Is féidir torann timpeallachta a shainmhíniú mar fhuaim lasmuigh nach dteastaíonn nó fuaim díobhálach a chruthaítear trí ghníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear torann ó fhoinsí iompair agus ó earnáil na tionsclaíochta.
Is é is aidhm don Treoir maidir le Torann Timpeallachta (END)(2002/48/EC) 'cur chuige comhchoiteann a shainiú atá ceaptha chun na héifeachtaí díobhálacha, lena n-áirítear crá, mar gheall ar neamhchosaint ar thorann timpeallachta a sheachaint, a chosc nó a laghdú ar bhonn tosaíochta'.
Rinneadh END a thrasuí i nDlí na hÉireann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Timpeallachta) 2006 (I.R. 140/2006) (na ‘Rialacháin’). Rinneadh athbhreithniú ar na rialacháin sin le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Timpeallachta) 2018, (I.R. Uimh. 549/2018) agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Torann Timpeallachta) 2021 (I.R. Uimh. 663/2021).
Ceanglaítear leis na Rialacháin Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn agus Pleananna Gníomhaíochta Torainn a dhéanamh nó a athbhreithniú gach cúig bliana.
Is é Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) an comhlacht ainmnithe um torann a mhapáil do bhóithre náisiúnta agus rinne sé léarscáileanna straitéiseacha torainn a ullmhú do na mhór-bhóithre náisiúnta i gCathair na Gaillimhe.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ainmnithe mar Chomhlacht Mapála Torainn chun léarscáileanna straitéiseacha torainn a dhéanamh agus a fhaomhadh do mhór-bhóithre i gCathair na Gaillimhe nach bóithre náisiúnta iad.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ainmnithe freisin mar Údarás Pleanála Gníomhaíochta atá freagrach as Plean Gníomhaíochta Torainn a ullmhú do Chathair na Gaillimhe.
Tá na Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn mar bhonn eolais leis an bPlean Gníomhaíochta Torainn agus is ar na Léarscáileanna sin atá sé bunaithe. Cumhdaítear leis an bplean torann ó iompar de bhóthar ó mhór-bhóithre a mbíonn méid tráchta atá níos mó ná 3 mhilliún feithicil in aghaidh na bliana orthu. Ní chumhdaítear leis an bplean torann arb é an duine neamhchosanta is cúis leis, torann ó ghníomhaíochtaí tí, torann ó chomharsana, torann ag áiteanna oibre nó torann laistigh de mhodhanna iompair nó de bharr gníomhaíochtaí míleata i limistéir mhíleata.
Rinneadh scagadh ar an bPlean Gníomhaíochta Torainn le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí. Thángthas ar an gconclúid sa scagadh nach raibh gá le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ná le Measúnacht Chuí. Rinneadh cinntí a ullmhú don dá mheasúnacht.
Is féidir scrúdú a dhéanamh ar chóip de Phlean Gníomhaíochta Torainn Chathair na Gaillimhe 2024-2028 agus de na Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn 2022 i mBabhta 4 ag na naisc thíos. Tá fáil ar chóip den Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus den Mheasúnacht Chuí mar aon leis na Cinntí maidir leis na measúnachtaí sin ag naisc eile freisin.
Doiciméid
Plean Gníomhaíochta Torainn 2024-2028
Léarscáileanna Straitéiseacha Torainn 2022 (Babhta 4)
Cinneadh na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta
Tuairisc scagtha na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta
Tuairisc scagtha na Measúnachta Cuí