráide 2019-2024

Dréacht-doiciméad Straitéise

Aguisín B

Bróisiúr

Tuairisc Scagthástála AA

Tuairisc Scagthástála SEA

 

Trá Grattan agus Láithreán Duimhche (Réiteach Nádúr-bhunaithe)

Cad é an imní maidir le Trá Grattan?

Is trá cois cósta í Trá Grattan a bhfuil tionchar mór ag taoidí uirthi. Déantar damáiste leanúnach do na Dumhcha agus theastaigh ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le grúpaí, gnólachtaí agus eagraíochtaí áitiúla plean a fhorbairt chun cuidiú le cosaint na ndumhcha, cosaint na bithéagsúlachta agus an ceantar a chur chun cinn mar eiseamláir don chaoi ar féidir le pobail agus le rialtas áitiúil comhoibriú le chéile chun comhthairbhí a bhaint amach.

Cad is brí le réitigh nádúr-bhunaithe?

Is éard atá i gceist le réitigh nádúr-bhunaithe ná gníomhaíochtaí chun éiceachórais nádúrtha a chosaint, a bhainistiú go hinbhuanaithe, nó a athchóiriú, a thugann aghaidh ar dhúshláin shochaíocha amhail athrú aeráide, sláinte an duine, slándáil bhia agus uisce, agus baol tubaiste a laghdú go héifeachtach agus go hoiriúnaitheach, ag soláthar tairbhí folláine an duine agus na bithéagsúlachta ag an am céanna. 

Conas is féidir le pobail/gnólachtaí/grúpaí eile cabhrú?

Spreagann Comhairle Cathrach na Gaillimhe comhoibriú maidir le gach tionscadal. Cuimsíonn an plean comhoibriú agus rannpháirtíocht leanúnach ó pháirtithe leasmhara agus tá sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe glaonna éagsúla ar chúnamh a eisiúint le linn shaolré an phlean.

Cad atá san áireamh sa phlean?

Tugann an plean do Thrá Grattan agus Láithreán Duimhche achoimre ar na príomhghníomhaíochtaí gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun na dumhcha a chosaint, tacú le bithéagsúlacht agus ag an am céanna a chinntiú go gcoimeádtar agus go bhfeabhsaítear rochtain ar an trá ionas gur féidir le daoine leanúint ar aghaidh ag baint taitneamh as Trá Grattan ar a gcaoithiúlacht. Tá an plean ar fáil ach cliceáil ar an nasc seo a leanas:

An plean do Thrá Grattan agus Láithreán Duimhche