
D'óstáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe cruinniú iomlán dátheangach (Gaeilge/ Béarla) Dé Luain 10 Márta 2024 – an chéad chrinniú den sórt sin i stair na Comhairle. Aithnítear ag an gcruinniú an seasamh ar leith atá ag Gaillimh mar chathair dhátheangach agus Ghaeltachta, agus mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ag teacht le Seachtain na Gaeilge 2025, d'eascair an moladh do chruinniú dátheangach ón bhfochoiste polasaí straitéiseach nuabhunaithe don Ghaeilge i mí na Nollag 2024. Ba mhaith le 80% de dhaoine i nGaillimh níos mó Gaeilge a úsáid gach lá, de réir taighde atá déanta ag Gaillimh le Gaeilge.
Bhí ateangairí ar fáil trí fearas cinn ag chruinnithe na Comhairle i mí an Mhárta, agus bhí cáipéisí cruinnithe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Chuir roinnt comhairleoirí rúin chun cinn agus rinne siad ranníocaíochtaí as Gaeilge.
Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, "Tá dhá cheantar mhóra Ghaeltachta i gCathair na Gaillimhe i gCnoc na Cathrach agus an Bruach Thoir, chomh maith le a bheith in aice le Gaeltacht Chonamara. Bíonn ár dteanga dhúchais le cloisteáil go minic ar shráideanna Chathair na Gaillimhe, i gcaiféanna ar Shráid na Siopaí, i scoileanna agus i ngnólachtaí – is gné ar leith de Chathair na Gaillimhe í seo, agus cuireann sé brú orainn mar Chomhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ár dteanga dhúchais agus ár n-oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn."
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chathair na Gaillimhe, "In 2016, thug Uachtarán na linne, Micheál D. Ó hUigínn, onóir do Chathair na Gaillimhe mar chathair dhátheangach. Tionóladh cruinniú speisialta ag an am le mír amháin ar an gclár oibre go hiomlán as Gaeilge. Is deis iontach é an cruinniú iomlán dátheangach seo chun Gaillimh a chur os comhair an phobail mar chathair dhátheangach agus ár dtiomantas don teanga. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid ár ndícheall seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge sna blianta amach romhainn. Ba mhaith linn go mbraithfeadh cainteoirí Gaeilge go bhfuil siad san áireamh agus go gcuirfear fáilte rompu i gCathair na Gaillimhe, agus tá sé seo ar cheann de na céimeanna iomadúla atá á nglacadh againn chun dul i ngleic leis sin."
Tá ceithre Scéim Teanga i gCathair na Gaillimhe idir 2006-2022. Ó cuireadh tús leis na pleananna teanga in 2006, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do sheirbhís trí Ghaeilge a sholáthar ar an bhfón agus go pearsanta, le tionscnaimh lena n-áirítear fógraíocht dhátheangach, preaseisiúintí, suíomh gréasáin, comhairliúchán agus ábhar bolscaireachta; Ranganna Gaeilge agus oiliúint don fhoireann agus do Chomhaltaí Tofa; agus tacaíocht do thionscnaimh a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa phobal, lena n-áirítear maoiniú a chur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge agus d'fhéile dhátheangach Tonnta le déanaí.
Tá na Scéimeanna Gaeilge anois faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, a chuireann ceangal ar gach comhlacht poiblí seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil ar comhchéim leis an mBéarla. I measc na ndualgas a bhí orthu le déanaí, tá an riachtanas go bhfoilseofaí ar a laghad 20% den fhógraíocht go dátheangach, agus go mbeadh ar a laghad 5% den fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas ar gach eagraíocht san earnáil phoiblí 20% den fhoireann a bheith inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh na tionscnaimh seo chun tacú leis an nGaeilge – do chainteoirí dúchais, dóibh siúd atá ag foghlaim na teanga, agus don 2mhilliún turasóir a thugann cuairt ar Ghaillimh gach bliain chun meas agus blaiseadh a fháil dár gcultúr.