
Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, fáilte roimh 400 gairmí pleanála náisiúnta agus idirnáisiúnta go Cathair na Gaillimhe, ag Comhdháil Náisiúnta Pleanála mór le rá 2025, a bhí ar siúl i mBóthar na Trá ón 9-11 Aibreán 2025. Reáchtáladh an chomhdháil ar ócáid chomóradh 50 bliain d’Institiúid Pleanála na hÉireann (IPI), agus seoladh Phróifíl Shocheacnamaíoch Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Reáchtáil Comhairle Eorpach na bPleanálaithe Baile a gCruinniú Cinn Bliana ag an am céanna i mBóthar na Trá freisin, agus bhí 25 saineolaí sinsearach pleanála idirnáisiúnta páirteach ann.
Chomh maith le Cathair na Gaillimhe a choinneáil i gcroílár an chomhrá maidir le dea-phleanáil agus seachadadh, chruthaigh an ócáid thart ar 500 iostas oíche agus caiteachas a bhaineann leis sa chathair, agus bhain cuairteoirí leas as aimsir the an earraigh agus iad ag baint sult as Gaillimh.
Thug Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, an spreagaitheasc tosaigh, inar leag sé amach na tosaíochtaí straitéiseacha don Chathair sna blianta atá le teacht, agus an straitéis le haghaidh seachadta.
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Rinneadh athstruchtúrú ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le déanaí chun stiúrthóireachtaí nua um Fhorbairt Uirbeach agus Forbairt Tionscadail a chruthú, a thacóidh le fás inbhuanaithe na cathrach amach anseo de réir Chreat Pleanála Náisiúnta athbhreithnithe an Rialtais a foilsíodh an tseachtain seo - ina leanann Cathair na Gaillimhe ag cur fócas ar fáil do Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair. Tá beagnach 30% (29.9%) de na hoibrithe go léir i Réigiún an Iarthair ina gcónaí i gcathair na Gaillimhe, méadú 3% ón Daonáireamh seo caite, leis an gcathair mar bhaile do chnuasach gnó MedTech a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus tionscal láidir TFC atá ag teacht chun cinn. Meastar go dtiocfaidh méadú 50% ar Chathair na Gaillimhe faoi 2040 go dtí 122,000 duine. Tá gá le hinfheistíocht phoiblí shuntasach chun forbairt inbhuanaithe a dhéanamh taobh istigh den Chathair faoi láthair, agus chun fás beartaithe na cathrach a chumasú mar atá leagtha amach i bpolasaí an rialtais.”
Leag an tUasal Cleary béim ar an tábhacht a bhaineann le ról na gComhaltaí Tofa áitiúla chun tuiscint choiteann a fhorbairt ar an tábhacht a bhaineann le torthaí straitéiseacha náisiúnta, agus ar an bpráinn a bhaineann le seachadadh áitiúil, ag rá:
“Tugaim faoi deara go bhfuil athrú ag teacht chun cinn de réir mar a aibíonn an caidreamh idir na húdaráis áitiúla agus Oifig an Rialaitheora Pleanála agus de réir mar a shocraíonn an ról – i maoirseacht agus oideachas araon – tá súil agam gur féidir linn an luach agus an léargas a thugann Comhaltaí Tofa áitiúla a aithint arís agus, agus iad ag baint leas as sin, cuidiú leo chun freagracht a ghlacadh agus tacú le cuid de na cinntí deacra a theastaíonn chun cathair níos fearr a thógáil.”
Thug an tUasal Cleary le fios go bhfuil gá le fís chomhroinnte agus tuiscint chun Gaillimh a athrú, ag tagairt do na 12 phrionsabal den uirbeachas inbhuanaithe a léirítear i gCairt Mhórcheantar na Gaillimhe, a d'fhorbair foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le hAcadamh an Uirbeachais, Institiúid Ríoga na nAiltirí in Éirinn, agus páirtithe leasmhara eile.
“Léiríonn an tiomantas seo do cheannaireacht chomhoibríoch fís chomhroinnte den chathair agus léiríonn sé gur féidir le ceannaireacht Chathair na Gaillimhe comhoibriú agus muinín a chothú maidir le hinfheistíocht isteach – poiblí agus príobháideach.”
Ag tarraingt aird ar an bhféidearthacht infheistíochta agus athnuachana i gCathair na Gaillimhe, dúirt an tUasal Cleary, “Tá deiseanna suntasacha á gcur chun cinn faoi láthair i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún, ag Bóthar an Ghainimh agus Bóthar na Díge. Ceathrú an Ghainimh – Beidh áit láidir i gCeathrú an Ghainimh don phobal áitiúil ar fad, ag cur thart ar 750 teach nua ar fáil le thart ar 70 áit chónaithe in aghaidh an heicteáir – i láithreán athfhorbraíochta ina bhfuil oideachas, fuíolluisce, iompar, sláinte agus bonneagar pobail ann cheana féin. Díreach an mhí seo caite ar Bhóthar na Díge, cuireadh isteach iarratas pleanála Chuid 10 chun 219 teach a chur ar fáil ar mhúnla cíos costais – gar do sheirbhísí agus iompar. Is é seo an chuma a bhíonn ar athnuachan nuair a threoraíonn fís shoiléir í, nuair a bhíonn sí cumasaithe ag infheistíocht phoiblí, agus nuair a chuirtear i gcrích i gcomhpháirtíocht í.”
