DÚNADH SEALADACH BÓITHRE Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin um Bóithre 1994 – Airteagal 12 Fógra Rúin - Bóthar Shandair

Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-

Bóthar Shandair: Acomhal Bhóthar Shandair/Shráid an Mhargaidh go dtí acomhal Bhóthar Shandair/Shráid an Gheata Bhig. 

Tréimhse an Dúnta: 24/7 Dé Luain an 19ú Bealtaine 2025 go dtí Dé Céadaoin an 21ú Bealtaine 2025. 

Cúis:  Chun uasghrádú práinneach an bhonneagair uisce a éascú. 

Bealaí Atreoraithe: Beidh an bealach atreoraithe trí Shráid an Mhargaidh agus Sráid an Gheata Bhig.

Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.

Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.

 

Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.30rn go 1.00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 8ú Bealtaine 2025.