Ceiliúradh ar Bhealtaine 2025 i gCathair na Gaillimhe: Féile faoin gCruthaitheacht, Ceangal agus Pobal do Dhaoine níos Sine

Bealtaine 25

Is taithí ealaíonta ar leith ar fad í Féile na Bealtaine, ina gcuirtear leis an gcruthaitheacht i measc daoine scothaosta trí chomhoibriú idirghlúine, ag taispeáint chumais na n-ealaíontóirí scothaosta agus ag cur comhroinnt scileanna agus taithí chun cinn a chuirfidh le saol saibhir agus cruthaitheach.

Tá an fhéile ealaíon seo a bhfuil an-tóir uirthi 30 bliain ar an bhfód i mbliana agus is tionscnamh í de chuid Age & Opportunity, atá maoinithe go mórtasach ag an gComhairle Ealaíon agus ag FSS, agus a fhaigheann tacaíocht ó phobail ar fud na tíre agus ó líonra éagsúil de chomhlachtaí áitiúla agus náisiúnta. 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil tríd an Tionscnamh a Thacaíonn le Daoine Breacaosta, Clár Éire Ildánach agus an Plean Gníomhaíochta Geilleagair Oíche. 

Maidir le clár Bealtaine na bliana seo i nGaillimh, beidh gach rud ó scéalaíocht i dtithe altranais go cainteanna le healaíontóirí, oícheanta snagcheoil, ceardlanna cruthaitheacha, imeachtaí damhsa, agus go leor eile ar siúl. Reáchtáiltear na himeachtaí i gcomhpháirtíocht le hionaid, eagraíochtaí agus ealaíontóirí áitiúla, iad go léir ag oibriú le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an saibhreas taithí agus cruthaitheachta a chuireann daoine scothaosta leis an bpobal.

Bí linn mí na Bealtaine seo agus bí páirteach i gceiliúradh Chathair na Gaillimhe ar an gcruthaitheacht, pobal agus ceangal! Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le candc@galwaycity.ie nó féach ar https://bealtaine.ie/arts-events-listings/ chun clár na nImeachtaí Ealaíon a bheidh ag tarlú gar duitse a fheiceáil.

Áirítear ar Bhuaicphointí Fhéile na Bealtaine 2025 i gCathair na Gaillimhe:

Café Lates; Oíche Shnagcheoil sa Dangan House Café: Dé hAoine an 2 Bealtaine @ 8.30pm. Bain sult as oíche shnagcheoil mhachnamhach bheo, chomh maith le sólaistí beaga blasta agus deochanna úra, agus tú ag baint taitneamh ag an am céanna as radhairc áille an gharraí dhaingin Sheoirsigh. Tá Geilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe ag déanamh urraíochta ar líon teoranta ticéad saor in aisce dóibh siúd atá 50+ bliain d’aois, le súil go spreagfaidh sé inrochtaineacht agus rannpháirtíocht daoine in imeachtaí cultúir oíche na cathrach.  

Ceardlanna Social Steps DanceDé Luain: 12, 19 agus 26 Bealtaine ag amanna éagsúla. Bí linn do na ceardlanna damhsa saor in aisce a bheidh ar siúl in Ionad Pobail an Taoibh Thiar (9.30am – 11am), Ionad Cheantar Bhaile an Phoill an Chaisleáin Ghearr (1pm – 2.30 pm) agus Ionad Acmhainní Pobail an Bhaile Bháin (3.30 pm – 5pm). Is faoi bheith ag corraí tuilleadh agus faoi spraoi a bheith agat an tionscnamh seo de chuid Chathair na Gaillimhe Shláintiúil agus Aoisbhá i gcomhar le Galway Dance. 

Café Lates: Ceangail Chruthaitheacha sa Dangan House Café: Dé Céadaoin, an 14 Bealtaine 2025, @6.30pm. Bí páirteach i dtráthnóna den chruthaitheacht shuaimhneach. Lig d’áilleacht shíoraí an ghairdín féith na healaíne ionat a spreagadh agus tú ag aistriú d’fhíse go dtí na potaí plandaí!  Tabharfaidh an ócáid seo deis duit ceangal le do thaobh cruthaitheach, i dtimpeallacht oíche atá suaimhneach agus fáilteach. Tá Geilleagar Oíche Chathair na Gaillimhe ag déanamh urraíochta ar líon teoranta ticéad saor in aisce dóibh siúd atá 50+ bliain d’aois, le súil go spreagfaidh sé inrochtaineacht agus rannpháirtíocht daoine in imeachtaí cultúir oíche na cathrach.  

Taispeántais Scannán san Eye Cinema: Gach Aoine i mí na Bealtaine, ag 12pm, reáchtálfaidh an Eye Cinema taispeántas speisialta do dhaoine fásta níos sine mar chuid d’Fhéile na Bealtaine. I measc na scannán atá roghnaithe tá ‘The Penguin Lessons’, ‘The Salt Path’ agus ‘Parthenope’ mar gheall ar a ndearcthaí uathúla faoi bheith ag dul in aois. Tá Aoisbhá Chathair na Gaillimhe agus Clár Éire Ildánach ag déanamh urraíochta ar líon teoranta ticéad saor in aisce agus beidh an chéad 40 ticéad isteach ag gach taispeáint saor in aisce do dhaoine fásta níos sine. Beidh tae agus caife le fáil saor in aisce agus beidh na doirse ag oscailt @ 11.30am.