“Ní mór samhlacha maoinithe amhail URDF nó a chomharba (an Ciste Infheistíochta Bonneagair Bailte agus Cathracha) a chalabrú chun bonneagar tráthúil, dea-eagraithe a chinntiú a ghníomhachtaíonn tithíocht agus a thagann le cuspóirí beartais.”
Dúirt an tUasal Cleary go bhfuil “Cathair na Gaillimhe réidh le beart a dhéanamh de réir a briathair”, ag lua aighneacht na Comhairle Cathrach le déanaí chuig an gClár Rialtais, mar a aontaíodh leis na Comhaltaí Tofa, ina n-aithnítear an 12 phríomhthosaíocht a dteastaíonn idirghabháil ón Rialtas Náisiúnta uathu, chun dul chun cinn a dhéanamh sna deich mbliana atá amach romhainn.
I measc na dtosaíochtaí sin tá Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe, BusConnects Gaillimh; Scéim Cosanta Tuilte Chathair na Gaillimhe (Coirib go Cósta); múnla maoinithe; Cáin Iostas Oíche Phíolótach do Thurasóirí; bonneagar fuíolluisce; athnuachan Bhóthar na Díge agus Bóthar an Ghainimh; forbairt na nArdán a chumasú; Droichead Coisithe agus Rothaíochta Iarnród an Chlocháin; ciste bonneagair chultúrtha; agus athfhorbairt Chalafort na Gaillimhe.
Leag an tUasal Cleary béim freisin ar an ngá atá le “leas a bhaint as na deiseanna socheacnamaíocha a bhaineann le himeall an uisce agus leis an acmhainn uisce do Ghaillimh do gach glúin. Mar chathair atá tógtha ar uisce, tá acmhainneacht shuntasach ann chun an leas is mó a bhaint as an áis seo, chun láithreáin athfhorbraíochta agus tréigthe in aice leis an uisce a athnuachan, agus chun forbairt faoi stiúir taitneamhachta a chur i gcrích i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach.”
Luaigh an tUasal Cleary an tábhacht a bhaineann le fás inbhuanaithe don chathair, mar chuid de straitéisí náisiúnta, ag rá “Tacaíonn ár gComhairle Cathrach go hiomlán le coincheap an Dlúthfháis Uirbigh mar a thuairiscítear sa Chreat Pleanála Náisiúnta. Tá muid réidh anseo i nGaillimh le bheith mar phríomhpháirtí sa Chreat Náisiúnta Pleanála agus ról suntasach a imirt le dul i ngleic le míchothromaíochtaí réigiúnacha sa chontae – tá na pleananna, na daoine agus na comhpháirtíochtaí againn, agus cuireann muid fáilte roimh thacaíocht náisiúnta chun ár ról lárnach a bhaint amach”.
I measc na bpríomhchainteoirí eile ag an gcomhdháil, bhí Peter Mullan, cathaoirleach an Bhoird Pleanála, Emer O'Callaghan, Ceannaire Pleanála sa Ghníomhaireacht Forbartha Talún, agus Ciarán Cuffe, ar iar-Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, Teachta Dála agus Aire Stáit de chuid an Chomhaontais Ghlais é, agus pleanálaí cáilithe.
Seoladh Próifíl Shocheacnamaíoch Chathair agus Chontae na Gaillimhe ag an gcomhdháil, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Justin Gleeson ó People and Place. Den chéad uair, ailíníonn an phróifíl seo na 27 comharsanacht i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe le teorainneacha limistéir bheaga na Príomh-Oifige Staidrimh. Beidh an phróifíl seo ina bonn fianaise do chur chuige nua comharsanachta i leith pleanála i nGaillimh, agus cabhróidh sé le bochtaineacht, athrú déimeagrafach, rochtain ar sheirbhísí, agus riachtanas bonneagair a rianú.
Dúirt Eoghan Lynch, Pleanálaí Sinsearach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Ba mhór an onóir don fhoireann Pleanála fáilte a chur roimh ár gcomhghleacaithe ó Institiúid Pleanála na hÉireann i gCathair na Gaillimhe an tseachtain seo agus Próifíl Shocheacnamaíoch Chathair agus Chontae na Gaillimhe a sheoladh. Deis atá sa chomhdháil seo machnamh a dhéanamh ar chaoga bliain d’éachtaí agus claochlú pleanála in Éirinn—agus chun breathnú chun cinn, i dteannta a chéile, ar an méid a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcéad chaoga bliain eile atá amach romhainn. Tá tuiscint ar leith ag pleanálaithe ar fud disciplíní, ag comhordú ár n-iarrachtaí forbartha agus ag cabhrú leis an gcuid eile againn a shamhlú cén chuma a d'fhéadfadh a bheith ar thodhchaí níos fearr agus conas ba chóir dúinn an chéad chéim a thógáil i dtreo é a thógáil.”
Thug Leonard Cleary aitheantas do ról Institiúid Pleanála na hÉireann as a cheannaireacht, a abhcóideacht, agus don Stiúrthóir Seirbhíse le freagracht as Pleanáil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, Patricia Philbin; Pleanálaithe Sinsearacha, Eoghan Lynch agus James Russell; agus baill foirne na rannóige pleanála i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, a bhí páirteach i seachadadh na comhdhála.