Foireann Soghluaisteachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

I mí Mhárta 2020, d'athraigh an saol mar b'eol dúinn é thar oíche. Tá pandéim an COVID-19 tar éis cur as dár saoil, go háirithe ar an mbealach a n-oibrímid, ár saol sóisialta agus an bealach a mbímid ag caidreamh lena chéile. Tá sí tar éis olltionchar a bheith aici ar ár gcóras iompair, le leibhéil laghdaithe taistil, ó bhonn, agus beifear ag cur isteach ar ár bpátrúin ghluaiseachta go ceann píosa maith eile. Leis na pátrúin nua taistil agus riachtanais scaradh sóisialta seo a éascú, caithfear ath-leithdháileadh spás bóthair, cosáin agus saoráide a thabhairt isteach sa chathair.

Le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo, agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais gach páirtí leasmhar ar bhealach cothrom, comhtháite agus comhordaithe, tá Foireann Soghluaisteachta Cathrach idir-rannach curtha ar bun ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, faoi stiúir an Roinn Iompair

Ba é ról an Fhoireann Soghluaisteachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ná idirghabhálacha soghluaisteachta praiticiúla gearr/idirthréimhseacha a mheas agus a chomhaontú sa chathair, tar éis di éisteacht le agus comhchomhairliú le gach páirtí leasmhar. Fuarthas os cionn 1,400 aighneachtaí i samhradh 2020.

 

D'éirigh le hiarratas ó Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar mhaoiniú trí Covid-19 agus Chiste Spreagtha an Údaráis Náisiúnta Iompair 2020 ar luach os cionn € 4.4 milliún chun bearta dinimiciúla, sealadacha a sheachadadh chun tacú le taisteal gníomhach agus fadú sóisialta.

Na tionscnaimh is féidir a bhaint amach ag an Fhoireann Soghluaisteachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

Stadanna bus, stadanna tacsaithe agus gcuas lódála san Fhaiche Mhór

 7.2km de lánaí rothair a athsholáthar ó Achomal na Bháile Bán ar an N6 go Timpeallán na mBrúnach

Cnaipí brú gan teagmháil ar thrasrianta coisithe

Athdhromchlú acomhail na Cathrach chun cáilíocht agus sábháilteacht dromchla do rothaithe a fheabhsú.

Athsholáthar chosáin Sráid Dhoiminic Uachtarach

Athdhromchlú ar An tSráid Ard agus Sráid na Céibhe

Soilsiú poiblí ag láithreacha lena n-áirítear: An Pháirc Theas, An Charraig Dhubh, the plots, Barr an Chalaidh, Eastát Sruthán Thiar go Bhóthar Bhaile an Mhóinín, Fearann na Manach go lána Fearann Dara (Bóthar na Trá), agus Dabhach Uisce go lána Bóthar an Chósta.

Coisithe ar Shráid na Croise

Cosán inrochtana Páirceáil agus Siúil trí Choill Barna, ag nascadh Páirc na Ceapaí agus Trá na gCeann.

Galway Mobility Dashboard

Páirceáil rothar ar an tsráid

Scáthlán bus

Ceadúnas sealadach Bord agus Cathaoireacha a thabhairt isteach don earnáil fáilteachais

Dearadh páircíní saincheaptha agus páirceáil rothar.

Athsheoladh Páirceáil agus siúil i gcomhthráth le filleadh leanaí ar scoil i gCathair na Gaillimhe. Eisíodh níos mó ná 420 cead i mí Lúnasa agus Meán Fómhair amháin. Is féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí clárú tríd www.galwaycity.ie/parkandstride.

Tús a chur le hobair ar an Droichid Coisithe agus Rothaíochta Iarnród an Chlocháin agus Wolfe Tone agus

Treoirlínte a fhorbairt maidir le scuaine do ghnólachtaí a athosclóidh i samhradh 2020

Tá an comhoibriú trasrannach ar siúl i gcónaí, agus roinnfear nuashonruithe leis na Baill Tofa, le grúpaí ionadacha agus leis an bpobal trí chainéil éagsúla, lena n-áirítear suíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus cuntais meán sóisialta, preasráitis agus ráitis.

