Ceadúnas d’Iompróir Paisinéirí Gan Inneall 2025 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Image of City Hall

Fáilteoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh iarratais ar Cheadúnais le haghaidh Hacnaí Cóiste Capaill do 2025 faoi Fhodhlíthe Impróra Paisinéirí Gan Inneall 2015 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Rachaidh ceadúnas 2025 as feidhm an 31 Nollaig 2025.

I gcásanna inár mó líon na n-iarratas ná líon na gceadúnas atá ar fáil, ceadúnas amháin atá i gceist in 2025, tarraingeofar an t-iarratasóir ar a mbronnfar an ceadúnas as an hata.  Tabhair ar aird gur iarratas amháin in aghaidh an teaghlaigh a ghlacfar leis maidir le heisiúint Cheadúnas Hacnaí Gan Inneall 2025 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Sa gcás nach mbeidh an t-iarratasóir a n-éireoidh leis in ann coinníollacha an iarratais a chomhlíonadh, tarraingeofar siar an tairiscint ón iarratasóir agus bronnfar an ceadúnas ar an gcéad iarratasóir eile a dtarraingeofar a ainm.

Ba chóir foirmeacha iarratais agus doiciméid tacaíochta a chur faoi bhráid tráth nach déanaí ná an spriocdháta 4.00pm Dé hAoine an 28 Márta 2025.   Ní mór do gach iarratas comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a bheith faighte ag an Rannóg Cothabhála Bóithre agus Iompair faoin dáta seo.  Ní mór iarratais a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig roads@galwaycity.ie

Is féidir foirmeacha iarratais agus sonraí iomláin faoin gceadúnas a fháil ar https://www.galwaycity.ie/ga/services/boithre-agus-iompar/iomproir-gan-inneall  agus ón Rannóg Cothabhála Bóithre & Iompair, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. 

Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig roads@galwaycity.ie nó ar an bhfón ag 091 536400, le linn uaireanta oifige.

Sínithe: Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.