Tacaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an Cheathrú Laidineach le Beocht agus le hInmhaireachtáil Leanúnach Chroílár na Miondíola i nGaillimh

Latin Quarter and GCC Reps

D'fhreastail Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, agus baill foirne ón rannóg Forbartha Eacnamaíochta/Turasóireachta ar Chruinniú Cinn Bhliana Chomhlachais Ghnó na Ceathrún Laidiní an tseachtain seo caite (Déardaoin an 17 Aibreán 2025), chun deiseanna comhoibrithe agus fáis a phlé sa gcuid bhríomhar dhinimiciúil seo de lár chathair na Gaillimhe. 

Tá an Cheathrú Laidineach lonnaithe san áit is mó miondíola sa chathair, le breis agus 50 áit ann le hithe, chomh maith le 15 bheár, réimse leathan ionad díolacháin, rogha lóistín, Músaem Cathrach na Gaillimhe, Amharclanna Mick Lally agus na Taibhdheirce agus Dúchas na Gaillimhe. Cuireann buscáil, sóisialú, siopadóireacht fuinneoige agus daoine a bheith ina suí amuigh go mór le hatmaisféar na sráideanna meánaoiseacha sin. 

Labhair Leonard Cleary ag an gCruinniú Cinn Bhliana, agus chuir sé béim ar dheiseanna suntasacha infheistíochta agus margaíochta don chathair, lena n-áirítear an Cheathrú Laidineach:

“Is ceann scríbe tábhachtach í Gaillimh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus léiríonn suirbhéanna sástachta cuairteoirí gur 3.7 lá an meánfhad a fhanann daoine sa gcathair, agus go mbaineann cuairteoirí úsáid as an gcathair mar bhunáit agus iad ag taisteal thart ar an gcontae agus ar na hoileáin. Tá Fáilte Éireann, arna thacú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag cur Plean Forbartha Eispéireas do Chuairteoirí le chéile faoi láthair le haghaidh Chathair na Gaillimhe, agus tá 90 gníomh beartaithe chun tacú leis an Tionscal Turasóireachta agus Fáilteachais. Cé go bhfuil sástacht na gcuairteoirí fós ard, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh dul i ngleic le haon fhadhb a d'fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar chathair na Gaillimhe agus í ina ceann scríbe tábhachtach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá cuairteoirí ag iarraidh 'luach ar airgead' a fheiceáil – tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe réidh agus ag cur tionscadail atá faoinár smacht chun cinn go gníomhach, chun eispéireas iontach a chinntiú i gcomhar le gnólachtaí agus le pobail sa chathair.”

Lean sé air, “Tá infheistíocht shuntasach ar bun sa réimse poiblí, agus muid ag déanamh dul chun cinn maith i dtaca leis an scéim athshlánúcháin ceantair choisithe, agus tá an fhoireann Uirbeachais agus Comhfhorbartha Áite ag obair ar theorannú do choisithe ar Shráid na Croise agus ar an tSráid Láir. Mar thoradh ar shíneadh Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe, beidh méadú ar líon na gcustaiméirí sa gcuid sin den chathair in 2027, agus tá tairiscint tógála oscailte faoi láthair."

"Táimid ag fanacht le toradh phróiseas ceadaithe pleanála an Bhoird Pleanála do Mhol Spóirt Uisce ar Abhainn na Gaillimhe, agus tá Creidiúnú Gormbhealaí á chur chun cinn freisin, chun Uiscebhealaí na Gaillimhe a thabhairt ar ais ionas go mbeidh siad in úsáid mar thaitneamhacht do thurasóireacht ghníomhaíochta. Tá tús curtha cheana féin le tionscadail taisteal gníomhach amhail Canáil Eglinton, nó siúlbhealach Dhroichead Wolfe Tone, agus Nasc Traschathrach BusConnects Gaillimh agus an Bord Pleanála le cinneadh a dhéanamh faoi láthair, agus Conair Bhus Bhóthar Bhaile Átha Cliath le cur isteach go luath. Cruthóidh athfhorbairt Stáisiún Cheannt acmhainn taistil go Cathair na Gaillimhe chomh maith."

"I mBóthar na Trá, cuireadh Céim 1 de thionscadal i gcrích chun an suíomh 12 acra ag Leisureland a athfhorbairt, agus é mar aidhm go mbeadh an suíomh ina phríomh-mhealltóir ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. I lár na cathrach, tá roinnt tionscnamh ar bun chun spásanna níos tarraingtí agus níos suimiúla a chruthú – lena n-áirítear athfhorbairt Pháirc Bharr an Chalaidh, a bhfuil cead pleanála faighte lena haghaidh le déanaí; 6.8km de chosáin a mbeidh treochomharthaíocht agus treoshuíomh leo feadh na n-uiscebhealaí mar chuid de mhúsaem lasmuigh; chomh maith leis an scéim atá le teacht chun aghaidh siopaí a fheabhsú."

“Is réimse fáis féideartha atá tábhachtach é Turasóireacht Ghnó i gCathair na Gaillimhe, agus cuirfear deiseanna nua ar fáil mar thoradh ar an athfhorbairt atá déanta anois ar Staid Dexcom Rugbaí Chonnacht, agus ar an bhforbairt ar Eaglais Naomh Nioclás, a bheidh ina ionad le haghaidh dinnéir cheiliúrtha - le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe”. 

Labhair an tUasal Cleary faoi imní a léirigh comhlachais ghnó de chuid na Ceathrún Laidiní i dtaca le buscáil, agus an seans ann go mbíodh bannaí sa mbealach ar dhaoine a bhí ag iarraidh dul síos an tSráid Láir. Dúirt sé ag an gcruinniú, “... Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús le triail go luath, i gcomhar leis an bpobal buscála agus le Faire Gnó na Gaillimhe, chun teacht ar réiteach do chách. Is dea-rud don chathair é an bhuscáil, tugtar beatha agus beocht chun na sráideanna, ach ní mór dúinn bealach a aimsiú a oibríonn do chách. Déanfaimid staidéar ar an triail sna trí mhí amach romhainn agus tabharfaimid aiseolas don gCoiste um Beartais Straitéiseacha Turasóireachta maidir leis na chéad chéimeanna eile”. 

D’fháiltigh Leonard Cleary an rannpháirtíocht leis an gCeathrú Laidineach go dtí seo, agus luaigh sé an dea-chaidreamh oibre ar thionscadail tionchair le déanaí lena n-áirítear Soilse na Nollag, tionscnaimh Gheilleagair Oíche agus an feachtas Déan do chuid Siopadóireachta go hÁitiúil. Dúirt sé, “Leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe de bheith ag obair go dlúth leis an gCeathrú Laidineach agus le gnólachtaí agus le pobail sa chathair, chun beocht agus inmhaireachtáil leanúnach an cheantair a chinntiú".