Clár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide

Tá sé mar aidhm ag an gClár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le pobail bheaga agus mhóra gníomh ar son na haeráide a dhéanamh.

 

Tá sé mar aidhm ag an gClár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le pobail bheaga agus mhóra gníomh ar son na haeráide a dhéanamh. Is é cuspóir foriomlán an chláir ná pobail a chumasú chun pobail ísealcharbóin inbhuanaithe a mhúnlú agus a thógáil agus cur le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh.

I gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, cabhróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le méadú ar ghníomhaíocht pobail ar son na haeráide. Beidh Ciste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fáil chun tacú le tionscadail ghníomhaíochta aeráide ábhartha thar roinnt téamaí. 

Tá dhá shraith maoinithe ar fáil:

  • Sraith 1: Díríonn Tógáil Pobail Ísealcharbóin ar ghníomhú díreach ar son na haeráide i gCathair na Gaillimhe.
  • Sraith 1a:  Cuireann Gníomhú Pobail ar son na hAeráide ar Oileán Comhroinnte ar chumas pobail agus Údaráis Áitiúla tionscadal trasteorann a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí i dTuaisceart Éireann.

Conas a oibreoidh an Clár?

Ba cheart go bhféachfadh tionscadail le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, le cuidiú leis an aistriú go geilleagar ísealcharbóin agus inbhuanaithe agus le hathléimneacht aeráide a mhéadú. Déanfar maoiniú a leithdháileadh ar eagraíochtaí pobail bunaithe ar mheasúnú ar fhoirmeacha um Léiriú Spéise a chuirtear faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus faomhadh an Aire.

Ba cheart do thionscadail aghaidh a thabhairt ar cheann amháin de na téamaí seo a leanas ar a laghad, ach b’fhearr go ndíreodh siad ar roinnt dóibh:

Fuinneamh, taisteal inbhuanaithe, siopadóireacht & athchúrsáil, bia & dramhaíl, agus gníomhú ar son na haeráide.

 

Téama 1: Pobal agus fuinneamh

Tá rátálacha fuinnimh an-íseal agus costais reatha arda ag go leor foirgneamh in Éirinn mar gheall den chuid is mó ar chaillteanas teasa. Is féidir leis an mbealach a dtógtar, a dtéitear agus a ritear ár bhfoirgnimh tionchar mór a bheith aige ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú. Is ionann caillteanas teasa agus 10% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann. Is féidir linn ár bhfoirgnimh a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh trí iad a aisfheistiú (e.g. insliú), trí úsáid a bhaint as fearais / soilse ísealfhuinnimh agus iad a chasadh as, agus trí úsáid a bhaint as rialtáin chliste.

 Laghdódh na tionscadail spéise faoin téama seo, an tionchar aeráide atá ag foirgnimh i bpobail trí níos lú fuinnimh a úsáid, fuinnimh in-athnuaite a úsáid agus caillteanas teasa a sheachaint.

Áirítear iad seo a leanas ina samplaí tionscadail, ach níl sé teoranta dóibh:

 • tionscadail bheaga fuinnimh in-athnuaite pobail (tionscadail ghréine, hidrileictreacha, ghaoithe)

• foirgnimh phobail a aisfheistiú

 • soilsiú pobail LED • luchtphointe(í) pobail d’fheithiclí leictreacha

 

Téama 2: Taisteal

Tá cúrsaí iompair freagrach as thart ar 20% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann. Níl sé éasca ár modh taistil a athrú agus is minic a bhíonn an modh taistil socraithe ag pleanáil agus roghanna tithíochta cheana féin, go háirithe i bpobail faoin tuath. Tá an bealach a dtaistealaíonn muid ar cheann de na príomhréimsí inar féidir le hathrú iompair tionchar tapa agus fíor a dhéanamh chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach

Chuideodh na tionscadail spéise faoin téama seo, le hastaíochtaí a bhaineann le cúrsaí taistil a laghdú. Áirítear iad seo a leanas ina samplaí tionscadail, ach níl sé teoranta dóibh:

 • lorg carbóin i seirbhísí a laghdú

• rochtain ar rotharbhealaí / siúlbhealaí a fheabhsú

• páirceáil do rothair

• luchtphointe(í) pobail d’fheithiclí leictreacha

 

Téama 3: Bia agus dramhaíl

Teastaíonn go leor fuinnimh agus ábhair chun bia a fhás, a phróiseáil agus a iompar. Meastar go gcuirtear aon trian den bhia a fhásann muid amú agus is ionann é agus 10% d’astaíochtaí domhanda. Táthar tiomanta go náisiúnta do chur amú bia a laghdú 50% faoi 2030. Cé gur féidir le cásanna éagsúla amhail cultúr, reiligiún, sláinte, cumas agus spéis tionchar a imirt ar na cinntí a dhéanann daoine aonair; ar leibhéal córas, pobail agus stíle maireachtála, tá deiseanna ann ceangal a dhéanamh le daoine agus iad a chur i mbun gnímh maidir le bia, dramhaíl agus athrú aeráide.

