Podchraoladh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

New episodes coming soon! (September 2024)

Mar chuid de #DoLásaChomhairle 2023, is mór an t-áthas a chuireann sé ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tús a chur le sraith na bpodchraoltaí againne, ‘Cathair na Gaillimhe - Do Chomhairle’, a roinneann léargais ar raon na seirbhísí, na dtionscadal agus na ndaoine san údarás áitiúil. 

Mar údarás áitiúil na tríú cathrach is mó in Éirinn - ceannródaí sa chultúr, san oideachas agus sa ghnó - cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe seirbhísí ar fáil do 83,456 gcónaitheoir, le buiséad ioncaim  €113 milliún sa bhliain 2023, agus buiséad caipitil thart ar €5 billiún. thar an deich mbliain le teacht.

Cuireann na húdaráis áitiúla breis agus 1,105 sheirbhís ar fáil, thar réimsí éagsúil ar nós cothabháil na dtránna, póna na madraí, cothú na sláinte, pleanáil straitéiseach, cur chun cinn na turasóireachta, agus soláthar na tithíochta.

Cuirfidh an sraith seo in aithne cuid de na daoine a gcuireann na seirbhísí seo ar fáil chomh maith leis an sárobair a dhéanann siad gach lá inár gcathair.

Beidh Do Lá sa Chomhairle ar siúl Dé hAoine an 22 Meitheamh.

Tá sé mar aidhm ag an lá aird a tharraingt ar an iliomad seirbhísí a chuireann na húdaráis áitiúla ar fáil agus ar an ról tábhachtach acu  i saol sóisialta agus eacnamaíoch a gcuid limistéar. Tugann an lá deis ceiliúradh a dhéanamh freisin ar na daoine a n-oibríonn sna húdaráis áitiúla, ar an tsárobair a dhéanann siad gach lá agus ar an difear a dhéanann siad. #DoLásaChomhairle

Más mian leat daoine ar mhaith leat cloisteáil uathu, nó ábhair ina bhfuil suim agat a mholadh, déan teagmháil trí: communications@galwaycity.ie

Éist linn cibé áit a chloiseann tú do chuid phodchraoltaí. Acast (fuinneog nua)     Spotify (fuinneog nua)   Apple (fuinneog nua)

 

Brendan McGrath

 

Clár 1 - Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach 2013-2023

Le tús la chur eis an tsraith, beidh agallamh againn le Brendan McGrath. Tá Brendan i gceannas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le deich mbliana anuas agus tá sé díreach tar éis scor (Meitheamh 2023) tar éis 47 mbliain aige sa seirbhís phoiblí.

Déanann Brendan machnamh ar chuid de na dúshláin agus de na deiseanna a bhí roimhe, agus é ag obair sa rialtas áitiúil. Ar fháil Dé hAoine 23ú Meitheamh #DoLásaChomhairle

Éist do ghearrthóg

 

Éist don chláir

 

 

 

 

 

Clár 2 Aisling Colreavy - Comhordaitheoir, Cathair Sláintiúil na Gaillimhe

An tseachtain seo, ar Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle, tá Fergal i dteannta le Aisling Colreavy, Comhordaitheoir Sláinte Chathair na Gaillimhe de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Pléann Aisling an fholláine agus an tsláinte, agus an tionchar atá ag an dea-fholláine agus ag an sláinte ar an bpobal. Is cainteoir spreagúil eolasach í Aisling! Éist léi cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.

Sí Aisling Comhordaitheoir Chathair Shláintiúil na Gaillimhe agus tá freagracht aici as na tionscadail agus as na tionscnaimh pobal-stiúrtha a bhfuil mar aidhm acu sláinte agus folláine gach éinne atá ina chónaí i gCathair na Gaillimhe a fheabhsú.

Mar chomhordaitheoir Chathair na Gaillimhe Sláintiúla, tá baint ag Aisling le comhordú agus le cur i bhfeidhm na dtionscnamh spriocdhírithe sna réimsí seo a leanas itheachán sláintiúil, gníomhaíocht choirp, meabhairshláinte, sláinte ghnéis, cosc agus maolú dochar an tobac agus an alcóil - iad dírithe ar leith ar phobail faoi mhíbhuntáiste agus orthu siúd atá i mbaol neamhionannais na sláinte.

