Sharon Shannon Fógartha ina Mór-Mharascal do Pharáid Lá Fhéile Pádraig 2025 na Gaillimhe

Boats lit green

Is í Sharon Shannon, seoid náisiúnta agus sárcheoltóir traidisiúnta na hÉireann, atá roghnaithe ag Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, le bheith ina Mór-Mharascal do Pharáid Lá Fhéile Pádraig na Gaillimhe 2025.

“Tá lúcháir orainn go bhfuil Sharon Shannon le bheith ina Mór-Mharascal againn,” a dúirt an Méara Peter Keane.  Mar gheall ar a tallann ollmhór, a paisean do cheol na hÉireann, agus a dúthracht chun ár gcultúr a chaomhnú agus a roinnt ar fud an domhain, is iontach an rogha í do Lá Fhéile Pádraig.  Is fada linn go bhfeicfidh muid í ar cheann na paráide agus í páirteach sa cheiliúradh.”

Déantar Sharon Shannon a cheiliúradh mar gheall ar a tallann eisceachtúil ar an mbosca ceoil agus an méid ollmhór atá déanta aici do cheol na hÉireann. Tá lucht spéise ar fud an domhain meallta ag Sharon lena meascán ar leith d’fhuaimeanna traidisiúnta agus comhaimseartha agus tá sí ar dhuine de na ceoltóirí is mó a bhfuil meas uirthi in Éirinn agus is iontach an inspioráid í do na daoine go léir a bheidh páirteach sa bparáid.  

I bparáid na bliana seo, tabharfaidh 50 grúpa pobail agus os cionn 3,000 rannpháirtí aghaidh ar shráideanna na Gaillimhe chun ardán a thabhairt d’oidhreacht, ceol, damhsa agus cúlraí cultúir éagsúla na cathrach. Tabharfaidh an pharáid ardán do phobal, bród agus atmaisféar speisialta na Gaillimhe a fhágann go bhfuil Gaillimh uathúil agus í ar an bParáid Lá Fhéile Pádraig is mó riamh sa chathair. 

Cuirfear tús leis an bparáid ag 11.30am Dé Luain an 17 Márta agus imeoidh sí ó Ollscoil na Gaillimhe ar Bhóthar na hOllscoile, trasna Dhroichead na mBradán, isteach ar Shráid Eglinton agus leanfaidh sí ar aghaidh tríd an bhFaiche Mhór, go Bóthar na mBan agus críochnóidh sí ag Carrchlós Bhóthar na Díge.  Beidh bóithre dúnta ó 11.00am go dtí thart ar 14.00pm.

Molaimid do phobal a bheith ann luath agus taitneamh a bhaint as an lá iontach a bheidh ann do chách!

Related news