Comhairle

Céard é ról na Comhairle?

Tá dhá ról ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar údarás áitiúil:

  • Ról Ionadaíoch
  • Ról Oibríochtúil / Feidhmiúcháin

Cuireann comhaltaí tofa na Comhairle an Ról Ionadaíoch i gcrích go díreach.

Is iad Foireann na Comhairle a chuireann an Ról Oibríochtúil / Feidhmiúcháin i gcrích, faoi cheannaireacht Bhainisteoir na Cathrach agus na Foirne Bainistíochta agus iad freagrach as raon seirbhísí.

  • Tithíocht
  • Pleanáil
  • Bóithre
  • Soláthar uisce agus séarachas
  • Dreasachtaí agus rialacháin forbartha
  • Cosaint an chomhshaoil
  • Áiseanna agus fóntais caitheamh aimsire

Anuas ar na feidhmeanna a bhfuil cuntas orthu thuas, tá sé mar ról bunúsach ag rialtas áitiúil atá tofa go daonlathach ionadaíocht a dhéanamh ar phobail áitiúla, ábhar imní atá ar mhuintir na háite a chur in iúl agus freagra a thabhairt ar riachtanais áitiúla.

Tá 18 gcomhalta thofa ann a thoghtar i dtrí thoghcheantar áitiúla:

Léarscáil: Toghcheantar Áitiúla

Toghtar na Comhairleoirí ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh na dtoghchán áitiúil.

Toghtar na Comhairleoirí ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh na dtoghchán áitiúil.

Cé hé Méara Chathair na Gaillimhe?

Méara na Gaillimhe: An Comh. Peter Keane

Tel: 091 536400 

Ríomhphost: mayorsoffice@galwaycity.ie