Stoirm Éowyn: Rabhadh Gaoithe Stádus Dearg

map of ireland with most counties in red

Tá rabhadh Gaoithe stádus Dearg eistithe do chontae na Gaillimhe. 

Stoirm Éowyn: Tabharfaidh gála go fórsa stoirme ó dheas gaotha aniar aduaidh séideáin throma, dhíobhálacha agus thar a bheith millteach os cionn 130km/u. 

Tionchar 

• Dansúir don bheatha 

• Dálaí taistil thar a bheith contúirteach 

• Dálaí oibre neamhshábháilte 

• Cur isteach agus cealuithe ar iompar 

• Go leor crainn tite 

• Briseadh cumhachta suntasach agus forleathan 

• Tionchair ar líonraí cumarsáide 

• Imeacht a chur ar ceal 

• Damáiste struchtúrach 

• Tonn ag cur thar maoil 

• Tuilte cósta i gceantair ísle agus nochta 

 

Bailí: 03:00 Dé hAoine 24/01/2025 to 12:00 Dé hAoine 24/01/2025 

Eisithe: 14:47 Dé Céadaoin 22/01/2025 

 

Molann Met Éireann don phobal 'foscadh a dhéanamh' le linn foláirimh aimsire dearga. 

 

Tá rabhadh oráiste: gaoithe i bhfeidhm d'Éirinn freisin. 

Bailí: 02:00 Dé hAoine 24/01/2025 to 17:00 Dé hAoine 24/01/2025 

Nuashonrú: 09:44 Dé Céadaoin 22/01/2025 

 

Féach ar Met.ie le haghaidh na nuashonruithe is reatha maidir leis na rabhaidh aimsire seo. 

Gníomhartha Áitiúla: 

 Tháinig Foireann Chomhairleach drochaimsire Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le chéile, agus tá athbhreithniú á dhéanamh acu ar thionchair agus ar ghníomhartha féideartha. 

Meastar go mbeidh an teagmhas aimsire seo suntasach ó thaobh tionchair le linn agus i ndiaidh an fholáirimh aimsire dheirg. 

Tá idirchaidreamh idirghníomhaireachta ar siúl idir an Garda Síochána, FSS, an tSeirbhís Dóiteáin, an Chosaint Shibhialta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus Calafort na Gaillimhe. 

Carrchlóis Dúnta:  

Beidh na carrchlóis seo a leanas dúnta ón Déardaoin 23 Eanáir 2025 mar gheall ar an gcósta a d'fhéadfadh a bheith os cionn na bearrtha: 

  • Baile an Locháin (rochtain áitiúil amháin) 
  • Trá na gCeann 
  • Carrchlós Tofts, Bóthar na Trá  
  • Carrchlós Prom, Bhóthar na Trá 

 

Málaí gainimh 

  • Beidh málaí gainimh ar fáil Déardaoin 23 Eanáir ag:  
  • Áirse na Spáinne  
  • Stáisiún dóiteáin, Bóthar an Athar Griffin  
  • Rinn na Mara, in aice leis an Uisceadán i mBóthar na Trá. 

Eiseofar nuashonruithe breise 

 

Príomhtheachtaireachtaí Sábháilteachta Poiblí: 

  • Le linn na rabhaidh gaoithe Stádus Dearg, moltar don phobal foscadh a dhéanamh.  
  • Rabhaidh Stadús Oráiste: tá an pobal teoranta do thaisteal riachtanach i gceantair ina bhfuil rabhadh Stadús Oráiste i bhfeidhm. Leanfaidh oibritheoirí seirbhísí riachtanacha ag oibriú seirbhísí faoi réir comhairle ó Met Éireann maidir le coinníollacha áitiúla atá i réim.  
  • Tá sé d’achmhainn ag na gaotha tuartha gaotha troma, milllteacha agus díobhálacha a thabhairt isteach ina mbaol beatha agus maoine.  
  • Farraigí arda: moltar don phobal fanacht amach ó cheantair cois cósta le linn na tréimhse seo. Tá Garda Cósta na hÉireann ag achainí ar dhaoine “Fanacht Siar, Fan Ard, Fan Tirim.” 
  • D’fhéadfadh tuilte taoide a bheith i gceantair chósta. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh ceathanna troma a bheith nar thoradh ar Stoirm Éowyn, rud a d’fheadfadh tuilte a bheith mar thoradh air. 
  • Meastar go mbeidh tionchar mór ag an líonra Leictreachais, moltar don phobal ullmhú do theacht na stoirme, lena n-áirítear a chinntiú cadhnra lánluchtaithe ar a bhfón póca chun cumarsáid a chumasú. 
  • Moltar don phobal gan taisteal le linn an Rabhadh Stadús Déarg. 
  • Monatóireacht a dhéanamh ar réamhaisnéisí Met Éireann agus/nó cuairt a thabhairt ar https://www.met.ie/ chun an fhaisnéis is déanaí a fháil. Tá eolas ar fáil ar fud ardáin na meán sóisialta agus foinsí eile meán nuachta. 
  • Tá líonra ESB ag cur béime ar na contúirtí a bhaineann le sreanga beo tite agus molann siad don phobal agus do na seirbhísí éigeandála fanacht amach ó na cáblaí tite seo agus cásanna den sórt sin a thuairisciú dó láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála ESB ag 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal monatóireacht a dhéanamh ar www.PowerCheck.ie chun faisnéis a fháil faoi amanna athchóirithe cumhachta. 
  • Is feidir le custaiméirí Uisce Éireann cainéil  www.Water.ie agus meán sóisialta a sheiceáil le haghaidh nuashonruithe. Téigh i dteagmháil le haon saincheisteanna nó ábhair imní tríd an ionad cúraim custaiméirí 24/7 ag 1800 278 278. Is féidir leis an bpobal clárú ar líne freisin le córas foláirimh téacs saor in aisce chun nuashonruithe rialta a fháil faoina soláthairtí áitiúla- féach www.water.ie