Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe Roimh Sholáthar Beartaithe 345 Teach i gCearnóg Crown

Photomontage of Crown Square by LDA

Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh fhógra ón nGníomhaireacht Forbartha Talún an tseachtain seo go bhfuil 345 teach nua á gcur ar fáil i gcomhpháirtíocht le Grúpa Rhattigan ag Campas Chearnóg Crown. 

Cuirfear na hárasáin nua le rátáil fuinnimhe A ar fáil mar Chíos ar Chostas (310) agus tithíocht shóisialta (35), agus beidh na chéad árasáin le críochnú faoi R4 2026. 

Is í seo an chéad scéim Costas ar Cíos ar scála suntasach i gCathair na Gaillimhe, ag leanúint ar scéim Bhóthar an Chlocháin Mhóir, Muine Mheá, le 28 aonad costas-chíosa. 

Is samhail nua tionóntacht in Éirinn é Cíos ar Chostas, atá deartha chun tabhairt faoi na dúshláin inacmhainneachta agus slándála atá roimh chíosaithe. Soláthraíonn tithe ar chíos costais tionóntachtaí fadtéarmacha slána ag rátaí atá thart ar 25% níos ísle ná ráta an mhargaidh áitiúil. Tá na tithe seo dírithe ar dhaoine ar mheánioncaim a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu cíos a íoc i gcóiríocht phríobháideach ach nach gcomhlíonann na critéir ioncaim maidir le tacaíocht tithíochta sóisialta.

Ag labhairt di faoin bhfógra, dúirt Elizabeth Fanning, Stiúrthóir Seirbhísí, "Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an infheistíocht shuntasach seo i dtithíocht don chathair, atá ag teacht lenár dtiomantas tithe sóisialta, inacmhainne agus tithe ar cíos ar chostas a chur ar fáil i nGaillimh agus a éascú. Cuirfidh an fhorbairt seo tithe a bhfuil géarghá leo ar fáil do lucht cónaithe, rud a chinnteoidh go mbeidh rochtain acu ar chóiríocht ar ardchaighdeán laistigh d’áiseanna agus seirbhísí riachtanacha. Táimid ag súil go mór lenár gcomhoibriú leanúnach leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún agus le Grúpa Rhatigan chun a chinntiú go gcuirfear an tionscadal seo i gcrích go rathúil agus chun leanúint ar aghaidh ag tabhairt faoi dhúshlán riachtanas tithíochta na cathrach."