Tháinig oifigigh shinsearacha agus Comhaltaí Tofa ó Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Gaillimhe agus ó Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe le chéile san Óstán Galmont maidin inniu (Dé Céadaoin, 5 Márta) chun plé a dhéanamh ar dheiseanna chun tacaíocht rialtais a ghiaráil do phríomhthosaíochtaí straitéiseacha do Ghaillimh agus do Réigiún an Iarthuaiscirt i gcoitinne.
Tagann an comh-imeacht faisnéíse agus ceardlainne i ndiaidh an cruinniú oscailte a tionóladh i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus bhí cur i láthair ó Phríomhfheidhmeannaigh na dtrí eagraíocht ar na liostaí tosaíochta a ullmhaíodh do Chlár an Rialtais a foilsíodh le déanaí.
I measc na dtosaíochtaí comhroinnte tá Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe, Príomhscéim Draenála Oirthear na Gaillimhe, Scéim Cosanta Tuilte Chathair na Gaillimhe, BusConnects na Gaillimhe, uasghrádú an N-59 ón gClochán go dtí an Teach Dóite agus Máistirphlean do Chonair Chathrach na Gaillimhe, lena n-áirítear Conair Gheilleagrach Straitéiseach Bhaile Átha an Rí go dtí an Chathair (Órán Mór).
Bhí Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, Méara Chathair na Gaillimhe agus Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe i láthair chomh maith le Comhaltaí Tofa agus Oifigigh ó Ghrúpaí Beartais Chorparáidigh (CPG) agus ó Choistí Beartais Straitéiseacha (SPC) an údaráis áitiúil agus ionadaithe ó Chumann Tráchtála na Gaillimhe.
Ag labhairt tar éis na comhócáide faisnéise agus ceardlainne, dúirt Martina Kinane, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, "Cuirim fáilte roimh an seisiún faisnéise comhpháirteach seo agus táim ag tnúth lena chinntiú go ndéanfar na tosaíochtaí mar a comhaontaíodh a chur chun cinn agus a sheachadadh laistigh de shaolré an rialtais nua seo. Táim tiomanta freisin d'imeacht leantach a óstáil sa chontae chun dul chun cinn a rianú agus chun a chinntiú go gcuirfear nuashonruithe leanúnacha ar fáil."
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, "Mar an ceathrú cathair is mó in Éirinn, is príomhthiománaí í Gaillimh d'fhorbairt shocheacnamaíoch feadh Chonair Eacnamaíoch an Atlantaigh, le dlúthnaisc agus tosaíochtaí suntasacha forluiteacha le Contae na Gaillimhe. Léiríonn an seisiún faisnéise seo ár n-uaillmhianta comhroinnte agus cuireann sé tús le próiseas chun infheistíocht rialtais a lorg chun na tosaíochtaí seo a bhaint amach do mhuintir Chathair agus Chontae na Gaillimhe."
Dúirt Cáit Noone, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, "Chuireann Cumann Tráchtála na Gaillimhe fáilte roimh an tiomantas láidir atá léirithe ag Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe agus iad ag obair le chéile chun na tosaíochtaí ríthábhachtacha bonneagair seo a chur chun cinn. Braitheann Gaillimh rathúil ar infheistíocht straitéiseach, agus tá sé riachtanach go gcoinnímid móiminteam chun an tacaíocht riachtanach rialtais a fháil. Tríd an bpobal gnó, na húdaráis áitiúla agus ionadaithe tofa a aontú, is féidir linn chinntiú a dhéanamnh go bhfanfaidh Gaillimh ina háit iomaíoch agus dhinimiciúil chun gnó a dhéanamh, rud a spreagann fás eacnamaíoch agus deiseanna don réigiún ar fad."
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe, gur chuir sé fáilte roimh an deis tógáil ar an seisiún eolais a bhí ann roimhe seo, ag cur leis sin, "Is é ár bhfócas comhchoiteann chinntiú a dhéanamh go bhfuil na tosaíochtaí do Ghaillimh agus d'Iarthar na hÉireann ar eolas, intuigthe agus curtha i bhfeidhm go hiomlán laistigh de shaolré an rialtais nua. Leathnaíonn an seisiún faisnéise seo ar na tosaíochtaí agus ar ár dtiomantas comhroinnte d'oibriú le chéile agus go comhoibríoch chun seachadadh a dhéanamh do mhuintir na Gaillimhe agus an Iarthair."
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, "Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann le cur chuige comhoibríoch chun pobail rathúla, fostaíocht láidir agus infheistíocht i mbonneagar a chinntiú, agus ár n-acmhainní nádúrtha agus ár dtimpeallacht a chosaint ag an am céanna. Cé go bhféadfadh teorainneacha ar leith a bheith ag údaráis áitiúla, tá saol ár bpobal níos mó agus níos idirnasctha ná línte ar léarscáil, mar sin tá comhoibriú agus idirphlé riachtanach."
Dúirt Deirdre Mac Loughlin, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Eatramhach Chumann Tráchtála na Gaillimhe, "Mar Sheomra, is é an ról atá againn tacú lenár mbaill agus leis an bpobal gnó i gcoitinne, rialtas áitiúil agus náisiúnta a choinneáil cuntasach chun a chinntiú go gcuirtear príomhthosaíochtaí bonneagair ar fáil do Ghaillimh. Braitheann cathair láidir iomaíoch ar infheistíocht i mbonneagar, nascacht, agus forbairt straitéiseach—riachtanais atá lárnach do chumas ár mball fás agus rath a bhaint amach. Chun chinntiú a dhéanamh ar todhchaí na Gaillimhe, ní mór dúinn cur chuige comhoibríoch a ghlacadh, infheictheacht shoiléir a chinntiú agus seachadadh tráthúil a chur chun cinn ar na tionscadail ríthábhachtacha seo."