An Ghaeilge

Is cathair dhátheangach í Gaillimh, ina bhfuil dhá cheantar mhóra Gaeltachta. Is 'Baile Seirbhíse Gaeltachta' é Cathair na Gaillimhe chomh maith

Is cathair dhátheangach í Gaillimh, ina bhfuil dhá cheantar mhóra Gaeltachta - i gCnoc na Cathrach, agus sa Bruach Thoir, lena n-áirítear Tír Oileáin, Na Cualacha, Mionlach, Baile an Dúlaigh, Baile an Phoill, An Pháirc Mhór agus codanna den Chaisleán Gearr.

Is 'Baile Seirbhíse Gaeltachta' é Cathair na Gaillimhe chomh maith – baile atá suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó in aice le ceann, a chuireann seirbhísí agus áiseanna ar fáil do phobal na Gaeltachta. 

Tá líon suntasach cainteoirí Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, 32,708 duine a bhí in ann Gaeilge a labhairt, de réir Dhaonáireamh 2022

 

Cén Leibhéal ag a Bhfuil mé?

Seiceáil do chumas Gaeilge ar thrialacha Gaelchultúr atá le fáil ar líne. 

 

Acmhainní

  • Focal - Bunachar sonraí ar líne d'fhocail chomhaimseartha na Gaeilge, a d’fhorbair Foras na Gaeilge 
  • Teanglann – Tugtar sainmhínithe, eolas gramadaí agus comhaid fuaime d'aon fhocal ar leith d’úsáideoirí, agus an rogha ann iad a chloisteáil i gcanúintí éagsúla
  • Téarma – An bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge 
  • Duo Lingo - Cuir le do stór focal agus foghlaim an chaoi chun abairtí a chur le chéile ar aip Duo Lingo. 
  • Forvo - Clóscríobh an focal atá á lorg agat i nGaeilge sa bharra cuardaigh agus beidh tú in ann a chloisteáil conas an focal a rá, chomh maith le brí an fhocail agus an uair is féidir é a úsáid in abairt.
  • Abair - Aistrigh téacs fada go comhad fuaime le Abair.ie 
  • Leabhair Leabharlainne – Tá sé saor in aisce a bheith i do bhall de do leabharlann áitiúil. Íoslódáil ríomhleabhair agus ríomh-chlosleabhair i nGaeilge ar Borrowbox ar do ghuthán, táibléad nó léitheoir. Is féidir cruachóipeanna i nGaeilge a iarraidh ó fhoireann na leabharlainne (ar líne nó sa leabharlann féin). 
  • Raidió – Bí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar a bhfuil réimse leathan clár, ó chláir nuachta, cúrsaí reatha, ceol, ealaín, spórt agus siamsaíocht.
  • TG4 nó Seinnteoir TG4 – Féach ar chláir i nGaeilge ar chainéal teilifíse na hÉireann atá tiomnaithe don Ghaeilge.
  • Cúla 4 – Is cainéal teilifíse Gaeilge é do pháistí atá faoi chúram TG4.
  • Páipéir nuachtaAn PáipéarTuairisc
  • Aip MOLSCÉAL - Físeáin ghearra i nGaeilge. 
  • Raidió Rí Rá – Meascán de cheol cairte agus giotaí beaga nuachta a bhíonn sothuigthe.
  • Blas Pod - Podchraoladh Gaeilge ar na hIrisleabhair ar a mbíonn scéalta, plé, nuacht agus go leor eile
  • Podchraoladh Beo ar Éiginn – Comhráite ar an saol laethúil le Sinéad Ní Uallacháin, Áine Ní Bhreisleáin agus Siún Ní Dhuinn
  • www.Feilire.com - Imeachtaí Gaeilge i nGaillimh

 

An Scéim Teanga / Reachtaíocht na Gaeilge

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Leagtar amach stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann. Luaitear in Airteagal 8 den Bhunreacht:

1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

 

Shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar an 14 Iúil 2003.

Is é aidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus cáilíocht na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal i nGaeilge a mhéadú agus a fheabhsú ar bhealach eagraithe thar thréimhse ama.

Leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 dualgais comhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus cearta an phobail leas a bhaint as na seirbhísí sin.

Scéim Teanga ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe freisin chun soláthar seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha a fhorbairt ar bhonn céimnithe.

 

An Chéad Chruinniú den Chomhairle Gaeilge le hóstáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

D'óstáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe cruinniú iomlán dátheangach (Gaeilge/ Béarla) Dé Luain 10 Márta 2024 – an chéad chrinniú den sórt sin i stair na Comhairle. Aithnítear ag an gcruinniú an seasamh ar leith atá ag Gaillimh mar chathair dhátheangach agus Ghaeltachta, agus mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. 

Ag teacht le Seachtain na Gaeilge 2025, d'eascair an moladh do chruinniú dátheangach ón bhfochoiste polasaí straitéiseach nuabhunaithe don Ghaeilge i mí na Nollag 2024. Ba mhaith le 80% de dhaoine i nGaillimh níos mó Gaeilge a úsáid gach lá, de réir taighde atá déanta ag Gaillimh le Gaeilge. 

Bhí ateangairí ar fáil trí fearas cinn ag chruinnithe na Comhairle i mí an Mhárta, agus bhí cáipéisí cruinnithe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Chuir roinnt comhairleoirí rúin chun cinn agus rinne siad ranníocaíochtaí as Gaeilge. 

Léigh níos mó