Scéim Rothaíochta Bhóthar Dáileacháin an Iarthair (WDR) i gCathair na Gaillimhe

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe (GCC) ag iarraidh an bonneagar siúil agus rothaíochta a fheabhsú ar feadh achair Bhóthar Dáileacháin an Iarthair (WDR).

An Scéim

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe (GCC) ag iarraidh an bonneagar siúil agus rothaíochta a fheabhsú ar feadh achair Bhóthar Dáileacháin an Iarthair (WDR).  Cuirfear bealach taistil sábháilte agus mealltach ar fáil leis seo, ag freastal ar gach duine a bhíonn ag siúl, ag rothaíocht agus ag úsáid deiseanna eile a bhfuil rothaí orthu, lena n-áirítear úsáideoirí leochaileacha bóthair. 

Cuirfear lánaí rothaíochta feabhsaithe ar fáil ar an dá thaobh de Bhóthar Dáileacháin an Iarthair mar chuid den tionscadal seo, chomh maith le hobair feabhsaithe sábháilteachta a dhéanamh ar chúig thimpeallán. Cuirfear feabhas ar shábháilteacht, laghdófar an luas a bhíonn ag feithiclí, agus cuirfear leis an líon turas a dhéanfaidh coisithe agus rothaithe sa gceantar leis an obair seo. 

Tá an tionscadal seo i gcomhréir le haidhmeanna Straitéis Iompair na Gaillimhe, ina n-aithnítear Bóthar Dáileacháin an Iarthair mar Phríomhbhealach Rothaíochta. 

Tá iarratas ar chead pleanála á chur chun cinn anois faoi Chuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt, 2001 (arna leasú).   Tugtar cuireadh duit aighneachtaí a chur isteach mar chuid den phróiseas seo.  Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí ná 22ú Iúil, 2025.

Beidh imeacht faisnéise poiblí ‘buail isteach’ don tionscadal seo ar siúl in Óstán an Chlaí Bháin ar an 17 Meitheamh, 2025 idir 12pm agus 7:30pm.

A photomontage of the planned works at Western Distributor Road
Buntáistí 
Is bealach rothaíochta gnóthach é Bóthar Dáileacháin an Iarthair mar atá.  Trí áiseanna níos sábháilte do choisithe agus rothaithe a thabhairt isteach feadh an bhóthair seo, timpealláin ina measc, feabhsaítear an tsábháilteacht do gach duine, daoine scothaosta, leanaí agus úsáideoirí leochaileacha bóthair ina measc. 
Cuirtear feabhas ar shábháilteacht freisin trí áiseanna iompair phoiblí a fheabhsú mar gheall go gcabhraíonn sé le líon na bhfeithiclí ar an mbóthar a laghdú trí níos mó daoine a spreagadh taisteal ar bhus a roghnú, nuair is féidir.
Spreagfar níos mó leanaí siúl nó rothaíocht chuig scoileanna in aice láimhe le háiseanna níos sábháilte, Scoil Náisiúnta St. John the Apostle, Scoil Náisiúnta Chnoc na Cathrach, Coláiste na Coiribe agus Gaelscoil Mhic Amhlaigh ina measc.  Cuirtear naisc shábháilte siúil, ar rothaí agus rothaíochta ar fáil faoin scéim seo freisin idir go leor áitribh chónaithe, mhiondíola agus thráchtála.   
Cabhraítear le níos mó daoine rogha a dhéanamh siúl nó rothaíocht a dhéanamh do thurais ghearra nuair atá áiseanna siúil agus rothaíochta níos sábháilte.  Laghdaítear brú tráchta, tá sé go maith do shláinte na ndaoine agus cuidítear le cáilíocht an aeir a fheabhsú.
Éascófar taisteal trí úsáid a bhaint as iompar poiblí le stadanna bus feabhsaithe do níos mó daoine.  Tacófar freisin le gréasán leathnaithe nua bus na Gaillimhe a chur i bhfeidhm.
Cuirfear feabhas ar an timpeallacht áitiúil le limistéir nua plandála agus cuirfear feabhas ar thaitneamhacht amhairc an bhóthair.  Cuirfear feabhas ar shoilse poiblí ar feadh an bhóthair leis an scéim seo chomh maith.
Nuair a roghnaíonn níos mó daoine dul ag siúl, imeacht ar rothaí agus dul ag rothaíocht, bíonn buntáistí móra aige sin dóibh féin agus don phobal i gcoitinne.  Fuarthas amach san 2023 Galway Metropolitan Area Walking and Cycling Index go dtógann daoine a shiúlann agus a rothaíonn beagnach 29,000 feithicil den bhóthar i nGaillimh gach lá.  Éascaíonn sé sin brú tráchta, cuirtear cosc ar 236 riocht sláinte thromchúiseacha fhadtéarmacha gach bliain, agus sábhálann sé astaíochtaí ceaptha teasa arb ionann iad agus 70,000 duine a thógann eitiltí ó Aerfort na Sionainne go hAerfort Heathrow Londan.
A map of the proposed Galway Western Distributor Road Cycle Scheme - Irish

 

Céard atá Beartaithe

Tá Scéim Rothaíochta Bhóthar Dáileacháin an Iarthair thart ar 2.90km ar fhad. Síneann sí siar ó thimpeallán Bhóthar na Ceapaí ar an taobh is faide thiar den bhealach, ag dul soir trí Chnoc na Cathrach chomh fada le Timpeallán na nDíneach (Timpeallán Bhóthar an Easpaig Uí Dhónaill) a nascann leis an mBóthar Réigiúnach R338. Beidh na nithe seo a leanas i gceist sa scéim:

•    Lánaí rothaíochta agus cosáin atá scartha go hiomlán ar an dá thaobh den bhóthar do Naisc 1 agus 2 (ó Thimpeallán Bhóthar na Ceapaí go dtí Timpeallán an Chlaí Bháin)
•    Mullaird a chur leis chun lánaí rothaíochta cosanta a chruthú do Naisc 3, 4 agus 5 (ó Thimpeallán an Chlaí Bháin go dtí Timpeallán na nDíneach)
•    Uasghrádú ar thimpealláin atá ann cheana chun áiseanna rothaíochta scartha a chur ar fáil.  Nóta - Coinneofar an socrú atá ag Timpeallán Bhóthar na Ceapaí faoi láthair agus déanfar uasghrádú air mar chuid de scéim a bheidh ann amach anseo.  Cuirfear áis trasnaithe roinnte thar an taobh theas ar fáil mar chuid den scéim seo.
•    Déanfar ceithre thrasrian coisithe agus rothaíochta nua a thógáil, agus déanfar uasghrádú ar dhá thrasrian atá ann cheana.
•    Cuirfear áiseanna stadanna bus feabhsaithe ar fáil.
•    Beidh athailíniú teoranta ar an gcarrbhealach atá ann cheana i gceist leis an scéim chun an bonneagar rothaíochta nua a éascú.
•    Déanfar uasghrádú ar shoilse agus seirbhísí poiblí de réir mar is gá.  Cuirfear feabhas ar an tírdhreachú freisin, agus suiteálfar marcálacha agus comharthaí bóthair nua.