Cothabháil Bóithre

Déanann údaráis áitiúla bóithre poiblí a dheisiú agus a athdhromchlú má tá dromchla an bhóthair caite nó millte.

Tuairiscigh Crainn nó Fálta Sceach Fiáine

Freagrachtaí Úinéirí Talún maidir le Tailte Príobháideacha:

Caithfidh úinéirí agus áititheoirí tailte feadh bóithre poiblí a chinntiú nach mbíonn fálta sceach ná crainn ina nguais ná ina mbac d’úsáideoirí bóthair. Éilítear in Alt 70 den Acht Bóithre, 1993 ar úinéirí talún agus ar áititheoirí talún freagracht a ghlacadh lena chinntiú nach bhfuil aon struchtúr, crann, fál sceach, tor ná aon fhásra eile ar a dtalamh ina chontúirt nó nach bhféadfadh sé bheith ina chontúirt do dhaoine a úsáideann nó a oibríonn ar bhóthar poiblí.

Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra poiblí amach i mí Eanáir agus i mí Mheán Fómhair gach bliain, leis na freagrachtaí atá orthu i dtaobh tor a ghearradh a chur i gcuimhne d’úinéirí/áititheoirí talún. Ceadaíonn Alt 70 den Acht Bóithre, 1993 d’Údaráis Áitiúla Fógra um Ghearradh Tor a sheirbheáil orthu siúd nach gcomhlíonann an dualgas seo.

Freagrachtaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

Taobh amuigh den tréimhse neadaithe, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as fálta sceach a chothabháil feadh bóithre poiblí má tá an talamh lena thaobh faighte acu. Bíonn na bóithre níos sábháilte dá bharr seo d’úsáideoirí bóthair agus laghdaíonn sé an bac amhairc a tharlaíonn ar bhóithre poiblí i rith na tréimhse fáis.

Má theastaíonn uait gearradh sceach a iarraidh ar bhóthar poiblí i rith na tréimhse cothabhála, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an rannán bóithre mar seo a leanas:

An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.

Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

Féadfaidh fálta sceach agus crainn atá fiáin feadh bóithre phoiblí nó cosán a bheith ina gcontúirt do dhaoine a úsáideann nó a oibríonn ar an mbóthar nó an cosán. Áirítear le samplaí de ghuaiseacha crainn mharbha nó atá ag fáil bháis, fálta sceach nó crainn a chuireann bac ar amharc ar an mbóthar, a bhlocálann comharthaí, cosáin nó soilse poiblí.

Faoi alt 40 den Acht Fiadhúlra, 1976, arna leasú le hAlt 46 den Acht Fiadhúlra (Leasú), 2000, tá cosc ar fhálta sceach a ghearradh nó a bhaint nó aon fhásra eile a scriosadh i rith an tséasúir neadaithe éan, ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa gach bliain.

Áirítear le roinnt díolúintí maidir le gearradh fál sceach i rith na tréimhse neadaithe:

Comhlachtaí stáit a bhfuil oibreacha á ndéanamh acu ar chúiseanna sláinte nó sábháilteachta poiblí,

Glanadh fásra le linn oibreacha bóthair nó tógála nó i bhforbairt nó réiteach suíomhanna ar a bhfuil sé i gceist aon fhoirgneamh nó struchtúr eile a chur ar fáil,

Fásra atá ag fás ar fhál sceach a mhilleadh, i ngnáthchúrsa Foraoiseachta nó Talmhaíochta.

Barr...

Tuairiscigh balla/claí teorann damáistithe/contúirteach

Má thiteann do bhalla teorann ar limistéar poiblí e.g. cosán poiblí, ceantar glas poiblí, ba cheart duit é a chur in iúl don Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil):

An Rannóg Bóithre agus Iompar (Cothabháil),
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh, H91 X4K8.

Teileafón: 091 536400
Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

D’fhéadfadh balla tite a bheith ina ghuais don phobal, agus beidh foireann na rannóige bóithre in ann an ceantar a dhéanamh sábháilte agus intaistil. Tá an fhreagracht chun an balla teorann a dheisiú ar úinéir na maoine.

Barr...

Tuairiscigh Tuile ar Bhóthar, ar Chabhsán nó ar Chosán

Tuairiscigh tuile ar bhóthar, cabhsán nó cosán

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

Barr...

Tuairiscigh Claiseanna Damáistithe/Blocáilte

Tuairiscigh claiseanna damáistithe/blocáilte

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

Barr...

Tuairiscigh Dromchla Bóthair/Cosán Damáistithe

Tuairiscigh dromchla bóthair/cosán damáistithe
 

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

Barr...

Tuairiscigh Bóthar/Cosán Sleamhain

Tuairiscigh bóthar/cosán sleamhain
 

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

 

Barr...

Tuairiscigh Sclaigeanna

Tuairiscigh sclaig
 

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

Barr...

Tuairiscigh Smionagar/Gloine Bhriste ar Bhóthar/Chosán

Tuairiscigh smionagar/gloine bhriste ar bhóthar nó ar chosán
 

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

Barr...

Ba mhaith liom a iarraidh go bhfreastalódh scuabadóir bóthair ar bhóthar/chosán.

Téigh i dteagmháil le rannóg Seirbhís do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe trí ríomhphost ag customerservice@galwaycity.ie nó ar an teileafón ar 091 536595

Barr...

Ba mhaith liom feithicil dhóite/thréigthe a thuairisciú.

Má tá tú ag iarraidh tuairisc a thabhairt faoi fheithicil dhóite nó thréigthe tabhair an fhaisnéis seo a leanas do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Láthair beacht na feithicle

Deimhnigh an bhfuil plátaí clárúcháin ar an bhfeithicil nó nach bhfuil. Má tá, deimhnigh clárú na feithicle freisin.

Cliceáil anseo chun scéala faoi fheithicil dhóite a thuairisciú. Nó téigh i dteagmháil leis an bhFoireann Seirbhísí do Chustaiméirí ar 091 536595.

Má tá feithicil scriosta nó thréigthe ag blocáil an bhóthair nó má baol ann go bhfuil sí contúirteach, lasmuigh d’uaireanta oibre, téigh i dteagmháil le do thoil le Stáisiún Gardaí Shráid an Mhuilinn : +353 (0)91 538000 nó Stáisiún Gardaí Bhóthar na Trá: +353 (0)91 521333.

Barr...

Comhairle d’Úsáideoirí Bóithre – Drochaimsir

Breathnaigh ar leathanach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Comhairle don Gheimhreadh

Barr...

Ba mhaith liom Soilse Poiblí atá as ord a thuairisciú

Má thugann tú faoi deara nach bhfuil soilse poiblí ag obair nó go bhfuil siad briste, ba cheart duit an locht a chur in iúl trí áis tuairiscithe lochta bheo ElectricSkyline:

Tuairiscigh Locht ar Líne le ElectricSkyline

Nó féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le rannán Tacaíochta Fóntais Airtricity ar 1850 372 772 agus na nithe seo a chur in iúl:

Láthair an tsolais

Uimhir an pholla

Barr...

Ba mhaith liom Soilsiú Coisithe atá as ord a thuairisciú

Tuairiscigh Soilsiú Coisithe as ord
 

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

Barr...

Ba mhaith liom soilse tráchta atá as ord a thuairisciú

Tuairiscigh Soilse Tráchta as ord
 

Nó téigh i dteagmháil leis an rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400

Barr...