Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe aip ‘Galway City Parking’ a sheoladh chomh maith le seift íocaíochta ar líne, ionas gur éasca agus gur furasta do dhaoine a chónaíonn sa chathair, a oibríonn inti nó a thugann cuairt uirthi, íoc ar pháirceáil i gCathair na Gaillimhe.
Is féidir le lucht carranna íoc ar pháirceáil le taobh sráide agus i gcarrchlós de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sa suíochán tiomána leis an aip ‘Galway City Parking’, nó ar www.GalwayCityParking.ie
Tá rogha modhanna íocaíochta anois ag lucht carranna i gCathair na Gaillimhe:
- Íoc ar Aip – íoslódáil an aip ‘Galway City Parking’ ón siopa aipeanna a úsáideann tú de ghnáth agus íoc le cárta dochair nó cárta creidmheasa;
- Íoc ar Líne – íoc le cárta dochair nó cárta creidmheasa ar www.GalwayCityParking.ie;
- Íoc ar an bhFón – glaoigh ar 0818 300 161;
- Ionad Miondíolacháin Payzone – íoc le hairgead tirim nó le cárta i gceann den 34 ionad miondíolacháin i gCathair na Gaillimhe;
- Meaisín Íoc agus Taispeáin – íoc le hairgead tirim ag ceann den 90 meaisín sráide Í&T.
Ní ghearrtar aon táille as an aip Galway City Parking ná www.GalwayCityParking.ie a úsáid le híoc ar pháirceáil agus níl aon athrú déanta ar na táillí páirceála.
Deir Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Beidh sé níos furasta ag tiománaithe páirceáil i gCathair na Gaillimhe tar éis íocaíocht ar líne agus íocaíocht ar aip a thabhairt isteach. Is beart é seo freisin lena laghdófar an costas a ghabhann le hairgead tirim a bhailiú agus le hobair chothabhála ar threalamh, rud a bheidh níos éifeachtúla ag an údarás áitiúil. Beidh glacadh i gcónaí, mar cheann de réimse roghanna éagsúla íocaíochta, le hairgead tirim ag 34 ionad miondíolacháin Payzone sa chathair agus ag 90 meaisín Íoc & Taispeáin. Is gné amháin íocaíocht ar aip agus ar líne don pháirceáil den chlár oibre maidir le Rialtas Idircheangailte 2030 ionas go mbíonn níos mó seirbhísí ar fáil ar líne ag an bpobal.”
Oibrítear an aip Galway City Parking agus www.GalwayCityParking.ie i gcomhar le ParkMagic agus Payzone.
Ag trácht dó ar an seoladh, luaigh Kealan Fitzgerald, Bainisteoir Táirge ParkMagic le Payzone Ireland an ríméad atá orthu faoin láthair nua seo: “Is cúis mhóráthais againn oibriú i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe le córas páirceála gan airgead tirim a thabhairt isteach sa cheantar seo. Páirceáil a bheith chomh háisiúil agus chomh héifeachtach agus is féidir a bhíonn de chuspóir againne. Is mian le Payzone go mbeadh gach lá níos furasta ná a bheadh dár n-uireasa.”
Is féidir le custaiméir íoc ar an bpáirceáil ar bhonn aon bhabhta amháin, nó mar dhuine a bhfuil cuntas aige.
Beidh Cúnamh don Chustaiméir ar fáil ar 0818 300 161 nó ar Parking@Payzone.ie ag duine ar bith den lucht úsáide a mbíonn deacracht aige le híocaíocht nó leis an aip.
Tá tuilleadh eolais agus Ceisteanna Coitianta ar fáil ar www.GalwayCityParking.ie
Tá ionaid pháirceála Chathair na Gaillimhe ar fáil anois freisin ar aip Payzone nó aip Park Magic ag daoine a bhfuil na haipeanna sin in úsáid acu cheana féin. Tugtar chun aire go mbeidh táillí rialta de-réir-na-húsáide nó táille in aghaidh na míosa á ngearradh mar is gnáth.