Is cuid de Chlár ‘Cathracha Sláintiúla’ na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) í Cathair Shláintiúil na Gaillimhe. Arna tacú ag Coiste Forbartha na bPobal Áitiúil (CFPÁ) de chuid Chathair na Gaillimhe, tá Cathair na Gaillimhe Sláintiúil bunaithe ar an rannpháirtíocht, ar an gcomhoibriú agus ar chruthú na gcomhpháirtíochtaí nuálacha fadtéarmacha. 

Chríochnaigh Aisling BA agus MSc sa tSíceolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá obair á dhéanamh aici le breis is deich mbliain le pobail imeallaithe in Éirinn agus sa RA.

Éist do ghearrthóg

 

Clár 2 - Aisling Colreavy

 

 

Clár 3 Jason Craughwell, Comhordaitheoir, Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe

Le haghaidh Eagrán 3, beidh Fergal ag bualadh le Jason Craughwell, Comhordaitheoir le Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe.

Is é ról Jason gníomhaíocht choirp agus spórt a chur chun cinn do mhuintir na Gaillimhe. Tá baint aige ar bhonn deonach, le cóitseáil Rugbaí agus Iománaíochta araon chomh maith le réiteoireacht cineálacha éagsúla Rugbaí ar nós Rugbaí Leaiste, Rugbaí Sraithe agus Rugbaí Aontais.

Pléann Jason obair na comhpháirtíochta spóirt, agus na dúshláin agus  buntáistí a bhaineann le bheith aclaí agus gníomhach go fisiciúil.

 

Éist do ghearrthóg

 

Clár 3 - Jason Craughwell

 

 

 

Clár 4 Fergal McGrath, Stiúrthóir Ionaid, Amharclann na Cathrach

…is spás iontach í an Ghaillimh do na healaíona…tá rannpháirtíocht iontach ó eagraíochtaí ealaíne áitiúla, comhlachtaí áitiúla – amaitéaracha agus gairmiúla, agus lucht féachana.”

In Eagrán a 4 de Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle, casaimid le Fergal McGrath, Stiúrthóir Ionaid Amharclann Cathrach i nGaillimh.

Pléann Fergal cén fáth a bhfuil tarraingt chomh mór sin ag an nGaillimh agus ag Amharclann Halla na Cathrach do na healaíona, agus cáil idirnáisiúnta na cathrach as a bheith ina háit cultúir agus cruthaitheachta.

Bhí Fergal ina bhainisteoir roimhe sin ar Fhéile Ealaíon na Gaillimhe agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Amharclann Druid.

Sí Amharclann Halla an Bhaile, atá faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, príomhionad taibh-ealaíon na Gaillimhe i gcroílár ghníomhaíochtaí cultúrtha na Gaillimhe, lena n-áirítear féilte móra na cathrach ar nós Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe, Fleadh Scannán na Gaillimhe, Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe, Babaró. Féile na Leanaí, agus Féile Ghrinn na Gaillimhe. Lonnaithe i gcathair le daonra 80,000, sáraíonn an tinreamh bliantúil 100,000 de ghnáth in Amharclann Halla an Bhaile - rud a dhearbhaíonn leibhéil arda na rannpháirtíochta, na húinéireachta agus na tacaíochta.

Éist do ghearrthóg

 

Clár 4 Fergal McGrath

 

 

Clár 5 - Pat McPhilbin - Aonad Bainistíochta Bruscair

An tseachtain seo casaimid le Pat McPhilbin.

Tá Pat McPhilbin mar chuid d’Aonad Bainistíochta Bruscair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe - a bhíonn amuigh ar ár sráideanna gach maidin ó 5rn, ag coinneáil ár gcathrach glan agus réidh le haghaidh gnó.

Tá Pat ag obair leis an bhfoireann le 34 bliain anuas, agus rachaidh sé ar scor i gceann 2 bhliain, tar éis ghairm fhada ag tabhairt aire dár gcathair go discréideach.

Pléann Pat cuid de na buaicphointí a bhaineann le bheith ag obair leis an bhFoireann Bainistíochta Bruscair, agus an buntáiste aisteach a bhaineann le mochéirí i lár na hoíche agus an chuid is mó againn fós inár leapacha.

Is grianghrafadóir fonnmhar é Pat freisin agus coinníonn sé súil ghéar ar ár gcathair – ag tabhairt faoi deara éirí na gréine gach lá, na hathruithe atá tagtha ar an gcathair le níos mó ná 30 bliain anuas, agus cuid de na carachtair agus fiadhúlra atá gníomhach i gciúnas na maidine.