Tá an Comhairliúchán poiblí trí Fhoireann Soghluaisteachta Chathair na Gaillimhe dúnta anois. Is féidir iarratais a threorú trí ghnáthbhealaí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe. Téigh i dteagmháil le Seirbhísí do Chustaiméirí ag 091 546 400 nó customerservice@galwaycity.ie 

Top...

Cheadúnais Bord agus Cathaoireacha - Earnáil Fáilteachais

Ní bheidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag bailiú táillí do Cheadúnais Bord agus Cathaoireacha don earnáil fáilteachais as seo go deireadh 2021, chun cabhrú le gnólachtaí oibriú de réir na dtreoirlínte um scaradh sóisialta de réir mar a athosclaíonn an earnáil.

Tá dhá struchtúr ceadúnais le haghaidh táblaí agus cathaoireacha in áiteanna poiblí i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tugtar an chéad cheadúnas ar bhonn bliantúil mar cheadúnas ‘Alt 254’ faoin reachtaíocht phleanála, i gcás ina gcomhlíonann an togra na critéir shonraithe. Maidir le gnóthais a bhfuil táblaí agus cathaoireacha acu  trí cheadúnas Alt 254, ní bhaileofar na táillí agus beidh an ceadúnas saor in aisce go dtí deireadh 2021. Beidh gnáth-théarmaí agus coinníollacha an cheadúnais Alt 254 i bhfeidhm, mar sin beidh sé riachtanach an ceadúnas a athnuachan nuair a théann sé in éag, polasaí árachais dliteanais phoiblí oiriúnach a bheidh ag an ngnó i gcónaí agus mar sin de. Read more ( link to planning)

Gheofar tuilleadh eolais ar cheadúnais Alt 254 a bhí ann cheana, ó planning@galwaycity.ie 

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe an dara ceadúnas isteach ar bhonn sealadach faoi reachtaíocht bhóithre (Alt 71) mar fhreagairt ar Covid-19.  Cumasaíonn an ceadúnas seo do ghnóthais leas a bhaint as ríocht phoiblí ‘nua’ a cruthaíodh trí spás bóthair a chur ar fáil do choisithe chun gur féidir leo a bheith scartha amach óna chéile. Ar bhonn trí mhí a tugadh na ceadúnais seo isteach ar dtús i samhradh 2020, agus leathnaíodh iad de bhrí go bhfuil srianta Covid fós i bhfeidhm.

Breithneofar Ceadúnais Shealadacha Bord agus Cathaoireacha do ghnólachtaí arb é a bpríomhúsáid bia / deoch a dhíol, a sholáthraíonn suíocháin agus táblaí cheana féin laistigh den áitreabh, agus ar an mbunurlár, chun na críche seo, agus nach bhfuil ceadúnas Alt 254 acu cheana féin. Is féidir le gnólachtaí den sórt sin iarratas a dhéanamh ar cheadúnas gearrthéarmach Covid-19, gan aon táille fad a mhaireann an ceadúnas faoi Alt 71 d’Acht na mBóithre ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir.  Mairfidh an ceadúnas gearrthéarmach seo go dtí deireadh 2021.

Athbhreithneofar iarratais ar bhonn cáis, ag féachaint do thionchar an cheadúnais ar fhoirgnimh eile sa chomharsanacht agus ar oibriú na sráide; scuainí custaiméirí; agus bealach sábháilte do choisithe agus dóibh siúd atá ar lag-ghluaiseacht.

Gheofar tuilleadh eolais ar iarratais ar cheadúnais shealadacha Covid-19 ó roads@galwaycity.ie 

Tá iarratais ar cheadúnas shealadacha á nglacadh anois, agus gheofar an fhoirm iarratais ag: Ceadúnas Sealadach Speisialta Covid-19 do Throscán Sráide Márta 2021.pdf

 Tel 091 536400

Top...

