Seachtain um Chuimsiú Sóisialta Cathair na Gaillimhe ón 21 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2024

Social Inclusion

Bíonn an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta ar siúl i gCathair na Gaillimhe ón 21 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2024.
Is é an téama do Sheachtain um Chuimsiú Sóisialta na bliana seo ná ‘Díreach Nóiméad Foighne’ mar go mbíonn beagán níos mó foighne agus tuisceana ag teastáil ó dhaoine uaireanta chun páirt a ghlacadh ar an mbealach céanna le gach duine eile. 

Is ceiliúradh í an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta ar rannpháirtíocht, ar chomhionannas agus ar chuimsiú agus is deis iontach í chun feasacht a ardú faoin sár-obair uilechuimsitheachta atá á déanamh ag grúpaí agus eagraíochtaí áitiúla i gCathair na Gaillimhe.

Doiciméad

Sceideal Imeachtaí don tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2024_.pdf ( PDF , 116.79KB )