
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-
Ráth Uilinn: Ón acomhal le Bóthar an Bhaile Bháin go dtí an t-acomhal le hAscaill Fhearann na Carraige.
Tréimhse an Dúnta: 24/7 Dé Máirt an 18ú Márta 2025 go dtí Dé hAoine an 4ú Aibreán 2025.
An Chúis atá leis an Dúnadh: Oibreacha Taistil Ghníomhaigh a éascú feadh Bhóthar Pháirc an Chaisleáin agus Bhóthar an Bhaile Bháin.
Bealaí Atreoraithe: Beidh bealach sealadach atreoraithe i bhfeidhm trí Bhóthar an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin, Bóthar Mhuine Mheá agus Ascaill Fhearann na Carraige.
Beidh slí isteach agus amach i gcónaí ag muintir an cheantair.
Cuirfear comharthaí suas faoi mhalairtí bealaigh sula dtosófar ar an obair.
Is féidir doiciméid a iniúchadh ag an bhFáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.30rn go 1.00in, Luan go hAoine, Féadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an dúnadh sealadach beartaithe a chur isteach i scríbhinn chuig an tUasal Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 6ú Márta 2025.