Bí páirteach sa Cheiliúradh ‘Muir agus Cloch’ téama Paráid Lá Fhéile Pádraig Chathair na Gaillimhe.

St.Patrick's Day parade participants in costumes

Bígí linn Dé Luain an 17 Márta, do Pharáid cháiliúil Lá Fhéile Pádraig na Gaillimhe.  Is é ‘Muir & Cloch’, téama na bliana seo, comhartha aitheantais dár dtimpeallacht álainn cois cósta agus dár n-oidhreacht shaibhir mhuirí.  Bí ag súil le flótaí ildaite, cultacha cruthaitheacha, agus neart iontais agus muid ag ceiliúradh ceangal mór na cathrach leis an Atlantach. Cuirfear tús leis an bparáid ag 11.30am Dé Luain an 17 Márta agus imeoidh sí ó Ollscoil na Gaillimhe ar Bhóthar na hOllscoile, trasna Dhroichead na mBradán, isteach ar Shráid Eglinton agus leanfaidh sí ar aghaidh tríd an bhFaiche Mhór, go Bóthar na mBan agus críochnóidh sí ag Carrchlós Bhóthar na Díge.  Beidh bóithre dúnta ó 11.00am go dtí thart ar 14.00in. Léigh tuilleadh ag www.GalwayCity.ie  

 

Ag tógáil ar oidhreacht shaibhir chultúir agus mhuirí na Gaillimhe, is é téama na bliana seo-‘Muir & Cloch:   Ceiliúradh ar Shuíomh ar Leith na Gaillimhe ar Chósta an Atlantaigh’ — tugtar ómós do cheangail dhoimhne na cathrach leis an bhfarraige agus a tírdhreach garbh aolchloiche. Is í Sharon Shannon, sár-cheoltóir náisiúnta agus ceol traidisiúnta na hÉireann, beidh sí mar an Cheann Feadhna, le Fiona Ní Chéirín MC-ing ag tabhairt faoin bhféile ar an bhFaiche Mhór. 

 

Tá sé geallta ag an Méara, an Comhairleoir  Peter Keane do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon go mbeidh an fhéile seo ina taispeántas ar spiorad agus ar mheon phobal na Gaillimhe nach ndéanfar dearmad uirthi go ceann i bhfad; ‘Tá Gaillimh múnlaithe ag an gceangal atá aici leis an Atlantach — ó na tonnta a bhíonn ag réabadh ar an gcósta go dtí na ballaí cloiche ársa a thugann léargas ar stair an chontae.  Is léiriú é ‘Muir & Cloch’ ar chroílár ár gcathrach agus a muintire, agus tugaimid cuireadh do gach duine teacht chun ár n-oidhreacht chomhroinnte a cheiliúradh.”

 

Spreagtar gnólachtaí agus cónaitheoirí áitiúla agus cuairteoirí araon glacadh go fonnmhar leis an téama trí ghnéithe muirí nó cloch-spreagtha a bheith mar chuid den cheiliúradh — bíodh sé sin trí fheistis a chaitheamh, taispeántais fuinneoige, nó a bheith páirteach go cruthaitheach sa bparáid.

 

Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin sceideal agus lena fháil amach cén chaoi ar féidir a bheith páirteach ann, coinnigh súil ar fhógraí preasa áitiúla agus www.GalwayCity.ie.

 

Tagaimis le chéile le haghaidh deireadh seachtaine nach ndéanfar dearmad uirthi ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig 2025—agus sinn ag tabhairt ómós don cheangal síoraí sin idir Muir & Cloch inár nGaillimh álainn. 

 

Molaimid do phobal a bheith ann luath agus taitneamh a bhaint as an lá iontach a bheidh ann do chách!