-
Is féidir dul i dteagmháil leis an Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí mar seo a leanas:
- Teileafón: 091 536400
- Ríomhphost: customerservice@galwaycity.ie
- Go pearsanta nó sa phost: Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
-
Cá bhfaighidh mé an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2021 - 2024 do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Forbraíodh an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí seo i ndiaidh glacadh le Plean Corparáideach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2021 – 2024. Sonraítear sa Phlean Corparáideach bunluachanna, príomhchuspóirí agus na straitéisí a bheidh mar bhonn leis na cuspóirí sin a chomhlíonadh thar shaolré an Phlean.
-
Cén chaoi a dtabharfaidh mé Aiseolas Custaiméirí do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh gach aiseolas (idir dhearfach agus diúltach) ónár gcustaiméirí.
Spreagaimid custaiméirí leis an aiseolas sin a thabhairt dúinn i scríbhinn
- ar ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie
- i litir chuig Seirbhísí do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
-
Cén difríocht atá idir Gearán ó Chustaiméir agus Achomharc ó Chustaiméir?
Má tá ceist agat nó má tá tú míshásta le cinneadh nó le gné dár seirbhís, ba mhaith linn fios a bheith againn faoi ionas gur féidir linn an cheist a réiteach.
Tugtar le fios i ngearán go bhfuiltear míshásta leis an gcaoi a bpléann an Chomhairle lena custaiméirí agus í ag seachadadh a cuid seirbhísí, nó leis an gcaoi a bhfreagraíonn sí a custaiméirí i seachadadh na seirbhísí sin.
Tugtar le fios in achomharc go bhfuiltear míshásta le cinneadh de chuid na Comhairle maidir le
- soláthar seirbhíse
- do theidlíocht ar sheirbhís nó ar shochar a bhaineann le seirbhís
- gníomhaíochtaí, atá faoi réir rialú na Comhairle.
Faisnéis maidir le gearán ó chustaiméir a dhéanamh
-
Cén chaoi a dtabharfaidh mé Gearán ó Chustaiméir?
Más mian leat gearán a dhéanamh faoi chaighdeán na seirbhíse a fuair tú féadfaidh tú glaoch a chur nó iarraidh labhairt le hOifigeach atá i gceannas ar an réimse lena mbaineann an gearán.
Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, ba cheart duit Foirm Ghearáin ó Chustaiméir a líonadh isteach.
Íoslódáil Foirm Ghearáin maidir le Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (DOC, 24 kb)Ba cheart an gearán a sheoladh sa phost nó a thabhairt isteach chuig:
Gnóthaí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.Féadfaidh tú freisin do ghearán a chur i ríomhphost chuig customerservice@galwaycity.ie
Nuair a bheidh tú ag cur gearán isteach ar ríomhphost, luaigh le do thoil i do ríomhphost gur mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh.
-
Céard é an Nós Imeachta atá ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun Gearáin agus Achomhairc a dhéanamh?
Gearáin maidir le Seirbhísí do Chustaiméirí
Caithfear go dáiríre leis na gearáin ar fad agus rachfar i ngleic leo i gceart, go cothrom agus go neamhchlaonta.
Má dhéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe botún, gabhfaimid ár leithscéal, déanfaimid iarracht míniú a thabhairt ar céard a tharla agus réiteoimid an scéal, nuair is féidir linn.
Nuair is iomchuí, déanfaimid athbhreithniú ar ár nósanna imeachta agus déanfaimid na hathruithe is gá ionas nach dtarlóidh a leithéid arís.Déanfaidh an Rannán Seirbhísí Corparáideacha monatóireacht ar an Nós Imeachta Gearán.
Má tá custaiméir fós míshásta leis an gcaoi ar phléigh an tOifigeach a bhí i gceannas an réimse lena mbaineann leis an ngearán, is féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh.Achomharc ar Sheirbhísí do Chustaiméirí
Ní mór an tAchomharc ar Sheirbhísí do Chustaiméirí a dhéanamh i scríbhinn, ag lua na gcúiseanna atá leis an achomharc agus é a chur ar aghaidh chuig an Rannán Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Ainmneoidh an Stiúrthóir Seirbhísí do Ghnóthaí Corparáideacha Oifigeach iomchuí chun dul i ngleic leis an achomharc.