Éist do ghearrthóg

 

Clár 5 Pat McPhilbin

 

 

Clár 6 - Sharon Connolly, Innealtóir Sinsearach

An tseachtain seo i bpodchroaladh Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle, casann Fergal le Sharon Connolly.

Is innealtóir sinsearach í Sharon Connolly i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, a bhfuil freagracht uirthi as Comhshaol, Páirceanna agus Caitheamh Aimsire, agus as Tionscadail Caipitil Spóirt.  

Tá Sharon tar éis obair ar thionscadail ar fud an domhain, lena n-áirítear Éire, an Ríocht Aontaithe agus Catar, agus tá breis agus trí scór bliain taithí aici mar innealtóir.

Thosaigh Sharon a gairm bheatha nuair a bhí i bhfad níos lú ban ag fáil deiseanna i dtionscail STEM – tugann Sharon léargas ar a taithí agus dúshláin, lena n-áirítear bogadh ó chomhairleoireacht phríobháideach go dtí an earnáil údaráis áitiúil le blianta beaga anuas.

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

 

Clár 7 - Brian Barrett, Stiúrthóir Seirbhísí

An tseachtain seo i bpodchraoladh Chathair na Gailimhe – Do Chomhairle, casaimid le Brian Barrett.

Is Stiúrthóir Seirbhíse é Brian Barrett a bhfuil freagracht aige as Rialachas Corparáideach agus Seirbhísí; An Pobal; agus Athrú Aeráide.

Le 30 bliain anuas tá sé ag obair ar fud na n-earnálacha forbartha áitiúla, réigiúnacha agus tuaithe in Éirinn agus san Eoraip, agus é fostaithe sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus pobail.

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

 

Clár 8 - Ian Brennan Bainisteoir, Leisureland

An tseachtain seo ar Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle, casann Fergal le Ian Brennan.

Tá Ian ina Bhainisteoir ar Leisureland i mBóthar na Trá, a rinne comóradh ar 50 bliain ar an bhfód le déanaí.

Is iar-shnámhaí iomaíoch é Ian, tar éis dó go leor fad linne a shnámh i Leisureland le haghaidh oiliúna agus comórtais. Fuair sé oiliúint mar gharda tarrthála agus múinteoir snámha, agus thosaigh sé ag obair i Leisureland i 1993.

Ó shin i leith, rinne Ian maoirseacht ar fhás an Acadaimh Snámha, a mhúineann os cionn 1,700 leanbh in aghaidh na seachtaine chun snámh sa linn 25 méadar, sa linn foghlaimeora agus sa linn fóillíochta.

Bíonn Leisureland ina óstach do 1,300 páiste eile in aghaidh na seachtaine sa chlár scoile agus sna clubanna snámha. Tá sleamhnán uisce spreagúil 65 méadar sa linn chomh maith, agus Mórchúrsa Bacainní Fána Cománlach Inséidte.

Tá giomnáisiam lán-fheistithe, galf eachtraíochta 9 bpoll, siopa caife, agus ionad imeachtaí ag Leisureland freisin agus tagann breis is 250,000 duine tríd an doras in aghaidh na bliana.

 Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chláir 

 

 

Clár 9 – Mary Lyons, Ball Foirne ar Scor/Oifigeach Cléireachais ar Scor

An tseachtain seo ar Cathair na Gaillimhe – An Chomhairle Agatsa, buaileann Fergal le Mary Lyons, a chuaigh ar scor as Comhairle Cathrach na Gaillimhe sa bhliain 2012.

D’fhan Mary sa bhaile ag obair mar bhean an tí ar feadh beagnach 30 bliain, sular fhill sí ar obair íoctha le Comhairle Cathrach na Gaillimhe mar Oifigeach Cléireachais.

Ar fhilleadh di, thuig Mary cé chomh luachmhar agus a bhí na scileanna agus an taithí a ngnóthaigh sí as tógáil 5 leanbh sa bhaile, agus í ag freastal mar thuismitheoir altrama do 23 leanbh san ionad oibre.

Ba bhreá léi a bheith ag obair leis an bpobal - agus fuair sí amach gur chabhraigh a haois agus a taithí saoil léi agus cásanna deachracha á maolú aici - thuig sí nuair a d'fhéadfadh éinne a bheith i gcruachás, agus conas ionbhá a dhéanamh leis chun cabhrú leis a chuid bhuairthí a réiteach.

