BÓITHRE A DHÚNADH GO SEALADACH Acht na mBóithre 1993 – Alt 75 Rialacháin na mBóithre 1994 - Airteagal 12 Fógra Rúin - An Chraein Bheag

Road Closure

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe ordú a dhéanamh go ndúnfar:-

An Chraein Bheag (L-5111): Ó Shráid Nua Thiar (L-5112) go Sráid Liam Thiar (L-5113).

Tréimhse an Dúnta:  24/7, Dé hAoine 16ú Bealtaine 2025 go dtí Dé Domhnaigh 28ú Meán Fómhair 2025.

Cúis: Spás a chur ar fáil do bhia, d’fhéilte agus d’imeachtaí faoin aer.

Beidh comharthaíocht réamh-atreoraithe i bhfeidhm sula gcuirfear tús leis an obair.

 

Is féidir doiciméid a scrúdú ag Fáiltiú, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oifige, ó 9.00am go 1pm, Luan go hAoine. Is féidir agóidí i gcoinne an dúnta shealadaigh atá beartaithe a chur i scríbhinn chuig Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag an seoladh thuas, nó trí ríomhphost chuig: roads@galwaycity.ie tráth nach déanaí ná 12 nóin Déardaoin 1ú Bealtaine 2025.