Suí Lasmuigh & Oiriúintí - Turasóireachta & Fáilteachais

 (Aibreán 2021) Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag riaradh Scéim Fáilte Ireland do Shuí Lasmuigh & Oiriúintí do Ghnó Turasóireachta & Fáilteachais

Gheofar tuilleadh eolais agus foirm Iarratais ag: www.galwaycity.ie/outdoordining

Comhairliúchán Poiblí Samhradh 2020

 

Thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi chomhairliúchán poiblí suntasach i rith shamhradh na bliana 2020, agus fuarthas breise is 1,400 aighneacht. B’ionann é sin agus méid suntasach ionchuir agus aiseolais ó phobal na Gaillimhe, grúpaí ionadaíocha gnó, Baill Tofa, agus grúpaí páirtithe leasmhara eile.

Rinne Foireann Soghluaisteachta na Cathrach athbhreithniú cúramach ar na hiarratais agus é mar aidhm tionscnaimh a shainaithint a bhféadfaí iad a fhorbairt go sábháilte agus de réir na srianta a bhí i bhfeidhm ag am ar leith.

Lorgaíodh maoiniú ó NTA chun dlús a chur le hiarratais (féach thuas) in 2020, agus rinneadh dul chun cinn i ndáil le tionscnaimh leantacha freisin in 2021 e.g. trasrian coisithe ag Coill Bhearna, marcálacha bóthair ag Criosanna Scoile ag 15 scoil sa Chathair.

Is féidir breathnú ar na haighneachtaí ar líne ag https://www.arcgis.com/apps/dashboards/a49a14d971d340dbbf8e14b56efb1840 

Tabhair faoi deara, nach ndearnadh aon nuashonrú ar an léarscáil in 2020 nuair a d’fhill Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar a cuid oibre arís, agus nuair a chuir Foireann Soghluaisteachta na Cathrach tús lena gnáthróil an athuair.

An Treochlár Náisiúnta chun Sochaí agus Gnó a Athoscailt

 

Athbhreithníodh gach aighneacht a fuair Foireann Soghluaisteachta na Cathrach in 2020 ag féachaint do:

Beartas – Straitéis Iompair na Gaillimhe, Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe, Straitéis Ríocht Phoiblí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus treoir náisiúnta, lena n-áirítear an Lámhleabhar Náisiúnta do Rothaithe, an Lámhleabhar Dearaidh do Shráideanna Uirbeacha, agus coinníollacha maoinithe maidir le hidirghabhálacha atá molta m..sh. Treoir chun Tionscadal NTI a Bhainistiú.

Pleanáil – An gá le bearta chun cead pleanála nó ceadúnas a fháil.

Fócas tosaigh geografach an FRCCG, bunaithe ar líon na gcustaiméirí agus an gá a bheith scartha amach. Bhí sí seo Lár na Cathrach agus Bóthar na Trá i Meitheamh 2020. Scrúdaíodh riachtanais na scoileanna agus áiteanna eile ina dhiaidh sin.

An Garda Síochána – Comhaontú leis an nGarda Síochána ar a oiriúnaí atá bearta.

Am – Is féidir go ndéanfar sainordú gearrthéarmach an FRCCG, a moladh do Mheán Fómhair 2020 i dtús báire, a athbhreithniú bunaithe ar luas an treochláir don athoscailt. Cuirfear bearta nach féidir a chur i bhfeidhm sa ghearrthéarma ar aghaidh chuig an roinn croí-oibríochtaí lena scrúdú, agus lena gcur san áireamh i gcláir oibre amach anseo, ag brath ar chistiú. Bearta sealadacha dinimiciúla is dóigh a chuirfear i bhfeidhm tríd an FRCCG, mar fhreagairt ar an ngá le tacú le daoine a bheith scartha amach. Athbhreithneofar na bearta sin go rialta, agus cuirfear ar ceal iad in am trátha.

Scéimeanna atá anois ann: Réiteach ar chuid de na fadhbanna a luadh san fhoirm ar líne is ea tionscadail iompair áirithe atá ar siúl faoi láthair m.sh: BusConnects na Gaillimhe: An Nasc Tras-Chathrach, Droichead Chora na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe, BusConnects na Gaillimhe: Bhóthair Bhaile Átha Cliath. Tá na scéimeanna seo ag céimeanna éagsúla de na próisis dearaidh agus pleanála agus cuirfear i bhfeidhm iad de réir mar a fhaightear an cistiú chucu.

