
Is údar áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tús a chur le comhairliúchán neamhreachtúil sé seachtaine agus le rannpháirtíocht phoiblí maidir leis an tionscadal nua, Tionscadal na Páirce Theas agus an Fhearainn Uirbigh Phoiblí. Cuirtear fáilte roimh chuile bharúil agus aiseolas.
Is deis iontach atá i dTionscadal na Páirce Theas agus an Fhearainn Uirbigh Phoiblí chun an áis nádúrtha seo in aice lár na cathrach a bhfuil stair iontach ag baint léi a athshamhlú. Beidh athruithe móra i gceist don Pháirc Theas, d’Abhantrach an Chladaigh, do Chabhsa Inis Caorach agus do Pháirc Chuimhneacháin Leanaí Celia Griffin mar thoradh ar an tionscadal seo. Samhlaítear go gcruthófar spásanna glasa inrochtana, nasctha, poiblí leis an tionscadal seo, ina gcuirfear plandaí a thacóidh leis an mbithéagsúlacht agus lena dtógfar cosáin a bheidh oiriúnach do dhaoine aosta agus do dhaoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, chomh maith le spásanna súgartha agus scíthe.
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an bhFoireann Deartha cuireadh a thabhairt duit freastal ar chomhairliúchán poiblí ‘buail isteach’:
Dáta: Déardaoin an 13 Feabhra 2025
Am: 1in go 7:30in
Ionad: Leabharlann Chathair na Gaillimhe, Sráid San Aibhistín, Gaillimh, H91 R6W
Tugtar cuireadh don phobal, lena n-áirítear daoine a bhfuil cónaí orthu sa gceantar agus úinéirí gnó áitiúla, freastal ar an ócáid. Beidh seans ag an lucht freastail na pleananna a phlé agus ceisteanna a chur, agus aiseolas a roinnt leis an bhFoireann Deartha.
Cuideoidh tuairimí an phobail linn todhchaí an cheantair a mhúnlú lena chinntiú go bhfreastalófar ar riachtanais an phobail áitiúil anois agus sna blianta atá amach romhainn.
Is féidir tuilleadh a léamh faoin tionscadal, lena n-áirítear sonraí faoi chomhairliúcháin phoiblí agus faoi cheisteanna dearaidh, ar shuíomh gréasáin an tionscadail: www.SouthparkPublicPark.com