Agus admháil á tabhairt maidir le hAchomharc ar Sheirbhísí do Chustaiméirí tabharfar tuairim maidir leis an tréimhse ama a thógfaidh sé an t-achomharc a láimhseáil. -
Cén chaoi a ndéanfaidh mé achomharc ar chinneadh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Ba cheart achomhairc a dhéanamh i scríbhinn chuig oifigeach atá níos sinsearaí ná an té a rinne an cinneadh, agus ba cheart cuntas a thabhairt freisin ar na cúiseanna go ndearnadh an t-achomharc.
Agus admháil á tabhairt maidir le hachomharc seirbhíse, tabharfar tuairim maidir leis an tréimhse ama a thógfaidh sé an t-achomharc a láimhseáil. Cuirfear ar an eolas thú i scríbhinn faoi thoradh an achomhairc.
Ba cheart achomhairc a sheoladh i scríbhinn chuig Seirbhísí Corparáideacha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Ba cheart go luafaí san achomharc a chuireann tú isteach go bhfuil achomharc foirmiúil á sheoladh agat.
Achomhairc Reachtúla:
Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra deiridh maidir le gearáin nó achomhairc féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Ombudsman. Tá an tOmbudsman cothrom, neamhspleách agus saor in aice le húsáid.
Iarrfaidh an tOmbudsman sonraí do ghearáin ort, agus cóip den fhreagra deiridh againne ort i leith do ghearáin. Is é an bealach is fearr teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ná:
· Cliceáil ar an nasc ‘Déan Gearán’ ag www.ombudsman.ie
· Scríobh chuig: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 nó
· Glaoch ar an Ombudsman ar 01 639 5600 má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cúnamh uait do ghearán a dhéanamh.
-
Cá bhfaighidh mé Cairt Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Deirtear an méid seo a leanas i gCairt Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
Is tosaíocht lárnach do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é Seirbhís agus Cúram d’ardchaighdeán a sholáthar do Chustaiméirí.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do sheirbhís den chéad scoth a chur ar fáil dá custaiméirí ar fad ar bhealach éifeachtach, cothrom, measúil, rúnda agus neamh-idirdhealaitheach. Sonraítear sa chairt custaiméirí seo prionsabail na seirbhíse do chustaiméirí ar ardchaighdeán ar féidir a bheith ag súil leo ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Caighdeáin Seirbhíse Ardcháilíochta
Cinnteoimid go bhfuil na caighdeáin seirbhíse ardcháilíochta atá sonraithe inár bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2021 – 2024 á gcomhlíonadh.
Comhionannas, Éagsúlacht & Cearta an Duine
· Cinnteoimid go gcaithfear go comhionann le gach duine agus tacóimid le héagsúlacht na cathrach agus déanfaimid iarracht torthaí comhionanna a chinntiú go gach grúpa, de réir ár nDualgais Earnála Poiblí maidir le comhionannas agus cearta an duine.
· Cuirfimid obair i gcrích chun bacainní ar rochtain ar sheirbhísí do dhaoine atá thíos leis de thoradh na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a aithint agus chun déileáil leis na bacainní sin.
Oscailteacht agus Neamhchlaontacht
· Déileálfaimid leat go cothrom agus go hoscailte.
· Pléifimid aon ghnéithe den déileáil a bhíonn agat linn agus míneoimid duit conas a ndearnadh cinneadh.
Rochtain Fhisiciúil
Soláthróimid oifigí poiblí glana, inrochtana a chomhlíonfaidh caighdeáin cheirde agus sábháilteachta, agus a éascóidh rochtain do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Eolas
· Soláthróimid eolas soiléir, cabhrach, beacht agus cothrom le dáta atá éasca a thuiscint.
· Úsáidfimid teanga shimplí agus ní úsáidfimid téarmaí teicniúla / dlíthiúla ach amháin nuair is gá. Cinnteoimid go mbeidh ár suíomh gréasáin agus meáin shóisialta cothrom le dáta.
· Cosnóimid do chuid eolais ar bhealach a chinntíonn go bhfuil Rialacháin Cosanta Sonraí á gcomhlíonadh againn.
Tráthúlacht agus Cúirtéis
· Déileálfaimid le gach custaiméir go tapa, go cúirtéiseach agus go híogair agus beidh aird chuí againn ar phríobháideacht agus ar rúndacht.
