Tá suíomh gréasáin nua seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tseachtain seo. Tógtha ar an ardán láidir agus solúbtha LocalGov Drupal, cuireann an suíomh gréasáin nua comhéadan nua-aimseartha, éasca le húsáid ar fáil le gnéithe nascleanúna agus inrochtaineachta feabhsaithe.
Is córas bainistíochta ábhair foinse oscailte é LocalGov Drupal a forbraíodh go sonrach do chomhairlí áitiúla. Tá sé cruthaithe agus á chothabháil ag pobal forbróirí, dearthóirí ábhair agus ceannairí digiteacha ó chomhairlí ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe. Soláthraíonn an t-ardán seo an tsaoirse, an tsolúbthacht agus an tacaíocht phobail a theastaíonn ó fhoirne gréasáin chun seirbhísí digiteacha ardchaighdeáin a sholáthar.
Le 70% de chuairteoirí suímh ag teacht ar GalwayCity.ie ar ghléasanna móibíleacha, tá an suíomh gréasáin nua deartha ar bhonn 'móibíleach ar dtús' - rud a chiallaíonn go bhfuil sé deartha chun oibriú go han-mhaith ar ghléasanna móibíleacha, le leagan amach leathanaigh formáidithe go huathoibríoch chun ailíniú le méid an scáileáin gutháin chliste.
Tá an suíomh gréasáin nua tógtha le hinrochtaineacht san áireamh, agus tá WCAG 2.1 AA comhlíontach. Tá leaganacha Gaeilge/ Béarla ar fáil, le feidhmiúlacht bhreise lena n-áirítear féilirí imeachtaí, clibeáil éifeachtach míreanna chun cuardaigh a fheabhsú agus cloí go hiomlán le Catalóg Seirbhíse na hÉireann.
Ag labhairt faoin suíomh nua, dúirt Elaine Naughton, Ceann TFC, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "I gcomhréir le polasaí 'Digiteach de réir réamhshocraithe' an Rialtais agus leis an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach agus TFC 2030 don rialtas áitiúil, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair go gníomhach chun níos mó seirbhísí a sholáthar go héifeachtach dár gcustaiméirí trí úsáid a bhaint as ardáin teicneolaíochta agus dhigiteacha. Léirigh anailísíocht ar an sean-suíomh gréasáin nach bhfuil claonadh ag formhór mór na ndaoine a fhaigheann rochtain ar GalwayCity.ie an suíomh a bhrabhsáil. Ina áit sin, tagann siad isteach trí chuardaigh ghréasáin, ag lorg rud éigin ar leith is mian leo a dhéanamh nó a fháil amach faoi. Le seoladh an tsuímh nua, tugadh socrúchán tosaíochta do na míreanna is mó a bhfuil tóir ag daoine orthu, mar sin beidh úsáideoirí in ann an méid a theastaíonn uathu a fháil, chomh tapa agus is féidir, agus an suíomh anois ag scóráil go maith i luas leathanaigh, inrochtaineacht agus simplíocht."
Seoladh an suíomh gréasáin i mód 'béite', agus tugadh cuireadh don phobal aon earráidí, naisc bhriste nó ábhar as dáta a thuairisciú. Tá seoladh iomlán beartaithe i mí na Nollag 2024.