Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe clár comhordaithe d'oibríochtaí cothabhála geimhridh a chur ar fáil ar bhealaí a bhfuil tosaíocht ar leith sannta dóibh. Sanntar rátáil tosaíochta idir 1 agus 3 ar bhealaí bunaithe ar aicme áirithe an bhóthair phoiblí, ar an méid tráchta a bhíonn ar an mbealach agus ar thábhacht an bhealaigh ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Tá leibhéal sonraithe cothabhála le déanamh ar bhealach ag brath ar an rátáil tosaíochta atá sannta do bhealach ar leith.
Document Plean Seirbhise Geimhridh 2024-2025 (as Béarla).pdf (PDF, 1.76MB)Plean Seirbhise Geimhridh 2024 - 2025
Is é cuspóir Phlean Cothabhála an Gheimhridh na próisis, na nósanna imeachta agus na príomhphearsanra atá fostaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun seirbhísí cothabhála an Gheimhridh a chur ar fáil do Chathair na Gaillimhe a aithint.