
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-
Sráid na nDuganna Nua (aontreo): Ó Shráid na nDuganna go Bóthar na gCeannaithe
Tréimhse an Dúnta: ó 09.00r.n go 3.00i.n, Dé hAoine 28ú Márta 2025.
Cúis: Chun oibreacha deisiúcháin tógála a dhéanamh
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealaí atreoraithe sealadacha i bhfeidhm trí Pharáid na Spáinneach R336, Sráid Thobar an Iarl
R336, amach ar Bhóthar na gCeannaithe
Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.30rn go 1.00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 20ú Márta 2025.