Agus í ag plé le Fergal, déanann Mary cur síos ar an leas a thagann as fostaithe ag ‘filleadh’ ar an ionad oibre, agus cé chomh mór agus a bhain sí féin sult as a bheith ag éisteacht le agus ag meascadh le baill foirne níos óige ná í agus í ag fáil dearctha nua ar an saol.

Ón eagla uirthi roimh úsáid a bhaint as an bhfótachóipeálaí ar an gcéad lá ar an obair, go dtí dul i ngleic lena comhghleacaithe agus leis na custaiméirí agus an grá á bhaint aici as a cuid oibre, is cainteoir thar a bheith spreagúil í Mary!

Má bhaineann tú misneach as léargais agus as taithí Mary sa mhéid gur mhaith leat a bheith ag obair linn i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, is féidir leat na folúntais reatha a fheiceáil ar ár suíomh Gréasáin! Féach ar www.GalwayCity.ie/Human-Resources

Más ag filleadh ar an obair thú tar éis sos fada, tá roinnt roghanna le breithniú agat orthu agus roinnt céimeanna le déanamh agat – is foinse iontach na faisnéise agus na comhairle é an Biúró um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Féach ar www.CitizensInformation.ie

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

Edward Conlon

Clár 10 - Edward Conlon, Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta

Is Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe é Edward Conlon.

Tá ról tábhachtach ag Oifigigh Idirchaidrimh Pobail ag tacú le pobail i maoin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus iad i mbun oibre chomh éagsúil le cumainn chónaitheoirí a bhunú, comhairle a thabhairt ar thionóntachtaí nó oibriú ar thionscnaimh chomhshaoil nó phobail le cónaitheoirí.

Oibríonn Edward i gceantar Thoir agus Dhabhach Uisce den chathair, le pobail sa Bhaile Bán, Sruthán Mhuirlinne, An Seanbhaile agus eastáit údaráis áitiúil eile.

Tháinig Edward chuig an ról seo tar éis dó a bheith ag obair i rannóg na maor pobail.

Ar feadh 15 bliana, bhain sé taitneamh as an gcaidreamh le grúpaí cónaitheoirí, ag obair go dlúth le pobail, ag éascú cruinnithe, agus ag soláthar comhairle ar dheontais taitneamhachta, laethanta spóirt agus laethanta teaghlaigh.

Pléann sé ról HLO, agus cuid de na gníomhaíochtaí a mbíonn sé páirteach iontu le pobail sa chathair, mar chuid de ról fíorthairbheach a dhéanann difríocht i saolta na ndaoine lena n-oibríonn sé.

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

Clár 11 - Eithne Verling, Stiúrthóir, Músaem Cathrach na Gaillimhe

Tá Eithne Verling ina Stiúrthóir ar Mhúsaem Chathair na Gaillimhe agus ina Comhchoimeádaí ar an taispeántas reatha MONUMENT.

Tá sé mar gheall ag Eithne tiomanta músaem oscailte a chur ar fáil a chuireann fáilte roimh na pobail éagsúla agus a théann i ngleic leo maidir lena gcuid spéiseanna agus lena gcuid scéalta. Tá sé mar gheall aici aici freisin scéalta láidre a léiríu trí bhailiúcháin an mhúsaeim, trí chlár na dtaispeántas, trí imeachtaí, trí chlár rannpháirtíocht an phobail agus trí comhpháirtíochtaí straitéiseacha. Agus í ag fás suas i dteaghlach daoine cruthaitheacha, rinne Eithne creideamh láidir a fhorbairt inti i gcumhacht chlaochlaitheach na healaíne agus na smaointeoireachta cruthaitheacha - sé sin, cumhacht na samhlaíochta, chun teacht ar réitigh ar na ceisteanna - móra agus beaga - a dtéann i ngleic le gach éinne sa tsaol acu.

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

Clár 12 – James Reynolds, Caomhnóir, Músaem Cathrach na Gaillimhe

An tseachtain seo ar Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle, casann Fergal le James Reynolds, Caomhnóir, ó Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe.

Oibríonn James sa chúlra ag caomhnú déantúsáin atá ar taispeáint agus i stóráil shábháilte sa Mhúsaem. Pléann James uirlisí na ceirde do chaomhnóir agus roinnt de na hiontais a bhaineann le hobair ina ghairm bheatha. 

