Tugann Comhairle Cathrach le fios an mhíshástacht atá ar thiománaithe: Spás ama tugtha don Phobal chun Eolas a Fháil ar Roghanna Íocaíochta Malartacha

parking machine

 Ba mhaith le Comhairle Cathrach a thabhairt le fios go n-aithríonn muid an mhíshástacht atá ar thiománaithe sa gcathair inniu, le meaisíní Íoc agus Taispeáin as ord gan choinne. Míchaoithiúlacht gan choinne a bhí ann do thiománaithe agus do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe araon, agus ba mhaith linn a thabhairt le fios gur chur sé as do go leor tiomanaí. 

Mar a fógraíodh roimhe seo, níl íocaíochtaí cártaí ar mheaisíní Íoc agus Taispeáin ar fáil ón 7 Eanáir 2025 – ach ní rabhthas ag súil nach mbeadh íocaíochtaí airgid ar na meaisíní Íoc agus Taispeáin ar fáil inniu.

Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le fios na deacrachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag daoine páirceáil sa gcathair inniu, mar gheall ar chúinsí nach bhfuil smacht againn orthu. 

Agus í ag admháil go dteastóidh dul i dtaithí ar na roghanna íocaíochta nua seo fad is atá na meaisíní Íoc agus Taispeáin as ord, leagtar amach spás ama nach gcuirfear fíneálacha páirceála i bhfeidhm i gcarrchlóis Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go dtí deireadh na seachtaine seo chugainn (Dé Domhnaigh an 19 Eanáir 2025).

 

Ón Luan an 20 Eanáir 2025, ní mór do chustaiméirí a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas ar raon roghanna íocaíochta malartacha a cuireadh i bhfeidhm ag tús mí na Nollag 2024:

Tá na roghanna íocaíochta seo a leanas i bhfeidhm:

  • Ionad díola Payzone – íoc le hairgead tirim nó cárta in ionaid díola sa gcathair na (breathnaigh an liosta thíos);
  • Íoc ar an Aip – íoslódáil an aip 'Páirceáil Chathair na Gaillimhe' saor in aisce ó do ghnáthshiopa aipeanna, agus íoc le cárta;
  • Íoc ar Líne – íoc le cárta ar www.GalwayCityParking.ie;
  • Íoc ar an bhfón – íoc le cárta ach glaoch ar 0818 300 161.

 

Tá Tacaíocht do Chustaiméirí ar fáil ar 0818 300 161 nó ag Parking@Payzone.ie d'aon úsáideoirí a bhfuil deacrachtaí acu le híocaíocht nó leis an aip. 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh monatóireacht leanúnach ar an scéal agus ag obair i dtreo réiteach chun na meaisíní a chur in oiriúint le glacadh hairgead tirim arís. 

Ár leithscéal leo siúd ar fad a cuireadh isteach orthu inniu, agus as an bhfrustrachas a chothaigh an scéal gan choinne seo. 

Related news