Cistiú – I bhfianaise phaindéim Covid-19 agus an tionchar mór a bhí aige ar bhuiséad an údaráis áitiúil. tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ag an gComhairle Cathrach ar a línte buiséid féachaint an bhféadfaí acmhainní a bhainistiú ar shlí níos stuama ag an am dúshlánach seo. Ón 27 Márta, cuireadh aon línte buiséid lánroghnacha siar go dtí gur féidir measúnú a dhéanamh sna míonna amach romhainn ar an tionchar a bhí ag an éigeandáil náisiúnta reatha ar staid airgeadais an údaráis áitiúil agus ar na seirbhísí riachtanacha. Tugann an Príomhfheidhmeannach an scéala is déanaí go rialta do na Comhaltaí Tofa maidir le staid airgeadais an údaráis áitiúil ina iomláine. Más rud é nach féidir leis an gComhairle Cathrach iarratais a mhaoiniú go díreach, déanfar tograí a athbhreithniú féachaint an gcáileodh siad do chistiú trí Fáilte Irelad nó an Údaráis Náisiúnta Iompair.

Treoscéimeanna – Áit is féidir, cuirfidh an FRCCG scéimeanna i bhfeidhm chun tacú le daoine a bheith scartha amach agus bearta a thriail sa chathair, m.sh. páircíní.

Acmhainní – Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cur moltaí rialtais agus sláinte i bhfeidhm i gcónaí maidir le nósanna oibre agus prótacail foirne, rud a dhéanfaidh difear do líon na ndaoine ar féidir leo a bheith ag obair le chéile ag an am céanna. Tugtar tús áite i gcónaí do sheirbhísí riachtanacha agus don ualach oibre nach beag a ghabhann le bearta Covid-19, ar nós obair na Foirne Réthaistil Cathrach ar idirghabhálacha sealadacha a chaithfear a bhainistiú le líon na n-oibrithe atá ar fáil faoi láthair.

Éilimh iomaíocha – Cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais agus ionchur ó éilimh iomaíocha ar spás bóthair agus limistéir phoiblí, lena n-áirítear, mar shampla: seachadtaí, glanadh sráideanna, taitneamhachtaí, bainistíocht dramhaíola, rothaíocht, siúl, iompar poiblí, páirceáil, seirbhísí éigeandála agus riachtanais daoine atá ar lag-ghluaiseacht.

Na bearta sealadacha dinimiciúla is ea na bearta a chuirfear i bhfeidhm mar thoradh ar an bpróiseas seo, bunaithe ar an riachtanas a bheith scartha amach chun tacú le Gaillimh bheith arís ina cathair bheoga ghnóthach. Déanfar monatóireacht ar na bearta, agus leasófar iad áit is gá. Le himeacht aimsire, is féidir deireadh a chur le bearta de réir mar a laghdaíonn an bhagairt ó Covid-19.

Bearta a bhfuil stádas reachtúil acu, m.sh. iarratais ar laghduithe nó leasuithe ar an luasteorainn, beidh comhairliúchán reachtúil ann maidir leis na próisis sin, agus déanfar de réir na reachtaíochta. Is gá dul i gcomhairle leis an nGarda Síochána agus leis an bpobal faoi na próisis seo, agus cuirfear ina dhiaidh sin ar chlár oibre an Ghnáthchruinnithe Comhairle iad, lena mbreithniú dá nglacadh.

Cuirfear idirghabhálacha suntasacha eile a mholtar agus nach bhfuil ailínithe leis an mbeartas atá glactha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi bhráid na gComhaltaí Tofa, ar aon dul le feidhmeanna coimeádta Chomhaltaí na Comhairle.  