· Beimid gairmiúil agus cabhrach agus cuirfimid ainm (neacha) teagmhála foirne ar fáil ionas go gcuirtear idirbhearta leanúnacha i gcrích gan stró.
Rogha
· Déanfaimid iarracht rogha a thabhairt, más féidir, i ndáil le modhanna íocaíochta, rochtain ar sheirbhísí agus soláthar seirbhísí.
· Bainfimid lántairbhe as teicneolaíocht chun soláthar seirbhíse a fheabhsú agus chun rochtain ar líne ar sheirbhísí a sholáthar nuair is féidir.
Comhairliúchán & Measúnú
· Soláthróimid cur chuige struchtúrtha i ndáil le comhairliúchán lánbhrí lenár gcustaiméirí, agus rannpháirtíocht ár gcustaiméirí i bhforbairt, soláthar agus athbhreithniú ar sheirbhísí.
· Déanfaimid monatóireacht agus measúnú ar ár seirbhísí agus feidhmíocht i gcomparáid leis na tiomantais atá luaite sa Chairt seo agus leanfaimid lenár Seirbhísí do Chustaiméirí a athbhreithniú.
· Spreagfaimid custaiméirí chun aiseolas a sholáthar (diúltach nó dearfach) i ndáil le caighdeán na seirbhíse atá curtha ar fáil.
Seirbhísí i dteangacha eile
Freastalóimid ar chustaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann agus teangacha eile más féidir.
Cuntasacht
· Cuirfimid ár gcuid oibre i gcrích go hionraic agus ag na caighdeáin ghairmiúla is airde i ndáil lenár seirbhísí ar fad agus cinnteoimid go ndéantar cinntí ar mhaithe le leas an phobail.
· Déanfaimid monatóireacht ar chomhlíonadh agus cuirfimid athbhreithnithe bliantúla ar chaighdeáin agus ar fheidhmíocht i gcrích agus foilseoimid sonraí maidir le feidhmíocht i gcomparáid le táscairí seirbhíse i raon sheirbhísí na Comhairle inár dTuarascáil Bhliantúil.
Comhordú Níos Fearr
Spreagfaimid cur chuige níos comhordaithe agus níos comhtháite i ndáil le seirbhísí a sholáthar dár gcustaiméirí.
Custaiméir Inmheánach
· Cinnteoimid go nglactar le baill foirne mar chustaiméirí inmheánacha agus go bhfuil siad oilte go cuí, go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh agus go bhfuiltear ag dul i gcomhairle leo maidir leis na seirbhísí atá á soláthar acu.
· Úsáidfimid cainéil chumarsáide chun tacú le agus chun freagairt do róil thábhachtacha cheannaireachta a bhaineann le hionadaíocht, rialachas corparáideach agus ceannaireacht phobail na gComhaltaí Tofa.
Gearáin & Achomhairc
Soláthróimid nós imeachta gearán agus achomharc atá inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid do chustaiméirí nach bhfuil sásta le caighdeán na seirbhíse atá á cur ar fáil againn - tá mionsonraí le fáil ag : www.galwaycity.ie/gearain- agus-achomhairc
-
Cé chuige a rachaidh mé mura bhfuilim sásta le cinneadh faoi mo Ghearán/Achomharc?
Má mheasann tú gur caitheadh go míchothrom leat nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh maidir le do ghearán, is fútsa atá sé dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman.
De réir an dlí is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi aon cheann dár ngníomhartha nó ár nósanna imeachta riaracháin mar aon le moill nó easpa gnímh i do chuid déileálacha linn.
Tugann an Ombudsman seirbhís réitigh díospóide atá neamhchlaonta, neamhspleách agus saor in aisce.
Is iad seo a leanas na sonraí teagmhála:
Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teil. +353 1 639 5600
Ríomhphost: complaints@ombudsman.ie
Suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie/
Twitter: @OfficeOmbudsman
Gearáin agus Achomhairc
Cén chaoi a ngabhfaidh mé i dteagmháil le Rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe? Is tosaíocht do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar do chustaiméirí. Mura bhfaighidh tú freagra ar do cheist ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, is féidir leat dul i dteagmháil ansin leis an Ionad Seirbhísí do Chustaiméirí a chuideoidh leat le d’fhiosrú.