Laghdódh na tionscadail spéise faoin téama seo, an méid bia a chuirtear amú. Áirítear iad seo a leanas ina samplaí tionscadail, ach níl sé teoranta dóibh:

• gairdíní pobail

 • cuibhrinn

• margaí bia

• moil deisithe

 • saoráidí múirínithe pobail

• cuisneoir pobail

 

Téama 4: Siopadóireacht agus Athchúrsáil

Cuireann na nithe a cheannaíonn muid go mór le hastaíochtaí maidir leis an mbealach a ndéantar, a n-iompraítear, a n-úsáidtear, a n-athúsáidtear agus a n-athchúrsáiltear iad. Má leanann muid orainn ag úsáid acmhainní mar atá, bheadh acmhainní ó thrí Dhomhan ag teastáil uainn chun an t-éileamh sin a shásamh faoi 2050. Tá Éire ag bogadh i dtreo geilleagar ciorclach a chruthú - ag déanamh táirgí a mhaireann níos faide, ar féidir athearraíocht a bhaint astu, iad a úsáid arís agus athchúrsáil níos éasca a dhéanamh orthu sa deireadh. Is é ceann de na spriocanna aeráide atá againn ná an méid dramhaíola a athchúrsáiltear a mhéadú agus an pacáistiú ar fad a dhéanamh in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030. Mar shiopadóirí tá sé de chumhacht againn tionchar a imirt. Tá daoine ag athrú a gcuid nósanna siopadóireachta trí tháirgí a mhaireann níos faide a cheannach nó athearraíocht a bhaint as earraí, pleanáil a dhéanamh ar a bheidh le déanamh leis na nithe sin nuair a bheidh siad críochnaithe leo, athchúrsáil a dhéanamh a oiread agus is féidir, a gcuid dramhaíola don bhailiúchán dramhaíola a scaradh go gníomhach agus seirbhísí agus ionaid athchúrsála in aice leo a úsáid.

Áirítear iad seo a leanas ina samplaí tionscadail, ach níl sé teoranta dóibh:

• moil deisithe phobail

• siopaí malartaithe

• fearais in-athúsáidte spóirt / bréagán

• stáisiúin líonta uisce

• fáil réidh le plaisteach aonúsáide sa phobal

 

Téama 4:Gníomhú Áitiúil ar son na hAeráide agus an Chomhshaoil

Tá flúirse acmhainní nádúrtha ag Éirinn, ó na portaigh agus foraoisí go dtí na haibhneacha agus aigéin. Ní mór na hacmhainní nádúrtha sin a chosaint ón athrú aeráide agus má dhéantar sin, cuideoidh siad linn trí charbón a shú, an baol a bhaineann le tuilte a laghdú, plandaí agus fiadhúlra (bithéagsúlacht) a mhéadú, agus feidhmeoidh siad ina n-áiteanna inar féidir linn ar fad ceangal leis an dúlra arís. Is iomaí cineál gnímh pobail atá ann ó ghlanadh suas simplí go scéimeanna pobail nó pleananna a dhéanamh le dul in oiriúint do na hathruithe atá ag tarlú cheana féin.

Bheadh cur chuige iomlánaíoch ag na tionscadail spéise faoin téama seo chun an comhshaol áitiúil a bhainistiú, gníomhú ar son na haeráide ina measc. Áirítear iad seo a leanas ina samplaí tionscadail, ach níl sé teoranta dóibh: • mion-fhoraoisí

• scoileanna foraoise

• úlloird scartha

• gairdíní pobail

• gairdíní dín

 • tionscadail pailneoirí

• bailiú uisce

• tionscadail maidir le teacht aniar na haeráide

• caomhnú na mbogach

 

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Caithfidh eagraíochtaí pobail incháilithe:

  • a bheith ina eagraíocht sheachbhrabúsach.
  • a bheith suite laistigh de Chathair na Gaillimhe.
  • foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach ar nó roimh an spriocdháta agus an t-am sonraithe.
  • a bheith cláraithe le Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe www. galwaycitycommunitynetwork.ie nó a bheith bainteach le grúpaí eile cosúil leis an Wheel, na Bailte Slachtmhara agus/nó grúpa pobail a bhfuil Airteagail Chomhlachais nó Bunreachta acu, a reáchtálann CGB, agus a bhfuil miontuairiscí ceadaithe ar fáil ina leith.

Cén maoiniú atá ar fáil?

Féadfar maoiniú suas le 100% a chur ar fáil do chostais incháilithe agus tá trí scála tionscadail ann:

  • Tionscadail mhionscála suas le €20,000
  • Tionscadail mheánscála idir €20,000 agus €50,000
  • Tionscadail mhórscála idir €51,000 agus €100,000

Conas a chuireann grúpa pobail iarratas isteach?

Bheadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe buíoch dá bhféadfá dul i dteagmháil le d’Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide sula gcuireann tú foirm isteach ar 091 536 441 nó seol ríomhphost chuig climate@galwaycity.ie 

 Gaelige Guidelines

Is féidir iarratais a dhéanamh anois agus is é Dé hAoine an 8 Márta 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Is féidir na foirmeacha iarratais a fháil anseo:https://files.galwaycity.ie/gccapps/index.php/759355?newtest=Y&lang=en