Comórtas Spásanna i gCathair na Gaillimhe don Bhithéagsúlacht 2025 seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe

GCC Staff holding climate action signs

C – D: Director of Service Patrick Greene, Environmental Awareness Officer Fergal Cushen, Assistant Staff Officer Diarmaid Ó Nualláin, Waste Enforcement Officer David Walsh, Deputy Mayor Cllr. Niall Mc Nelis   

Tar éis an rath a bhí ar an gcéad bhliain, tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil an Comórtas Spásanna i gCathair na Gaillimhe don Bhithéagsúlacht 2025 ar ais. Díríonn an comórtas ar ghairdíní príobháideacha a chuirfidh leis an mbithéagsúlacht ar fud na cathrach, chomh maith le háiteanna poiblí. I mbliana, leathnaíodh an comórtas chun Catagóir thiomnaithe Scoile a chur san áireamh, rud a ligeann do scoileanna ar fud na cathrach a n-iarrachtaí cruthaitheacha agus nuálacha a thaispeáint chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn agus spásanna nach ndéanann díobháil do phailneoirí a chruthú.

Tabharfar cuireadh do bhuaiteoirí an chomórtais chuig oíche na ngradam i mí Dheireadh Fómhair ina mbeidh duais don chéad áit, dearbháin, teastais i bhfráma agus féiríní eile.

Féachfaidh an Comórtas Spásanna don Bhithéagsúlacht le haird a tharraingt ar thábhacht spásanna níos lú a chuireann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus a thacaíonn le hobair ríthábhachtach pailneoirí. Spreagann an comórtas an pobal chun breathnú in áiteanna sa chathair agus timpeall uirthi, ó ghairdíní cónaithe go spásanna poiblí, áit ar féidir leis an mbithéagsúlacht a bheith faoi bhláth. I mbliana, moltar do rannpháirtithe cineálacha cur chuige cruthaitheacha agus nuálacha a ghlacadh i leith spásanna beaga fiú, agus béim á leagan ar bhia, foscadh agus sábháilteacht d’fheithidí pailnitheacha ar nós beach agus féileacán.

Dúirt Fergal Cushen, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le tábhacht an chomórtais:
“Le chéile, cuimsíonn gairdíní príobháideacha limistéar ollmhór i gcathracha agus cuireann siad deiseanna iontacha ar fáil do ‘nideoga don dúlra’ - nascacht gnáthóige ríthábhachtach don fhiadhúlra ar fud na cathrach. Níl spásanna glana á lorg againn, ach spásanna a choinnítear go tuisceanach le meas ar bhithéagsúlacht, is cuma cé chomh beag is atá an spás.”

Léirigh an chéad chomórtas anuraidh éagsúlacht iontach spásanna cruthaitheacha a thacaíonn leis an bhfiadhúlra, agus léirigh rannpháirtithe an-bhród as a gcuid iarrachtaí chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú i nGaillimh. Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas feasacht a mhúscailt maidir leis an ngá atá leis an mbithéagsúlacht i spásanna uirbeacha a chosaint agus a fheabhsú, i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta Bithéagsúlachta náisiúnta agus áitiúla araon.

Tá an Comórtas Spásanna don Bhithéagsúlacht oscailte do gach ceantar i gCathair na Gaillimhe, lena n-áirítear réadmhaoine cónaithe, scoileanna, grúpaí pobail agus gnólachtaí. Is deis iontach é chun cruthaitheacht mhuintir na Gaillimhe a cheiliúradh agus cleachtais inbhuanaithe chomhshaoil a spreagadh ag an am céanna.

Roinn Cathaoirleach Bhailte Slachtmhara na Gaillimhe agus Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Clr Neil McNelis an ríméad atá air faoin gcomórtas a bheith ar siúl arís: “Níor chuir caighdeán na n-iontrálacha anuraidh iontas ar bith orm; léirigh muintir na Gaillimhe an-bhród i gcónaí as an gcathair a choinneáil glan agus as dul i ngleic leis an timpeallacht mórthimpeall orthu. Tugann an comórtas deis don Chomhairle Cathrach aitheantas a thabhairt don obair iontach seo agus níos mó daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh ann.”

Tá níos mó i gceist leis an gcomórtas seo ná díreach comórtas - is iarracht atá ann chun cathair níos glaise agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de Ghaillimh, áit a meastar go bhfuil na spásanna is lú fiú ríthábhachtach don fhiadhúlra áitiúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin mbealach le cur isteach ar an gcomórtas seo, téigh chuig https://www.GalwayCity.ie/Services/Environment/Environment-Services/Spaces-For-Biodiversity-Competition


Téigh chuig Pollinators.ie chun leideanna úsáideacha a fháil faoin ngarraíodóireacht don bhithéagsúlacht agus spásanna nach ndéanann díobháil do phailneoirí a chruthú. 

 

Déan teagmháil le: Environment@GalwayCity.ie chun tuilleadh eolais a fháil

Catagóirí an Chomórtais 2025:

  • Ceantair Chónaithe: Tá an chatagóir seo roinnte ina trí cuid: 0-50 teach, 50-200 teach agus níos mó ná 200 teach.
  • Spásanna Príobháideacha Cónaithe: Gairdín Tosaigh agus boscaí fuinneoige/taispeántais bláthanna
  • Spásanna Poiblí agus Tráchtála
  • Tionscadail Phoiblí
  • Scoileanna