Eagrán 20: Anne Quinn – Maor Scoile
San eagrán seo, cloistear ó Mhaor Scoile atá beagnach leathchéad bliain ag tabhairt aire do ghasúir i gCathair na Gaillimhe.
Tá Anne Quinn ina Maor Scoile in oirthear Chathair na Gaillimhe.
Is í Anne an maor is faide atá ag fónamh sa chathair seo agus 48 bliain caite aici ag treorú na ndaoine is mó a bheadh i mbaol ar an mbóthar agus iad ag freastal na scoile.
Tráchtann Anne ar a cuid oibre, na nithe is mó a thaitníonn léi faoin gcúram agus faoin athrú atá tagtha ar nós an duine ar an mbóthar ó thosaigh sise ag faire na ngasúr agus iad ag dul idir an scoil agus an baile.
Is féidir cluas a thabhairt don tsraith cibé modh a dtapaíonn tú ábhar podchraoltóireachta nó sruthchraoladh a dhéanamh ar GalwayCity.ie/Podcast