Bhain James Reynolds céim amach ón gClár Staidéir Iarsmalainne, ag Coláiste Algonquin, Ottawa, Ceanada, agus ón gClár Cleachtais agus Bainistíocht Iarsmalainne ag Ollscoil Uladh. 

Tá ocht mbliana is fiche de thaithí aige in earnáil na músaem go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus d’fhóin sé mar chomhalta boird le Cumann Músaem na hÉireann.

D’oibrigh sé ar thionscadail a bhain le músaem d’ Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, don Mhúsaem Ríomhaireachta agus Cumarsáide, Gaillimh, d’Ard-Mhúsaem Stair Cheanada, Ottawa, Músaem Pháirc Chúige Charleston Lake, Ontario, Ceanada, Músaem Pháirc Chúige Bon Echo, Ontario, Ceanada, agus tá sé ag obair faoi láthair le Músaem Cathrach na Gaillimhe. Bíonn sé i dteagmháil go rialta freisin leis an Roinn Caomhnaithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

D’oibrigh sé freisin ar chonradh aisdúichithe Haida agus Nisga le Rialtas Cheanada.

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

 

Clár 13 – Emmet Humphreys, Ailtire Feidhmiúcháin Sinsearach

An tseachtain seo labhraíonn Fergal le Emmet Humphreys, Ailtire Feidhmiúcháin Sinsearach i Rannóg na Tithíocht de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

Bhí Emmet ar dhuine d’eagraithe na comhdhála ‘Athshamhlú na Cathrach Éireanaí’ de chuid an Acadaimh Uirbigh/ Institiúid Ríoga na nAiltirí in Éirinn/ Comhairle Cathrach na Gaillimhe le déanaí i nGaillimh, áit a raibh mórán plé ar an ngá atá le hathchóiriú bunúsach a dhéanamh ar chórais na pleanála, an deartha agus an tseachadta againne faoi láthair le cur ar chumas chathracha agus bhailte na hÉireann maireachtáil agus dul chun cinn sna blianta amach romhainn.

Bhain Emmet céim Dioplóma Ailt. B.Eol.Ailt. (Onóracha) amach ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Shráid Bolton sa bhliain 2001. Bhí Emmet ina Léachtóir páirtaimseartha in Ollscoil Lund na Sualainne 2006-2016 sa Cityspace-Dwellingspace Studio, a bhí mar chuid de ILAUD. Bhí sé ina Stiúrthóir ar a Chleachtadh féin idir na blianta 2003 agus 2018. D’fhág Emmet an cleachtas phríobháideach d'fhonn dul isteach san Údarás Áitiúil.

Áirítear ar a chuid saothair mar chomhúdar West Gate Vision (Fís an Gheata Thiar): Droichead Átha agus Mainistir na Búille sa bhliain 2040. Tá sé ina Ailtire Sinsearach Feidhmiúcháin i Roinn na Tithíochta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag feidhmiú ar an gcomhoibriú idir-rannach le haghaidh tionscadail na bhforbartha fisiceacha. Is comhalta freisin é de Choiste an Deartha Uirbigh de chuid an IRAÉ.

Éist linn cibé áit a chloiseann tú do chuid phodchraoltaí ó 12 Meán Fomhair.

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

Clar 14 - Tom Costello, Maor Madraí Chathair na Gaillimhe 

An tseachtain seo ar phodchraoladh Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle, casann Fergal le Tom Costello, Maor Madraí Chathair na Gaillimhe.

Thosaigh Tom sa ról seo i 2022, nuair a d’aimsigh sé bealach gairmiúil chun a ghrá do mhadraí a chur in iúl!

Is é cúlra Tom oiliúint agus cúram ginearálta madraí, agus tá a gcuid spáinnéar preabach féin aige sa bhaile.

Tugann Tom léargas ar ról Maor Madraí – agus ar an gcaoi a thagann madraí go póna madraí na cathrach.

Pléann Tom idirghníomhaíochtaí le, agus an dearcadh atá ann faoi phórthaí éagsúla madraí – agus conas is féidir le madra ar bith, is cuma cén pór, grá agus gean a thabhairt!

Pléann Tom freisin cé chomh tábhachtach agus atá sé muinín a chothú i madraí, agus conas a aimsíonn Maoir Mhadraí Chathair na Gaillimhe tithe nua do mhadraí a thagann faoina gcúram.