Cuirfear idirghabhálacha suntasacha eile a mholtar agus nach bhfuil ailínithe leis an mbeartas atá glactha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi bhráid na gComhaltaí Tofa, ar aon dul le feidhmeanna coimeádta Chomhaltaí na Comhairle.  

Beidh tionchar ag athruithe ar shrianta rialtais agus ar an athoscailt de réir a chéile ar ghníomhaíochtaí agus ar fhócas FRCCG. Tá nádúr na paindéime ag athrú i gcónaí agus is amhlaidh i gcás threochlár an rialtais chun gnólachtaí agus an tsochaí a athoscailt de réir a chéile. Tá míreanna den athoscailt sin curtha i bhfeidhm níos luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis gan mórán fógra a bheith tugtha agus caithfidh an t-údarás áitiúil a bheith réidh do na hathruithe seo. 

Glacfar i gcónaí le haighneachtaí ó Chomhaltaí Tofa chuig Idirchaidreamh Comhairleora. Is féidir le grúpaí ionadaithe gnó teagmháil maidir lena riachtanais a dhéanamh i gcónaí le foireann na Ranna Forbartha Eacnamaíche. Ba chóir iarratais phráinneacha a thuairisciú ag uair an teagmhais don Gharda Síochána, nó do Sheirbhísí do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag 091 536 400 nó customerservice@galwaycity.ie 

Scuainí ar na Sráideanna – Treoirlínte

Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe imní na miondíoltóirí, agus an phobail, go mbeadh daoine scartha amach go sábháilte i siopaí ar fud na cathrach a chinntiú. Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an ról tábhachtach atá ag miondíoltóirí maidir le filleadh ar chathair bhríomhar, rathúil sna míonna amach romhainn.

Tá treoirlínte ullmhaithe ag Fhoireann Soghluaisteachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun tacú le gnólachtaí a bheidh ag athoscailt, ionas gur féidir scuainí sábháilte a dhéanamh ar chosáin phoiblí. Féach chuige go bhfuil plean ag do ghnólacht chun bainistíocht a dhéanamh ar aon scuainí a dhéanfaí lasmuigh de d’áit ghnó, bunaithe ar na treoirlínte seo thíos:

Comhairle Cathrach na Gailimhe Scuainí ar na Sráideanna – Treoirlínte

Top...

Nuashonrú Seachtainiúil

01 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 22.05.2020 (Gaeilge).pdf
02 Galway City Council Mobilty Team Update Week Ending 29.05.2020 (Gaeilge).pdf
03 Galway City Council Mobilty Team Update Week Ending 05.06.2020 (Gaeilge).pdf
04 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 12.06.2020 (Gaeilge).pdf
05 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 19.06.2020 (Gaeilge).pdf
06 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 26.06.2020 (Gaeilge).pdf
07 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 03.07.2020 (Gaeilge).pdf
08 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 10.07.2020 (Gaeilge).pdf
09 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 17072020_GA.pdf
10 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 24072020_GA.pdf
11 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 31072020_GA.pdf

21 Meán Fómhair 2020 - Ascaill Bhóthar Áth Cinn / Bóthar na Díge / Ascaill Bhréanainn

22 Meán Fómhair - "Nuashonrú - Acomhal Bhóthar Áth Cinn / Bóthar na Díge / Ascaill Bhréanainn

23 Meán Fómhair 2020- GCCMT (Foireann Réthaistil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe): Nuashonrú Iompair Phoiblí:

12 Galway City Council Mobility Team Update Week Ending 25092020_GA.pdf

Top...

Léarscáil athruithe bainistíochta tráchta samhradh 2020

Is féidir léarscáil a thaispeánann na bearta sealadacha a chuir an GCCMT i bhfeidhm i samhradh 2020, lena n-áirítear páirceáil bhreise do rothair a fheiceáil ag: https://arcg.is/0eCvTX 

Cuas Lódála Chathair na Gaillimhe


Forbraíodh léarscáil chun tuilleadh eolais a sholáthar don phobal agus do ghnólachtaí maidir le sonraí agus infhaighteacht ar cuas lódála reatha sa chathair (ó shamhradh 2020): https://arcg.is/mfmf50


 

Top...