Más mian leat eolas a fháil faoi mhadra a uchtú ó Phóna Madraí Chathair na Gaillimhe, déan teagmháil le (091) 757 094.

 

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

 

 

Clár 15 - Helen Kiloy, Ceann Airgeadais agus Stiúrthóir Seirbhísí do TFC

Thosaigh Helen Kilroy le Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mí Bealtaine 2022, agus is í an Ceann Airgeadais agus Stiúrthóir Seirbhísí do TFC.

Is Cuntasóir Cairte í Helen, tar éis di oibriú go praiticiúil i roinnt ról sinsearach in EY, Deloitte agus BDO, sula ndeachaigh sí isteach in earnáil na n-údarás áitiúil.

Ina ról reatha, déanann Helen maoirseacht ar fhoireann de 47 duine ar fud airgeadas, bainistiú fiach, soláthar, iniúchadh inmheánach agus TFC. Tá Helen freagrach as buiséad na Comhairle de €113m agus tá sí ag obair leis an bhfoireann bainistíochta shinsearach chun rialachas corparáideach, claochlú digiteach agus uasmhéadú ioncaim a bhrú chun cinn.

Labhrann Helen le Fergal faoina haistear suimiúil chuig cuntasaíocht ó staidéar a dhéanamh ar an bhfisic in Oxford go staidéar cuntasaíochta agus  obair san earnáil phríobháideach go dtí a ról i gComhairle Cathrach na Gaillimhe. Roinneann Helen sonraí ar obair na foirne airgeadais lena n-áirítear cur síos ar cad as a dtagann an maoiniú agus an tábhacht a bhaineann le rátaí agus cá háit a dtéann an maoiniú sin ar fad.

 

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

 

Clár 16 - Paula Kearney, Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Cathrach na Gailimhe

An tseachtain seo ar Chathair na Gailimhe – Do Chomhairle, casann Fergal leis an gcéad Oifigeach Bithéagsúlachta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe - Paula Kearney.

Tá Baitsiléar Eolaíochta ag Paula san Éiceolaíocht agus Eolaíocht Chomhshaoil, Ard-Dioplóma i bPleanáil agus Dlí Comhshaoil, agus is Éiceolaí Cairte í.

Le linn a slí bheatha ghairmiúil a mhaireann os cionn 20 bliain, tá comhairle straitéiseach curtha ar fáil ag Paula agus bhainistigh sí ionchuir ildisciplíneacha do Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta ar réimse leathan tionscadal lena n-áirítear feirmeacha gaoithe, glasbhealaí, bóithre, scéimeanna cóireála uisce agus faoiseamh ó thuilte.

Ina ról reatha, éascaíonn agus comhordaíonn Paula cur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ina thugtar tús áite d’fheasacht ar bhithéagsúlacht a fhorbairt, agus tacú le dearcadh dearfach i leith na bithéagsúlachta, i measc páirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear an pobal, foireann agus oifigigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, forbróirí, ailtirí, innealtóirí agus úinéirí talún mar shampla.

Tá baint aici freisin le réitigh nádúr-bhunaithe a fhorbairt le haghaidh oiriúnú agus maolú aeráide, agus cuidíonn sí leis an bpróiseas pleanála chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

Is ionann ‘Bithéagsúlacht’ agus na cineálacha éagsúla beatha ar fad a fhaightear i limistéar amháin – éagsúlacht na n-ainmhithe, na bplandaí, na bhfungas agus fiú na miocrorgánaigh ar nós baictéir a chuimsíonn ár ndomhan nádúrtha. Oibríonn gach ceann de na speicis agus na horgánaigh seo le chéile in éiceachóirais, cosúil le gréasán casta, chun cothromaíocht a choinneáil agus tacú leis an mbeatha. Tacaíonn Bithéagsúlacht le gach rud sa nádúr a theastaíonn uainn le maireachtáil: bia, uisce glan, leigheas, agus foscadh.

San eagrán seo, labhrann Fergal le Paula faoin ról atá ag Oifigigh Bithéagsúlachta, agus faoin gcineál oibre a dhéanann Oifigigh Bithéagsúlachta, lena n-áirítear oibriú go dlúth le pobail oibrithe deonacha atá tiomanta do bhithéagsúlacht na Gaillimhe a shaibhriú agus a fheabhsú. 

Éist leis pé áit a fhaigheann tú do phodchraoltaí ó Dé Máirt 03 Deireadh Fómhair, nó sruthaigh é ó  www.GalwayCity.ie/Podcast

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

Clár 17 - Marcus Ó Conaire, Oifigeach na Gaeilge

An tseachtain seo, labhrann Fergal le Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge.

Cainteoir dúchais é Marcus, a d’fhás aníos i gCois Fharraige, cuid de  Ghaeltacht na Gaillimhe. Baineann a chúlra leis an eolaíocht, taighde agus teagasc agus le blianta beaga anuas bhí sé ina Oifigeach Tionscadail do thionscadal Interreg an AE, ag feabhsú deiseanna gnó i nGeilleagar Gorm an Limistéir Atlantaigh.

San eagrán seo, cloisfidh tú comhrá iontach faoi ról na Gaeilge i stair, tíreolaíocht agus cultúr na Gaillimhe.

Má tá tú spreagtha chun dul i mbun comhrá arís, is féidir leat eolas a fháil faoi ranganna Gaeilge i gCathair na Gaillimhe ag https://www.GleG.ie.

Má tá gnó agat agus más spéis leat a bheith dátheangach, déan teagmháil le Gaillimh le Gaeilge chun fáil amach faoina dtacaíochtaí do ghnólachtaí https://www.GleG.ie. Seo thíos naisc chuig acmhainní iontacha eile ar líne chun tú a chur ar bhóthar na Gaeilge arís!

Éist leis pé áit a fhaigheann tú do phodchraoltaí, nó sruthaigh é ó www.GalwayCity.ie/Podcast

 

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

 

Clár 18 - Brian Sheridan, Máistir Cuain, Calafort na Gailliamhe

San eagrán deiridh den chéad sraith de ‘Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle’, casann Fergal le Brian Sheridan, Máistir Cuain i gCalafort na Gaillimhe, chun tuilleadh a fháil amach faoi ról an Mháistir Chuain, agus faoi thábhacht Calafort na Gaillimhe anois agus san am atá thart.

Thosaigh Brian ag obair i gCuan na Gaillimhe i mí na Nollag 1999 tar éis dó a bheith ina Mháisitr le A.P. Møller, comhlacht loingseoireachta na Danmhairge, agus luíonn a shaineolas le hiompar GPL agus ábhair cheimiceacha.

Bhí baint lárnach ag Brian leis an Rás Aigéin Volvo ardphróifíle a thabhairt go Gaillimh i 2009 agus i 2012 – ag cur Gaillimh os comhair lucht féachana idirnáisiúnta.

Tháinig Brian isteach san obair seo mar gheall ar an spéis mhór atá aige san fharraige ó thaobh fóillíochta agus timpeallachta de. Chomh maith leis sin, bhí a athair Frank agus uncail Gordon ina chaptaein loinge trádála mar sin tá roinnt sáile sa bhfuil aige!

Nuair nach mbíonn sé ag maoirsiú oibríochtaí sa Chuan agus ag pleanáil don todhchaí, is breá le Brian a bheith ag seoltóireacht agus ag caitheamh ama lena Gharmhac Conall.

Calafort na Gaillimhe atá ar an gcomhlacht atá i ritheann Calafort na Gaillimhe.

Thóg Comhairle Cathrach na Gaillimhe seilbh ar an gcomhlacht ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ó 2021 i leith.

Éist leis pé áit a fhaigheann tú do phodchraoltaí ó 17.10.2023, nó sruthaigh é ó www.GalwayCity.ie/Podcast

 

Éist do ghearrthóg

 

Éist don Chlár

 

 

 

Ár Láithreoir

Is é Fergal O’Keeffe láithreoir podchraoladh Chathair na Gaillimhe – Do Chomhairle.

Cruthaíonn, léiríonn agus láithríonn Fergal podchraoltaí do chomhlachtaí lena n-áirítear Electric Ireland, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Teachers’ Inspire Ireland, Electric Ireland Superhomes, Six Seconds Europe, Ireland’s Blue Book, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae an Chláir, Comhairle Chontae an Longfoirt, agus Comhairle Cathrach Dhoire. 

Léiríonn agus láithríonn Fergal an podchraoladh taistil is fearr in Éirinn, an podchraoladh ‘Scéalta Taistil le Fergal’, a n-éistear leis i mbreis agus 110 tír, agus tá eagráin déanta aige do bhoird turasóireachta na Spáinne, na Portaingéile, na hEilvéise, agus na Gréige.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Fergal ar fergal@lume.ie